Tá córas nua le bunú a d’fhágfadh go mbeadh an dualgas a bheadh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát, córas a bhfuil teipthe air, dar le hAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne féin.
De réir cheannteidil an bhille nua chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha, a fhoilseofar amárach, dhéanfadh an córas nua rangú ar bhreis is 600 comhlacht poiblí sa Stát agus bheadh an tseirbhís trí Ghaeilge a chuirfeadh an comhlacht ar fáil ag brath ar an rangú a dhéanfaí air.
De réir na reachtaíochta, mar shampla, bheadh dualgas níos mó ó thaobh seirbhísí Gaeilge de ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil níos mó acmhainní acu agus a mbíonn teagmháil níos mó acu le cainteoirí Gaeilge.
Bheadh dualgas níos mó chomh maith ar chomhlachtaí poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó gar do cheantar Gaeltachta.
De réir na gceannteideal, chaithfeadh an tAire Gaeltachta rialachán a dhéanamh chun an córas nua a bhunú, agus sula ndéanfadh sé sin chaithfeadh sé dul i gcomhairle le ranna stáit agus comhlachtaí poiblí. Bheadh feidhm i gcónaí leis na scéimeanna teanga atá aontaithe cheana nó go dtabharfaí isteach na caighdeáin ina n-áit.
Mhol an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí, bunaithe ar a dtábhacht agus ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh, agus na caighdeáin is airde ó thaobh seirbhísí Gaeilge a éileamh ó na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.
Dúirt an Coimisinéir mí Aibreáin go bhfuil an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.
Léirigh tuarascáil speisialta an Choimisinéara ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.
De réir na tuarascála, rinneadh “cúlú” nó maolú ar ghealltanais i 52% den dara agus den tríú scéim teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí in 2015 agus in 2016.
Cordelia Nic Fhearraigh
‘Rangú’ – Ar smaoinigh duine ar bith go mb’fhéidir nach ndéanann cainteoirí Gaeilg teagmháil le seirbhísí stáit áirithe cionnas an easpa Gaeilg a bhíonn ag na seirbhísí sin…??
m.sh. bheadh suim agam féin i spóirt agus aclaíocht ach an dtig liom mo ghnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilg leis an heagraisí stáit a bhfuil baint acu le spóirt? Tá suim agam sa chomhshaol agus sa timpeallacht – an bhfuil duine le Gaeilg ag an údarás áitiúil nó ag eagraíocht ar bith eile a bhfuil baint acu leis an chomhshaol?
Agus de thairbhe nach bhfuil, ní bhacaim leo. Tá an chuid sin de mo shaol a sheachaint ag an stáit agus níl mé, mar saoránach, comhionnan leis na saoránaigh siúd a fhaigheann go leor seirbhísí spóirt agus comhshaoil trí Bhéarla. An mbeidh an ‘rangú’ níos lú ag na heagraisí sin mar níl an oiread sin teagmháil acu leis an bpobal Gaeilge…?