Saraíonn an inchuimsitheacht an intuigtheacht uaireanta i leabhar faoi bheirt fhilí Gaeilge

Tá anailís chuimsitheach déanta i leabhar nua ar shaothar bheirt de mhórscríbhneoirí ár linne, Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh

Saraíonn an inchuimsitheacht an intuigtheacht uaireanta i leabhar faoi bheirt fhilí Gaeilge

Teanga don Tost – Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht
Seán Mac Risteaird
Foilsithe ag Arlen House

Is ‘ait’ an mac an saol (maith dom an t-imeartas focal – mura dtuigeann tú an t-imeartas focal, is gearr go dtuigfidh.)

Bhí Micheál Ó Conghaile ar an gcéad scríbhneoir Gaeilge a casadh orm riamh, leabhair agus dlúthcheirníní Chló Iar-Chonnacht á ndíol aige le heachtrannaigh cosúil liom féin a bhí ag freastal ar chúrsa samhraidh Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Cúpla mí ina dhiaidh sin – 1995 a bhí ann – bhí Cathal Ó Searcaigh ar an dara scríbhneoir Gaeilge a casadh orm, agus mé ag freastal ar cheardlann scríbhneoireachta a bhí á tabhairt aige sin in Ollscoil na Gaillimhe.

Is beag a shíl mé ag an am (ní raibh ach dhá bhliain ann ó bhí cosc ar an ngrá comhghnéis in Éirinn) go léifinn leabhar lá breá éigin a dhéanfadh cíoradh agus ceiliúradh ar shaothar na beirte scríbhneoirí Gaeltachta sin, beirt a réitigh an bealach don ghlúin scríbhneoirí Gaeilge aeracha, leispiacha, déghnéasacha agus araile lena mbainim féin, leabhar a bhainfeadh úsáid as teoiric na haiteachta. Bhuel, is dócha nach raibh cloiste ag mórán faoin ‘aiteacht’ thiar sna 1990idí: bhí an focal ‘aerach’ féin fós ag dul isteach sa chaint.

Ach seo chugainn Teanga don Tost – Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht le Seán Mac Risteaird, foilsithe ag Arlen House.

Céard í an aiteacht? Ná cuir ceist ormsa, cé gur duine aiteach mé de réir dealraimh, agus áitíonn an dara líne sa leabhar seo ‘nach éasca an ní é sainmhíniú beacht néata a chur inár láthair don téarma “aiteach”.’

Mar sin féin is é bunchuspóir an leabhair seo ‘an aiteacht féin a cheistiú, a shintéisiú, agus a fhorbairt mar fhearas critice chun saothar Mhichíl Uí Chonghaile agus Chathail Uí Shearcaigh a léamh agus a iniúchadh,’ agus by Dad, déantar sin.

Ná bíodh dul amú ar éinne: leabhar acadúil é seo – leabhar, go deimhin, a thugann an nath cainte úd ‘Gaeilge na leabhar’ chuig leibhéal úrnua ar fad. Tá an nach mór 400 leathanach breac le téarmaí ar nós ‘cumarphointe cultúrtha’, ‘léirithe inscní stíle athdhéanta’, ‘soirbhíochas cruálach’ agus ‘taibhiú inscne’, agus is maith an rud é go bhfuil gluais ag deireadh an leabhair.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní hiad na téarmaí féin amháin a bhainfeadh tuisle asat uaireanta ach an chaoi a láimhseáiltear iad: sa leabhar seo, ‘coinnítear noirm ar an mbóthar ceart’, ‘ceistítear goirt’ agus cuirtear na goirt chéanna ‘trí shúil na haiteachta’ agus in amanta mhothaigh an léitheoir seo mar a bheadh caora ann (ní bhacfaidh mé leis an imeartas focal a dhéanfadh ‘aitiú’ ar an ainmhí bocht sin), ag stánadh, béal ar leathadh, ar fhear léinn a bheadh ag iarraidh oideachas a chur ar an tréad.

Ní ar údar an leabhair an locht ar fad faoin mearbhall téarmaíochta agus comhréire sin, gan dabht. Mar scríbhneoir a mbíonn air téarmaí ar nós ‘de dhath’ agus ‘daoine a ndearnadh sclábhaithe astu’ a ionramháil go minic is maith a thuigim féin na dúshláin a bhíonn roimh an té a dteastódh uaidh cloí le téarmaíocht inghlactha an lae. Feictear dom áfach gur seánra í an chritic aiteach a ‘aitíonn’ pé teanga ina mbítear a scríobh chomh mór sin – inchuimsitheacht thar intuigtheacht an sprioc is cosúil – go mbíonn an toradh chóir a bheith doléite. Sampla beag ón mBéarla, saothar le Corie J. Hammers a ndearnadh tagairt dó sa téacs: Making Space for an Agentic Sexuality? The Examination of a Lesbian/Queer Bathhouse. Aitiú déanta sa teideal sin ar an bponcaíocht fiú amháin, agus tá mé ag ceapadh go dtiocfaidh an comhartha ceiste sin idir mé agus codladh na hoíche anocht.

Tuigim gur leabhar acadúil atá in Teanga don Tost agus go gcaithfear cloí le gnásanna agus laincisí seánra, ach mar dhuine ar spéis leis litríocht na Gaeilge chomh maith le cás mo leithéidí féin sa litríocht chéanna, chuirfinn fáilte roimh leagan níos soléite den saothar seo, leagan don phobal, deirimis – do phobal LADT+, aerach, aiteach, nó cibé céard a theastódh uait a thabhairt orainn i nGaeilge, agus go deimhin do phobal na Gaeilge ina iomláine.

Focal scoir. Tá dhá aguisín ag deireadh an tsaothair seo, dhá mhóragallaimh a chuir an t-údar féin ar Mhicheál Ó Conghaile agus ar Chathal Ó Searcaigh, agus b’fhiú an leabhar seo a cheannach díreach ar mhaithe leis na píosaí sin, ina labhraíonn Ó Conghaile agus Ó Searcaigh go hoscailte ní hamháin faoina gclaonadh gnéis agus an tionchar a bhí aige sin ar a gcuid scríbhneoireachta, ach faoi cheird na scríbhneoireachta féin, agus faoi ábhair fíorshuimiúla eile lena chois. Tá pobal na Gaeilge ar fad faoi chomaoin ag Seán Mac Risteaird ní hamháin as an anailís chuimsitheach sa leabhar seo ar shaothar bheirt de mhórscríbhneoirí ár linne, ach as na hagallaimh sin, atá ar na cinn is grinne, is doimhne agus is tuisceanaídár cuireadh ar Mhicheál agus ar Chathal riamh.

Fág freagra ar 'Saraíonn an inchuimsitheacht an intuigtheacht uaireanta i leabhar faoi bheirt fhilí Gaeilge'

  • Srocha de Brún

    Ní thuigim an léirmheas seo. Deir Alex go bhfuil an leabhar beagnach doléite agus nach bhfuil mórán substainte ann laistiar den phrós ornáideach casta. Ansin deir sé go bhfuil pobal na Gaeilge go mór ‘faoi chomaoin’ ag an údar? Tá an chuma air go ndearna Alex iarracht léirmheas macánta a scríobh ach gur chúlaigh sé siar ón méid a bhí ráite aige i dtreo an deiridh toisc nach mian leis an t-údar a mhaslú.