‘Protestants Against the Gaelic Language’ le hiarrthóirí toghcháin a chur chun cinn ó thuaidh agus ó dheas

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an ghrúpa, Jack Sinnott, le Tuairisc go bhfuil súil ag an ngrúpa frith-Ghaeilge clárú mar pháirtí polaitíochta sa dá dhlínse

‘Protestants Against the Gaelic Language’ le hiarrthóirí toghcháin a chur chun cinn ó thuaidh agus ó dheas

Tá sé i gceist ag an ngrúpa ‘Protestants Against the Gaelic Language’ iarrthóirí a chur chun cinn i dtoghcháin a bheidh ar siúl ar dhá thaobh na teorann sna blianta atá amach romhainn. Dheimhnigh urlabhraí de chuid an ghrúpa, Jack Sinnott, le Tuairisc go bhfuil súil ag acu clárú mar pháirtí polaitíochta sa dá dhlínse agus iarrthóirí a chur chun cinn i dtoghcháin na Dála ó dheas agus toghchán an Chomhthionóil ó thuaidh.

Is ar an Dáilcheantar nua Cill Mhantáin-Loch Garman atá súil an ghrúpa dírithe agus súil acu teacht i dtír ar an athchóiriú a rinneadh ar na Dáilcheantair roimh an olltoghchán deireanach.

“Is Dáilcheantar nua é Cill Mhantáin-Loch Garman agus is Dáilcheantar maith a bheadh ann dúinn. Ní raibh aithne ag an bpobal ar dhuine ar bith de na hiarrthóirí – cé is moite de dhuine amháin – a sheas ann san olltoghchán deireanach agus bheadh sé níos éasca dul chun cinn a dhéanamh ann,” a dúirt Sinnott le Tuairisc.

Mhaígh Sinnott go bhfuil tuairim is 35 ball cláraithe leis an ngrúpa faoi láthair agus a bhformhór sin lonnaithe i Loch Garman. Dúirt sé go bhfuil baill eile de chuid an ghrúpa lonnaithe i gCill Mhantáin, i mBaile Átha Cliath agus i gcontae Laoise ach nach bhfuil ball ar bith  acu sa Tuaisceart go fóill.

Shéan sé go raibh baint ag a ghrúpa le  bileoga frith-Ghaeilge a fágadh taobh amuigh de rang Gaeilge i mBéal Feirste anuraidh, ach d’admhaigh sé gur sheol sé litreacha den chineál céanna chuig an ngníomhaí teanga Linda Ervine.

“Níl aon bhall againn ann sa Tuaisceart go fóill ach dá n-aimseoimis an duine ceart, bheadh seisean in ann toghcheantar maith a roghnú ansin. Beidh toghchán ann do Stormont in 2027, níl aon bhall againn ann ach tá bá níos mó ag muintir an Tuaiscirt linn ná mar atá ag muintir an Deiscirt. Tá súil againn an duine ceart a aimsiú le seasamh ann don chéad toghchán eile,” a dúirt sé.

Cé gur ‘Protestants Against the Irish Language’ is teideal don ghrúpa, deir Sinnott go bhfuil Caitlicigh ina mbaill freisin agus go bhfuil an grúpa ag iarraidh idir Phrotastúnaigh agus “ghnáthdhaoine” a chosaint ón “leithcheal atáthar a dhéanamh ar chainteoirí Béarla” in Éirinn.

Thug sé le fios gur cuireadh rún chun cinn ag cruinniú de chuid an ghrúpa le deireanas leis an ainm a athrú ach nár éirigh leis.

“Ba Phrotastúnaigh muide a bhunaigh an grúpa agus tá baill nua ann ar Caitlicigh iad. Bhí plé ann faoin ainm agus faoin vóta ach sa deireadh níor éirigh leis an rún leis an ainm a leasú. Tá fáilte roimh chainteoir Béarla ar bith a ndearnadh leithcheal teanga air ach níor athraíodh an t-ainm,” a dúirt sé.

