Sárfhoireann Mheiriceá le bualadh ag Sasana más leo áit a fháil i gcluiche ceannais den chéad uair

Casfaidh Sasana agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar a chéile anocht sa chéad chluiche leathcheannais ag Corn an Domhain na mBan sa bhFrainc

Sárfhoireann Mheiriceá le bualadh ag Sasana más leo áit a fháil i gcluiche ceannais den chéad uair

Sasana v Stáit Aontaithe Mheiriceá
Lyon, 8.00pm

Imreofar an chéad chluiche i mbabhta leathcheannais Chorn an Domhain na mBan anocht nuair a thabharfaidh Sasana aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba iad na Meiriceánaigh rogha na n-údar roimh thús an chomórtais agus níl aon chúis go n-athródh aon duine a n-intinn anois.

Tháinig Meiriceá amach as Grúpa F gan aon stró tar éis dóibh a dtrí chluiche a bhuachan, bua 13-0 ar an Téalainn san áireamh. Bhí dúshlán níos mó rompu sa bhabhta ceathrú ceannais ach tháinig siad slán ó chluiche crua in aghaidh an Fraince Dé hAoine seo caite. Bua 2-1 a bhí ag na Meiriceánaigh, agus dhá chúl aimsithe ag laoch na foirne, Megan Rapinoe.

D’aimsigh Rapinoe dhá chúl i gcoinne na Spáinne chomh maith agus cé nach bhfuil cúl scóráilte ag tosach eile Mheiriceá Alex Morgan ón gcéad chluiche i gcoinne na Téalainne, tá an beart á dhéanamh ag Rapinoe dóibh.

Beidh an-mhisneach ag na Sasanaigh chomh maith tar éis dóibh taispeántas iontach a thabhairt i gcoinne na hIorua sa bhabhta ceathrú ceannais. Bhí Sasana i gceannas ó thús go deireadh sa chluiche sin agus ba é an taispeántas ab fhearr a thug siad uathu go dtí seo ag an gcomórtas.

Tá na Sasanaigh ag iarraidh cluiche ceannais Chorn an Domhain a bhaint amach den chéad uair riamh agus beidh siad ag súil le taispeántas  maith eile ón tosach Ellen White. Tá White ar dhuine de phríomhscórálaithe an chomórtais go dtí seo agus cúig chúl scóráilte aici i gceithre chluiche.

Beidh súil acu chomh maith go mbeidh Nikita Parris agus Lucy Bronze chomh maith agus a bhí siad sa chluiche i gcoinne na hIorua. Bhí an beirt ar fheabhas ar thaobh na láimhe deise do Shasana agus más le foireann Phil Neville an ceann is fearr a fháil ar na Meiriceánaigh, caithfidh Parris agus Bronze a bheith i mbarr a maitheasa.

Mar sin féin is mór an dúshlán atá roimh fhoireann Shasana anocht. Níl ach dhá chúl géillte ag na Meiriceánaigh go dtí seo sa chomórtas agus bua gan choinne a bheadh ann dá gcuirfí stop leo anocht.

Fág freagra ar 'Sárfhoireann Mheiriceá le bualadh ag Sasana más leo áit a fháil i gcluiche ceannais den chéad uair'