‘Riachtanais tuaithe’ agus ‘ceangail tuaithe’ á scagadh ag comhairleoirí contae

Ar cheart daoine a threorú chun an bhaile mhóir mura bhfuil géarghá ann go mbeidís ina gcónaí amuigh faoin tír? Sin na díospóireacht atá ar siúl i gcomhairlí ar fud na tíre

‘Riachtanais tuaithe’ agus ‘ceangail tuaithe’ á scagadh ag comhairleoirí contae

‘Seachain saol na prochóige’ a deir Jim Cuddy. Is léir go bhfuil lorg na talún ar bhoinn a chuid bróg ag an gComhairleoir Contae, Jim Cuddy. Maigh Eoch ó dhúchas é Jim Cuddy atá ina chónaí i gcontae na Gaillimhe le fada an lá. Iarbhall den Gharda Síochána agus Gaeilgeoir paiteanta é.

Baineann an Comhairleoir Alistair McKinstry le cúlra eile. Caitheann sé a shaol oibre i réimse na hacadúlachta. Ball é den Chomhaontas Glas. Tá leagan amach eile aigesean ar an áit is córa do dhaoine a saol a chaitheamh – “in áit nach bhfuil ort ach 15 nóiméad siúil, ar a mhéid, a dhéanamh go dtí na seirbhísí riachtanacha”. 

Chuireadar beirt a gcuid tuairimí chun cinn go paiteanta ag ceann de na cruinnithe fadálacha atá ar bun ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair agus iad ag iarraidh bailchríoch a chur ar an bPlean Forbartha Contae 2022-2028. 

Tá dualgais dá leithéid ar Chomhairleoirí Contae ar fud na tíre le tamall; agus macasamhail dhíospóireachtaí na Gaillimhe ar bun ag go leor acu. 

An cheist, ar cheart daoine a threorú chun an bhaile mhóir mura bhfuil géarghá ann go mbeidís ina gcónaí amuigh faoin tír?

Sna Pleananna Forbartha Contae, a mbíonn feidhm leo ar feadh cúig bliana go hiondúil, a leagtar síos na bundintiúirí a bhaineann le cead pleanála. Bíonn an polasaí agus na rialacha a bhaineann le tithe aonair [astu féin] faoin tuath ar cheann de na hábhair is achrannaí a bhíonn le réiteach sa bPlean Contae agus is conspóidí ná riamh atá an t-ábhar sin faighte anois. 

Tá cúpla cúis leis sin: aird níos forleithne i gcuid mhór tíortha ar an timpeallacht, an bhéim mhór atá leagtha air ag an Aontas Eorpach, agus a phráinní is atá géarchéim na haeráide féin. 

Ar ndóigh nuair a thagann sé go leac an dorais, bíonn cruacheisteanna praiticiúla le réiteach. 

Labhair an Comhairleoir Jim Cuddy go neamhbhalbh an lá cheana. Bhí a thuairimí ag teacht le dearcadh fhormhór a chomhghleacaithe sa gComhairle Contae. Tá 39 comhairleoir ann agus is é Alistair McKinstry, atá ina chónaí i Maigh Cuilinn, an t-aon Chomhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais ina measc. 

Míníonn an Comhairleoir McKinstry gur féidir deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh carr ag teastáil sa teach má tá daoine i bhfoisceacht 15 nóiméad siúil do sheirbhísí. Déanann sin laghdú ar gháis á scaoileadh amach san aer agus ar thruailliú an atmaisféir. 

A mhalairt a tharlaíonn má bhíonn daoine ina gcónaí amuigh i mbailte fearainn i bhfad ó cheantar baile mór. Maíonn an Comhairleoir McKinstry freisin go mbeidh laghdú ollmhór ar an líon carranna amach anseo agus nach mbeidh fáil ag muintir na tuaithe ar charranna de réir mar a bheidís ag teastáil uathu amach anseo. 

