Ruathar ar dhaingean deireanach Mariupol curtha ar ceal ag Putin

D’ordaigh Uachtarán na Rúise dá thrúpaí monarcha cruach Azovstal a chur faoi imshuí ionas nach bhféadfadh ‘fiú cuileog’ éalú as

Ruathar ar dhaingean deireanach Mariupol curtha ar ceal ag Putin

Tá ordú tugtha ag Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, dá chuid trúpaí gan ruathar a dhéanamh ar mhonarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa troid ar son Mariupol.

Dúirt Putin nach mbeadh a leithéid de ruathar “praiticiúil”.

Ina áit sin, d’ordaigh sé dá thrúpaí an monarcha a chur faoi imshuí ionas nach bhféadfadh “fiú cuileog” éalú as.

Mhaígh Putin go raibh an Rúis anois i gceannas ar an gcathair chalafoirt sa deisceart atá faoi léigear ó thús an ionraidh.

Dúirt aire cosanta na Rúise, Sergei Shoigu, áfach, go dtógfadh sé seachtain eile an lámh in uachtar a fháil ar an 2,000 saighdiúir de chuid na hÚcráine atá sa mhonarcha.

Bheadh Mariupol ar an gcathair is mó atá gafa ag an Rúis ó cuireadh tús leis an ionradh ocht seachtaine ó shin.

Tá an Rúis ag súil bealach ar tír a fháil idir an Chrimé agus an t-oirthear ach an chonstaic is mó atá rompu san obair sin ná an chosaint dhiongbháilte atá déanta ag an Úcráin ar Mariupol.

Níor tugadh slán as an gcathair threascartha inné oiread daoine is a bhíothas ag súil leis.

Dúirt gobharnóir Donetsk, Pavlo Kyrylenko, nár éirigh le hoiread busanna is a bhíothas ag súil leis Mariupol a bhaint amach chun mná, páistí agus daoine críonna a thabhairt slán.

Bhí súil ag údaráis na hÚcráine 6,000 sibhialtach a thabhairt slán trí chonair dhaonnúil i 90 bus a rachadh go dtí Zaporizhzhia trí Berdyansk, ach i bhfad níos lú daoine ná sin a tugadh slán.

Idir an dá linn tá troid fhíochmhar ar siúl i gcónaí ar fhronta 300 míle in oirthear na tíre.

Tuairiscítear nach bhfuil aon dul chun cinn mór déanta go fóill ag an Rúis ina mórionsaí ar Donbas ach deirtear go bhfuil codanna de bhailte áirithe atá ar an líne thosaigh gafa acu.

 

Fág freagra ar 'Ruathar ar dhaingean deireanach Mariupol curtha ar ceal ag Putin'