Saothar cumasach suimiúil ar thréimhse neamh-mheabhrach na géarleanúna caillí

Is íorónta agus is oiriúnach an mhaise é gur seoladh saothar nua le Puala Kehoe Lá Idirnáisiúnta na mBan

Saothar cumasach suimiúil ar thréimhse neamh-mheabhrach na géarleanúna caillí

Cuireadh ina leith go mbídís ag cur mallachtaí ar dhaoine, i mbun gníomhartha fill, ag íobairt leanaí nuabheirthe, ag ithe leanaí nuabheirthe, i bpáirt leis an diabhal, ag tabhairt faoi fhleánna craicinn agus gníomhartha danartha eile nach iad. Cé hiad féin? Cailleach, gan amhras, nó witches an Bhéarla.

Sa tsraith sé chlár An Diabhal Inti (TG4 , Dé Máirt) déanfaidh Paula Kehoe iarracht éachtaint a thabhairt ar an neamh-mheabhair agus an bharbarthacht a bhain leis an ngéarleanúint ar chailleacha ón gcúigiú haois déag go dtí an ochtú haois déag. 

Maraíodh tuairim is 50,000 míle duine go brúidiúil i dtréimhse seo na neamh-mheabhrach. Insíodh dúinn go raibh iliomad cúiseanna leis an ngéarleanúint a deineadh ar mhná (agus fearaibh uaireanta chomh maith). Bhí baint ag cúrsaí eacnamaíochta, aicme, athruithe timpeallachta agus uirbithe leis an gcúram. 

Is cinnte, áfach go raibh cúrsaí inscne ina lár istigh; an faitíos roimh ghnéasacht na mban a bhí fréamhaithe sa Chríostaíocht. Sna blianta tosaigh ba í an Eaglais a bhí ar thosach cadhnaíochta sa ghéarleanúint ach i ndiaidh do thíortha dlíthe a achtú ba iad na húdaráis thuata a bhí i mbun an chúraim. 

Thugas suntas dó gur meabhraíodh dúinn go minic i gcaitheamh an chéad ghála go raibh an ghéarleanúint ar chailleacha neamhchoitianta go maith in Éirinn. Go deimhin ní dóigh liom féin go dtugann an focal “cailleach” leis na tuiscintí céanna atá ag an bhfocal Béarla. Is amhlaidh atá dar liom leis na focail witchcraft agus witch-hunt.

Ní raibh na cleachtais agus tuiscintí sin sa chultúr Gaelach agus dá bharr níl na focail sa teanga. Ba bhreá liom paiste cainte ó shaineolaí ar an ábhar. Sin an chúis b’fhéidir go n-úsáideann an scéalaí agus aíonna a bhfuil Gaeilge acu an focal Béarla seachas cailleach na Gaeilge.

Ar an ábhar céanna meabhraíodh dúinn gur bhain an dá chás ó Éirinn atá faoi chaibidil sa chlár seo leis an bpobal agus an cultúr Angla-Normannach. An chéad cheann acu sin ná Alice Kyteler ó bhaile Angla-Normanach Chill Chainnigh, bean ar deineadh géarleanúint uirthi i 1324. Is é sin ceann de na cásanna is luaithe a bhfuil cuntas againn air ní hamháin in Éirinn ach san Eoraip.

I ndeireadh na dála d’éirigh léi na cosa a thabhairt léir cé gur cuireadh daoine a bhain léi chun báis. Ina dhiaidh sin deineadh cíoradh ar chás Florence Newton i 1661. Tharla sé seo i bpobal Piúratánach in Eochaill agus cuireadh i leith Florence gur chuir sí bean óg faoi dhraíocht agus gur mharaigh sí garda príosúin trí phóg láimhe. 

Déanann meitheal bhreá de chloigne cainte scolártha sinn a threorú tríd na scéalta agus na comhthéacsanna stairiúla seo. Bhí tuairim is leath acu ag labhairt i nGaeilge is ionchur breá ó leithéidí an Dr. Niall Ó Cíosáin, Michelle Nic Pháidín agus Séamas Mac Annaidh. Dhein an reacaire Niamh Learmont a cúram go paiteanta. 

Bhí Olwen Fouéré agus Aoife McAtamney le feiscint i míreanna ealaíonta athchruthaithe agus d’éirigh leo atmaisféar tuarúil a chruthú.

Saothar cumasach, suimiúil. Is íorónta agus is oiriúnach an mhaise é gur seoladh an saothar Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Fág freagra ar 'Saothar cumasach suimiúil ar thréimhse neamh-mheabhrach na géarleanúna caillí'