FÍSEÁN
Réalta Derry Girls sa bhfíseán is deireanaí ó Kneecap
Tá físeán dá singil nua ‘Sayōnara’ eisithe ag an mbanna rap Kneecap a bhfuil an réalta as Derry Girls, Jamie-Lee O’Donnell le feiceáil ann. Is í O’Donnell a rinne páirt Michelle sa tsraith iomráiteach. Tugann O’Donnell an fiántas is an blas míréireach a bhí ag a carachtar i Derry Girls léi go dtí an ról seo agus í ina oibrí oifige atá ag iarraidh éalú ó leadrán an tsaoil oibre.
D’oibrigh Kneecap le Paul Hartnoll ón ngrúpa ceoil leictreonach, Orbital, ar an traic agus tá Hartnoll féin le feiceáil ann. Is é Finn Keenan as contae an Chábháin a stiúir, is é a stiúir an físeán do ‘The Recap’ freisin.
Iompaíonn an físeán is deireanaí anonn is anall idir radharcanna duairce oifige agus radharcanna fiáine damhsa i gclub. Blas tréan leictreonach atá ar an traic is deireanaí agus buaileann an físeán ceoil ar aghaidh ina rabharta mire go dtí an deireadh.
CEARDLANN
Ensemble na nÓg i Stiúideo Cuan – glaoch ar iarratais
Inniu an lá deireanach le cur isteach ar an togra ‘Ensemble na nÓg’ atá dírithe ag cheoltóirí óga cumasacha a bhfuil suim acu a gcuid ceoil agus cruthaitheachta a fhorbairt. Tá an togra dírithe ar cheoltóirí idir 13 agus 17 bliana d’aois. Tá scoth na gceoltóirí agus áisitheoirí gairmiúla páirteach sa gclár seo, ina measc tá Síle Denvir, Colm Ó Foghlú, Aoife Ní Bhriain agus Aisling Ní Neachtain.
Is é an aidhm atá ag an gcúrsa seo ná grúpa ceoltóirí óga a thabhairt le chéile ó cheann ceann na tíre agus clár oiliúna a chur ar fáil dóibh i réimse an cheoil agus na cumadóireachta chun a gcruthaitheacht agus a bhféinmhuinín a spreagadh. Beidh ceardlanna praiticiúla i gceist i gcúrsaí ceoil, amhránaíochta, cumadóireacht, comhcheol, taibhiú an cheoil agus cóiriú an cheoil. Beidh na daoine óga ag cumadh a gcuid saothair féin mar chuid den Ensemble agus iad ag obair le chéile chun na saothair seo a chur i láthair ag ceolchoirm speisialta i Stiúideo Cuan i mí na Samhna.
Ní mór iarratas a sheoladh isteach roimh 5 Dé hAoine, an 5 Meán Fómhair. Tuilleadh eolais agus foirm chlárúcháin anseo.
FÉILTE
Féile Liam agus Tomás Ó Flaithearta
Beidh Féile Liam agus Tomás Ó Flaithearta ar bun thar dhá lá i mí Mheán Fómhair i mbliana agus beidh imeachtaí ar bun i gcathair na Gaillimhe agus ar Inis Mór. Tá siad ag nascadh i mbliana le hOíche Chultúir Dé hAoine 19 Meán Fómhair agus gabhfaidh an fhéile isteach go hInis Mór Dé Sathairn áit a mbeidh trí imeacht ar bun i rith an lae. Is athrú é seo ó bhlianta eile nuair a bheadh an fhéile ar bun ag deireadh mhí Lúnasa.
Cuirfidh an staraí Cormac Ó Comhrá caint i láthair in Áras na nGael Dé hAoine agus cúrsaí in Éirinn mar a bhí 100 bliain ó shin faoi chaibidil aige agus é á nascadh isteach le hábhar a scríobh na Flaitheartaigh faoin nganntanas agus ocras a bhí ar dhaoine ag an am. Cúrsaí scríbhneoireachta a bheidh faoi chaibidil Dé Sathairn agus an Dr Gearóid Denvir ag déanamh comparáide idir saothar Liam agus Thomáis.
