‘Reductio ad Sinn Féinium’ – galar na n-aontachtaithe

Feiceann polaiteoirí aontachtacha lámh Shinn Féin i ngach gníomh, rud a fhágann dall iad ar an bpobal náisiúnach

‘Reductio ad Sinn Féinium’ – galar na n-aontachtaithe

Bhí mé ag cluichí ceathrú ceannais na Craoibhe peile i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí Lúnasa anuraidh nuair a d’imir Tír Eoghain in éadan Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath in éadan Mhuineacháin.

Bhí trí fhoireann Ultacha ag imirt agus dhá cheann acu i ‘dTuaisceart Éireann’.

Bhí na sluaite ón tuaisceart sa phríomhchathair, ag bualadh le seanchairde, ag fanacht sa scuaine le sceallóga a cheannach, ag magadh faoina chéile. Bhí an áit lán le daoine óga ag caitheamh geansaithe a gcontaetha go bródúil.

Rinne siad callán iontach le linn na gcluichí agus nach maith ann Cumann Lúthchleas Gael le deis a thabhairt do dhaoine na gártha molta agus cáinte a dhéanamh.

I bpolaitíocht na Sé Chontae, áfach, ní bhíonn na daoine seo, le feiceáil ná le cluinstin. Ní ann dóibh.

An mhian atá acu Acht Gaeilge a bheith acu le go dtig leo leas an phobail uile a chur chun cinn mar atá á dhéanamh i gCarn Tóchair, in iarthar Bhéal Feirste, in Ard Mhacha agus in áiteanna eile, ní fhéachtar uirthi mar rud dearfach cruthaitheach.

Níl ann ach ‘líne dhearg’ de chuid  Shinn Féin.

Nuair a labhraítear ar dhúnmharuithe Patrick Bernard, Leo Norney, Joan Connolly (agus is annamh a labhraítear) ní ghlactar leis go bhfuil gaolta na ndaoine sin ag iarraidh teacht ar an fhírinne faoin uafás a tharla. Ní ceist ceart agus cóir í, níl ann ach  ‘líne dhearg’ de chuid Shinn Féin. 

Tá diagú á dhéanamh ag aontachtaithe ar Shinn Féin. Tá sé mar a bheadh siad ag caitheamh spéaclaí atá glas, bán agus oráiste – feiceann siad lámh Shinn Féin i ngach gníomh agus i ngach éileamh náisiúnach. Ní fheiceann siad ach fórsa urchóideach nach bhfuil ach cuspóir mailíseach amháin aige, dochar a dhéanamh don aontas.

Tá abairt Laidine ann, Reductio ad Hitlerium. Seo sampla: péintéir a bhí in Hitler mar sin is drochdhaoine iad péintéirí. Argóint bhréagach atá ann.

Tá Reductio ad Sinn Féinium ar bun ó thuaidh (agus ó dheas) le fada an lá.

Cibé polasaí atá ag Sinn Féin is drochrud é cionn is go bhfuil gaol ag an pháirtí le feachtas míleata an IRA agus cíbe éileamh nó dearcadh atá ag duine is drochrud é más ionann é agus polasaí de chuid Shinn Féin.

Is é an fhadhb atá leis an meon seo ná go ndéantar neamhaird ar fad ar an phobal náisiúnach. Nuair a chúngaítear iad isteach in aon pháirtí polaitíochta amháin, ní fheictear iad, ach ar éigean, mar dhaoine daonna.

‘Bhí Hitler in éadan caitheamh tobac. Tá X n éadan caitheamh tobac, mar sin de, is Naitsíoch é/í X’.

Seo an chur chuige atá ag Ruth Dudley Edwards  a scríobh alt ar an Belfast Telegraph, a raibh ‘Naive Alliance has become a Sinn Féin patsy in republican takeover of Belfast City Hall’ mar cheannlíne air.

Cén fáth gur ‘patsy’ Alliance? Cionn is gur aontaigh Páirtí an Alliance le Sinn Féin maidir le  roinnt ceisteanna a bhí faoi chaibidil i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste. Dá bharr sin measann Ruth gur eite mheánaicme de Shinn Féin atá i bPáirtí na Comhghuaillíochta.

Fallás comhcheangail (association fallacy) a thugann fealsúnaithe air sin, ach arís is sampla é den dóigh nach dtig le daoine déileáil le ceisteanna casta féiniúlachta agus bunreachtúla gan a bheith ag breathnú orthu fríd phriosma frith-Shinn Féineach.

Dar le na daoine seo, ní ann don phobal náisiúnach. Níl ann ach Sinn Féin agus is éigean an bua a fháil orthu.

Ach amharc i gceart ar ‘línte dearga’ Shinn Féin. Níl siad ar dhóigh ar bith radacach. Acht Gaeilge ar nós na nAchtanna teanga atá in Albain agus sa Bhreatain Bheag; iniúchadh ar bhásanna conspóideacha na dTrioblóidí agus cothromas don phobal aerach.

Tá an DUP agus an UUP ina n-éadan seo uilig.

Mhaígh Joe Brolly an tseachtain seo caite, agus é faoi agallamh ag Eamonn Mallie ar UTV, go raibh deireadh dúile bainte ag an mheánaicme Chaitliceach de roinnt na cumhachta.

Tá aontachtaithe chomh dírithe sin ar an síorchogadh idir iad féin agus Sinn Féin go ndearna siad beag is fiú den chuid sin de na náisiúnaithe a bheadh sásta cur suas leis an stát ó thuaidh ach a gcearta a bheith aitheanta ann.

Agus tá sé rómhall anois iad a mhealladh.

Éist le polaiteoirí aontachtacha agus tabhair faoi deara a mhinice is a luann siad páirtí Gerry Adams. Dá gcaithfeadh siad a ndíograis ag réiteach fadhbanna in áit a bheith gafa le poblachtaigh, ní bheadh muid sa tsáinn ina bhfuil muid.

Tá coicís de chomhchainteanna idir na cúig pháirtí mór le bheith againn ón Chéadaoin seo romhainn – feicfidh muid an bhfuil cur chuige úr ag páirtí ar bith acu.   

Fág freagra ar '‘Reductio ad Sinn Féinium’ – galar na n-aontachtaithe'

  • Eoin Ó Murchú

    Alt ar dóigh, mar a deir siad i mBéal Feirste. Tá deamhnú ar Shinn Féin ó dheas freisin, is chuala mé daoine ag caitheamh anuas ar Ghaelscolaíocht ar an údar go raibh Sinn Féin ar a shon. Ta faitíos ar na huaisle glacadh leis gur pairtí dlisteanach é Sinn Féin, go bhfuil rudaí maithe á moladh acu is rudaí seafóideacha leis is dócha. Sé sin pairtí é gur choir a mheas ar a bhfuil á rá aige is ar a ndéanfadh siad is iad sa rialtas – agus beidh thuaidh is theas am eicínt.

  • Antain Mac Lochlainn

    An-alt, a Robert. Ba cheart dó a bheith ina léitheoireacht éigeantach ag tráchtairí i mBaile Átha Cliath, ach tá eagla orm nach mbeidh!