Comhairleoir as deisceart na Gaillimhe í Geraldine O’Donohoe agus síleann sise go bhfuil leagan de ‘scéal chailleach an uafáis’ ag Comhairleoir an Chomhaontais Ghlais. “Beidh carranna againn faoi cheann 100 bliain,” a deir Geraldine O’Donohue. “Féach, tá muid ag forbairt bealaí eile leis an gcumhacht a theastaíonn a ghiniúint; níl sé thar acmhainn ná thar fhiontraíocht an chine dhaonna go mbainfí leas as foinsí eile le haghaidh a gcuid carranna agus bealaí taistil.”

Ach céard faoin bPlean Contae seo agus na rúibricí atá le daingniú ann idir seo agus an 12 Bealtaine, 2022. Ceist í seo atá thar a bheith tábhachtach i gConamara agus sa Ghaeltacht, áiteacha a bhfuil lonnaíocht mhór tuaithe iontu. 

Tá foclaíocht an Phlean Contae á cur anonn agus anall faoi láthair agus tá an Comhairleoir Séamus Breathnach – ball de bhord Údarás na Gaeltachta é freisin – ar dhuine de na Comhairleoirí is ábalta atá ag seasamh leis an saol traidisiúnta tuaithe. Creideann seisean go gcaithfidh Comhairleoirí a bheith an-airdeallach ag múnlú na bhfocal mar deir seisean go bhféadfadh sé go mbainfí brí nach bhfeilfeadh astu amach anseo “agus ní chun tairbhe a rachadh sé sin do dhaoine óga a bheadh ag iarraidh fanacht ina gceantar tuaithe féin,” a deir sé. Dhá fhrása Béarla (i mBéarla a dhéantar plé ar an bPlean Contae, den chuid is mó) “rural need” agus “rural links” atá go mór faoi chaibidil. 

Baineann na téarmaí seo leis na coinníollacha a leagfaí síos do dhuine a bheadh ag iarraidh cead pleanála faoin tuath. Chaithfeadh riachtanas tuaithe (‘rural need’) a bheith ag baint leis an iarratas sula dtabharfaí cead pleanála faoin tuath, de réir bhuncháipéisí an Phlean Contae i nGaillimh. 

Creideann an Comhairleoir Alistair McKinstry go bhfuil cás soiléir ann maidir le duine a bhfuil “riachtanas tuaithe” nó “rural need” ag baint lena iarratas ar theach tuaithe agus sin go mbeadh sí nó sé ag feilméaracht. 

Tá go leor de na Comhairleoirí eile ag iarraidh go mbeadh na focla “rural links” ann – sin ceangail leis an gceantar tuaithe. Bheadh éagsúlacht míniúcháin air sin, mar shampla – gur ansin a rugadh agus a tógadh tú, go ndeachaigh tú chun na scoile ansin agus a leithéid de chás. 

Chuile sheans gurb in í an fhoclaíocht a nglacfar léi i measc na gComhairleoirí sa deireadh – ceangail tuaithe – ach beidh céim eile ann. Caithfear an Plean Contae a chur ansin chuig Oifig an Rialtóra Pleanála – oifig nuabhunaithe náisiúnta – agus d’fhéadfadh an oifig sin cur in aghaidh cuid ar bith den réiteach atá déanta ag na comhairleoirí. D’fhéadfaí a rá go rabhthas ag teacht salach ar an bpolasaí náisiúnta pleanála. Bheadh an scéal gafa go cnámh na huillinne faoin tráth sin. 

Fairsinge na tuaithe nó saol i mbaile mór, an ‘15 nóiméad siúil’ i gConamara agus i gceantar tuaithe na Gaillimhe? Tá cinneadh le tógáil a d’fhéadfadh a gcúrsa sa saol a leagan amach do dhaoine óga na tuaithe – ó bhruacha na Sionainne siar go Tower Cheann Gólaim agus Ceann Léime. 

Fág freagra ar '‘Riachtanais tuaithe’ agus ‘ceangail tuaithe’ á scagadh ag comhairleoirí contae'

  • Bréanann Ó Catháin

    An Díbirt go Connachta le Feardorcha Ó Mealláin.

  • Antóin

    Tabhair asal agus cairt don Chomhairleoir McKinstry agus lig do mhuintir Chonamara a saol a chaitheamh.