Gné nua eile atá curtha leis an bhféile i mbliana ná gur reáchtáladh comórtas scéalaíochta do ghasúir Inis Mór agus beidh na duaiseanna dhó sin á mbronnadh Dé Sathairn. Beidh clár na féile crochta ar leathanach Facebook an chumainn go luath.
Féile John Ford sa Spidéal ag oscailt anocht
Cuirfear tús tráthnóna inniu le féile nua sa Spidéal i gConamara a dhéanann ceiliúradh ar an nasc an scannánóra John Ford le ceantar Chois Fharraige. Beidh oscailt na féile ann anocht i Scoil Éinne ag tosú ag a 19:00. le Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus ceol le haíonna speisialta. Cuirfear taispeántas den scannán The Quiet Man ar bun i ndiaidh na hoscailte ag 19:30.
Tá buíon tagtha le chéile i gceantar an Spidéil leis an bhféile a bhunú agus a reáchtáil le comóradh a dhéanamh ar John Ford, an léiritheoir scannán clúiteach. Is de bhunadh Uí Fhéinneadha as an Tuar Beag, baile fearainn taobh thiar den Spidéal dá athair.
Gach eolas agus clár Fhéile John Ford le fáil anseo.
TAISPEÁNTAS
Taispeántas Chois Fharraige i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
Beidh Taispeántas Chois Fharraige ar bun ar champas Choláiste Chonnacht Dé Domhnaigh, na 7 Meán Fómhair. Tá stair fhada ag an taispeántas a cuireadh ar bun den chéad uair ag deireadh na 1940idí. Chuaigh sé i léig ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin, ach cuireadh ar bun arís é sna 1970idí agus tá an-rath air ó shin. Tá eolas maidir leis na comórtais éagsúla le fáil ar leathanach Facebook an taispeántais ag an nasc seo.
DAMHSA
Seó damhsa nua sa Teach Damhsa ag ceiliúradh The Bothy Ban
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an seó, 1975 | Naoi Déag Seachtó Cúig a dhéanann ceiliúradh ar an albam 1975 le The Bothy Band. Tá an léiriú á chur ar bun ag an gcompántas Teach Damhsa (https://teacdamsa.com/production/1975/ ) ina stiúideó in An Ghlaise Bheag i gCorca Dhuibhne.
Seo é an chéad uair ag an gcompántas cuireadh a thabhairt don lucht féachana léiriú a fheiceáil sa stiúideo féin. Saothar nua le Michael Keegan-Dolan atá sa léiriú agus cúigear damhsóirí páirteach ann. Beidh an seó ar stáitse sa Teach Damhsa anocht ag a 8 agus san oíche Dé Sathairn 6 agus Dé Domhnaigh, 7 Meán Fómhair. Ticéid ar €25 agus iad ar fáil trí Eventbrite.
OÍCHE CHULTÚIR
Beidh Oíche Chultúir 2025 ar bun Dé hAoine, an 19 Meán Fómhair agus réimse imeachtaí trí Ghaeilge beartaithe ar fud na tíre. Tá clár na bliana seo de na himeachtaí Gaeilge ar-líne ag An tOireachtas agus iad ag obair i gcomhpháirt le hOíche Chultúir arís i mbliana le tacú le grúpaí pobail imeachtaí Gaeilge a eagrú na gceantair féin. Seo an fichiú bliain ag Oíche Chultúir, oíche náisiúnta ina gcuirtear imeachtaí cultúrtha ar fáil don phobal saor in aisce. I mbliana beidh an tOireachtas ag tacú le 37 imeacht in 17 contae ar fud na tíre. Beidh tuilleadh againn ar Tuairisc faoi na himeachtaí Gaeilge an tseachtain seo chugainn.
Fág freagra ar 'Réalta ‘Derry Girls’ i bhfíseán nua Kneecap, Ensemble na nÓg i Stiúideo Cuan, Féile na bhFlaitheartach agus ceiliúradh ar The Bothy Band'