Tá cáineadh láidir déanta ar Rialtas na Breataine as teachtaireacht ‘éigeandála’ a sheoladh go dtí fón gach duine sa Tuaisceart i mBéarla amháin.
Rinne Rialtas na Breataine tástáil Dé Domhnaigh ar fholáireamh éigeandála, áit a bhfuair gach duine sa Ríocht Aontaithe, teachtaireacht éigeandála ar a bhfón.
Bhí an chuid is mó den teachtaireacht i mBéarla ach ag bun na teachtaireachta bhí paragraf dátheangach ann, a threoraigh daoine chuig an eolas uilig, i mBéarla agus i mBreatnais.
Deir Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge, Pádraig Ó Tiarnaigh go n-ardaíonn ‘an foláireamh éigeandála’ ceisteanna faoin reachtaíocht teanga i leith na Gaeilge sa Tuaisceart.
Deir Ó Tiarnaigh, go bhfuil ceisteanna le freagairt faoin “difear sa reachtaíocht teanga” sa Tuaisceart agus sa Bhreatain Bheag.
Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil sé le moladh go raibh an teachtaireacht ar fáil i mBreatnais, ach gur sampla a bhí ann ar an “leithcheal leanúnach a dhéantar ar phobal na Gaeilge, ar easpa cearta teanga agus comhionannais”.
Tá “reachtaíocht cheart-bhunaithe” sa Bhreatain Bheag a chinntíonn go mbíonn “tromlach na seirbhísí poiblí” ón Stát, agus ó Rialtas na Breataine, ar fáil sa Bhreatnais, ach ní áirítear sa reachtaíocht nua teanga sa Tuaisceart na seirbhísí sin a thagann ó Rialtas na Breataine.
“Tá súil agam, agus an Coimisinéir nua Gaeilge ceaptha anseo, go ndéanfar moladh láithreach na croí-sheirbhísí sin a úsáideann muid gach lá a chur le liosta na n-údarás poiblí a thitfeas faoi na caighdeáin teanga nua seo atá ar na bacáin”, a dúirt sé.
Is ag tús 2020 a glacadh leis an chomhaontú New Decade New Approach [Ré Nua Cur Chuige Nua] inar gealladh na coimisinéirí teanga agus ba in 2022 a ritheadh an reachtaíocht chun oifig na gcoimisinéirí a bhunú.
Leagfaidh an Coimisinéir don Ghaeilge caighdeáin síos maidir le seirbhísí Gaeilge sa státchóras, cuirfidh an Coimisinéir comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid na teanga agus déanfaidh an Coimisinéir iniúchadh chomh maith ar ghearáin ón phobal faoi chomhlachtaí poiblí a theipeann i gcomhlíonadh a ndualgais.
Go dtí seo, níl duine ar bith ceaptha go hoifigiúil mar an chéad choimisinéir teanga don Ghaeilge ach tuairiscítear gurb é Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, an t-iarrthóir a roghnaíodh don ról.
Fág freagra ar 'Rogha Béarla nó Breatnais tugtha do mhuintir an Tuaiscirt i dteachtaireacht fóin ón rialtas'