Saghas shy tory é, poster boy don sledging, lunster den tsórt is measa…

Tá a lán bearnaí le líonadh sa nuathéarmaíocht, a deir ár gcolúnaí, atá ag iarraidh bhur gcabhair an tseachtain seo le roinnt bheag de na béarnaí sin a líonadh

 

Cartún Lunster cropped

sledging go mór sa nuacht le seachtain. Go deimhin, bhí alt an-bhreá ag Mártan Ó Ciardha ar an nuachtán seo mar gheall ar an ealaín chéanna. B’ait leat nach bhfuil ainm Gaeilge ar an ghné lárnach seo de na cluichí Gaelacha. Thug Mártan iarraidh air:

‘Cladhaireacht’ an rud is túisce a ritheann liom féin, ach ar ndóigh theastódh téarma i bhfad níos sainiúla ná sin.’

Mo léan, níl ar tearma.ie ach ‘sleamhnánú’ – caitheamh aimsire neamhurchóideach go leor.

Ná ceaptar gur ag lochtú na dtéarmeolaithe atá mé; ní féidir coinneáil bord ar bord le riachtanais pobal teanga, go háirithe nuair is casadh nua i gcultúr nó i bpolaitíocht tíre atá i gceist. Ní luaithe a fhoilsítear liosta téarmaí ná go bhfuil ciall nua lena lán acu: dá mba mhian leat a rá go bhfuil Enda Kenny ina poster boy le haghaidh polasaithe déine san Aontas Eorpach, b’fhearr duit gan glacadh leis an iontráil ógfhear cuidsúlach.

Níl a fhios agam an eol do dhaoine go bhfuil deiseanna acu tionchar a imirt ar obair na téarmaíochta. Féach, mar shampla, an fhoirm iarratais atá ar tearma.ie. An té nach n-aimseodh ainmneacha Gaeilge ar sledging (sa chiall CLG) ná poster boy (i gciall Enda Kenny), mholfainn dó an fhoirm iarratais a úsáid le cur in iúl do na téarmeolaithe go bhfuil bearna le líonadh. Ní hamháin sin, ach féadann úsáideoirí a leagan Gaeilge féin a mholadh agus a mhíniú.

An chéad chéim ná an coincheap agus an comhthéacs ina n-úsáidtear an focal a mhíniú. Is téarma spóirt é sledging, i.e. díspeagadh nó masla cainte a bhfuil sé de chuspóir aige imreoirí na foirne eile a spréachadh nó a chur dá mbuille. B’iontach liom, dála an scéil, gur i measc lucht cruicéid a tháinig an bhligeardacht seo ar an fhód (nó ar an fhaiche). Cluiche chomh séimh is chomh síodúil leis! Cluiche Sasanach fosta, agus seans gur mar gheall air sin nach bhfuil iomrá ar sledging ar thaobh an Bhéarla de na foclóirí dátheangacha Eorpacha. Is trua sin, nó is furasta do lucht ceaptha téarmaí dul in abar san fhocal Béarla; ní hannamh a bhíonn slí éalaithe sa fhriotal a d’aimsigh pobail teanga eile chun an coincheap a chur in iúl. Féach, mar shampla, an meascán bocht ainmneacha Gaeilge a bhí ar fireworks (‘gréas-soilse’, ‘il-tinte’, ‘obair thine’) sular socraíodh ar ‘tinte ealaíne’ ar mhúnla feux d’artifice.

Níl ‘cabhair choigríche’ le fáil i gcás sledging, faraor, agus caithfear leagan a mholadh de réir an tsainmhínithe thuas. Le fírinne, níl caill ar ‘cladhaireacht’ nó ‘cladhaireacht chainte’ nó tá an dá bhrí le ‘cladhaire’ (1) meatachán agus (2) bithiúnach. Focail a rith liom féin ná goineog agus goineogacht. Nuair is fearg a chur ar imreoir atá i gceist, ba dheacair saighdeadh a shárú.

B’fhéidir go mbeadh moltaí níos fearr ag léitheoirí Friotal ar sledging agus ar poster boy. Agus, le nach mbeidh sibh díomhaoin, seo thíos trí cinn eile de théarmaí cultúrtha nár cuireadh Gaeilge orthu riamh, go bhfios dom. Gheofar sainmhíniú ach cliceáil ar an fhocal féin. Freagraí sa bhosca nótaí tráchta, mar is gnách.

1. Shy Tory

2. Lunster

3. Digital detox

Fág freagra ar 'Saghas shy tory é, poster boy don sledging, lunster den tsórt is measa…'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    1) Caomhach cúthail
    2) Cúl le cúige
    3) Tréanas teicneolaíochta

    Ach n’fheadar an aithris ar modh is fearr; is fearr go dtiocfadh téarmaí mar seo as an allagar.

  • Fear Galltachta

    1. ‘Toraí cúthail’ (focal gan fhilíocht ná cheol is ea ‘shy Tory’, mar gheall ar san ceapaim go n-oireann aistriúchán ‘focal ar fhocal’)

    2. ‘Maighneach’ (deacair go leor, ach is dóigh liom gurb é úsáid an ‘M’ an tslí is soiléire le Muimhneachas i measc na Laighnigh a chur in iúil)

    3. ‘Díthreabh dhigiteach’ NÓ ‘díseart digiteach’ (Tá ‘Ghaeltacht Dhigiteach’ againn cheana féin agus is é a uaim an rud is ansa atá ag an bhfocal “digital detox”.)

  • Declan Fitzpatrick

    1. ‘ Tacadóir balbh’ le haghaidh ‘Shy Tory’

  • philip

    1. Toraí faoi thalamh … ach tá ciall bhreise agamsa leis sin!

    Agus nach ón fhocal ‘slagging/slegging’ a tháinig ‘sledging’?

  • Seán

    tóraí tláith