‘Saoirse’, ‘Deirdre’ agus ‘Niamh’ ar liosta nua ainmneacha stoirmeacha Met Éireann agus Met na Breataine

Roghnaíonn Met Éireann agus Met na Breataine liosta ainmneacha le chéile gach bliain a mbaintear úsáid as de réir mar a thagann stoirmeacha chugainn

‘Saoirse’, ‘Deirdre’ agus ‘Niamh’ ar liosta nua ainmneacha stoirmeacha Met Éireann agus Met na Breataine

Tá trí cinn d’ainmneacha Gaeilge ar an liosta ainmneacha stoirmeacha a mbeidh Met Éireann agus Met na Breataine ag tarraingt air an geimhreadh seo – Saoirse, Deirdre agus Niamh.

Roghnaíonn Met Éireann agus Met na Breataine liosta ainmneacha le chéile gach bliain a mbaintear úsáid as de réir mar a thagann stoirmeacha chugainn.

Mar sin, ag brath ar líon na stoirmeacha atá romhainn amach, d’fhéadfadh go mbeidh lucht aimsire na hÉireann agus na Breataine ag trácht an geimhreadh seo ar stoirm ‘Saoirse’, stoirm ‘Deirdre’ agus stoirm ‘Niamh’. 21 ainm ar fad atá ar liosta 2018-2019 a fógraíodh ag meán oíche.

Reáchtáil Met Éireann pobalbhreith ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine agus moltaí á lorg ón phobal acu d’ainm baineann i nGaeilge a thosaíonn leis an litir ‘S’.

As na ceithre rogha a thug Met Éireann ar na meáin shóisialta, ba é an t-ainm ‘Saoirse’ is mó a thaitin le daoine a thug freagra ar an suirbhé. Ba iad ‘Sadhbh’, Siobhan (Siobhán) agus Sinead (Sinéad) na hainmneacha eile.

Thug daoine ar na meáin shóisialta le fios gur bhreá leo go dtabharfaí ainm Gaeilge ar stoirm ar mhaithe le deacrachtaí foghraíochta a chruthú do lucht na haimsire sa Bhreatain, ach dúirt Evelyn Cusack le Tuairisc.ie go ndéantar iarracht i gcónaí ainmneacha a roghnú ar furasta do dhaoine ó thíortha eile iad a fhoghrú.

Seo an ceathrú bliain ag Met Éireann liosta ainmneacha do stoirmeacha a chur le chéile i gcomhpháirt le hOifig Met na Breataine.

In 2015, reáchtáil an dá oifig feachtas ar na meáin shóisialta chun moltaí á fháil ón phobal d’ainmneacha stoirmeacha. Mhol daoine thall agus abhus breis agus 10,000 ainm an tráth sin agus táthar ag tarraingt ar an mbunachar ainmneacha sin ó shin.

De réir mar a thagann stoirmeacha chun cinn, ainmnítear iad de réir na n-ainmneacha ar liosta na n-oifigí meitéareolaíochta ag tosú le hainm a thosaíonn le ‘A’.

An chéad stoirm mhór eile a thiocfaidh an bealach i mbliana ainm fireann a thosaíonn le ‘A’ a thabharfar uirthi agus ainm baineann a thosaíonn le ‘B’ a thabharfar ar an chéad cheann eile ina dhiaidh sin. Mar sin, bunaithe ar an liosta nua, ‘Stoirm Ali’ is túisce a bheidh chugainn. ‘Deirdre’ a bheadh ar an gcéad ainm Gaeilge a roghnófaí, ach d’fhéadfadh stoirm eie le hainm Éireannach a bheith romhainn roimhe sin agus an t-ainm ‘Bronagh’ roghnaithe ag Met Éireann chomh maith.

 

Fág freagra ar '‘Saoirse’, ‘Deirdre’ agus ‘Niamh’ ar liosta nua ainmneacha stoirmeacha Met Éireann agus Met na Breataine'