Mhínigh sé gur athraíodh ‘Irish Language’ go ‘Gaelic Language’ i dteideal an ghrúpa mar gheall go gcreideann na baill gurb é an Béarla seachas an Ghaeilge teanga na hÉireann.

Mhaígh sé go dtugtar tús áite do chainteoirí Gaeilge in eagraíochtaí stáit dála RTÉ agus an Gharda Síochána agus go gcuirtear leath na n-áiteanna atá i gcoláistí oiliúna na múinteoirí ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, rudaí nach bhfuil fíor.

“Tá siad ag déanamh leithcheal in RTÉ in aghaidh na bProtastúnach le blianta fada. Éilíonn siad cáilíochtaí Gaeilge do na poist a fhógraítear ann. Níl a fhios agam go beacht cén struchtúr atá ar an gcóras earcaíochta atá acu ach ní fhaigheann formhór na bProtastúnach a chuireann isteach ar jabanna ansin iad. Ní fhaigheann ach antoiscigh náisiúnacha jabanna ann.

“Ní bheadh post ag leath na nGardaí murach a gcuid scileanna Gaeilge. Níl siad cáilithe don phost ar bhealach ar bith eile ach amháin an riachtanas teanga a chomhlíonann siad. Sna coláistí oiliúna do mhúinteoirí, coinnítear 50% de na háiteanna do chainteoirí Gaeilge agus caitear 85% a fháil i scrúdú béil. Cuirtear Protastúnaigh ó dhoras. Fostaíodh antoiscigh náisiúnacha mar mhúinteoirí i scoileanna Protastúnacha agus iompaíodh na páistí in aghaidh a dtuismitheoirí,” a dúirt sé le Tuairisc.

Is gá do dhuine atá ag iarraidh tabhairt faoi mháistreacht sa bhunoideachas 65% a bhaint amach i leibhéal B1 de scrúdú béil TEG.

Cuirtear 10% d’áiteanna ar an gcéim sa bhunmhúinteoireacht i gColáiste Mhuire gan Smál ar leataobh d’iarrthóirí ón nGaeltacht.

Ní gá d’iarrthóirí Gaeltachta a chuirfidh isteach ar an gcúrsa bunmhúinteoireachta in DCU an méid céanna pointí a bhaint amach agus a chaithfeadh duine nach as an nGaeltacht é a bhaint amach.

Tháinig 6.5% de na hábhair Gardaí a d’fhreastail ar an Teampall Mór in 2023 tríd an sruth Gaeilge.

Dúirt Sinnott gur bunaíodh ‘Protestants Against the Gaelic Language’ sa bhliain 2015 ach go raibh eagraíocht eile ann roimhe sin dar teideal ‘Protestants Against the Irish Language’ agus go raibh cuid de bhaill an ghrúpa nua ina mbaill den ghrúpa eile. Dúirt sé go raibh an grúpa ar an eolas faoi ghníomhartha an Language Freedom Movement agus an Language Equality Movement ach nach raibh aon cheangal ag an ‘PAGL’ le ceachtar den dá ghrúpa sin.

Dúirt sé go ndearna an grúpa an cinneadh i mí Lúnasa na bliana 2024 iad féin a chur os comhair an phobail agus go bhfuil siad anois ag breathnú chun cinn ar thoghcháin. Mhaígh sé go ndearnadh bradaíl ar shuíomh idirlín agus ar chuntais meán sóisialta an ghrúpa trí huaire ó d’fhógair siad gurbh ann dóibh an fómhar seo caite agus gur chosain sé “go leor airgid” ar an ngrúpa seilbh a fháil arís ar an suíomh www.peopleagainsttheirishlanguage.com.

“Rinneadh dúmhál ar bhaill áirithe, scríobhadh ráitis chlúmhillteacha faoi bhaill áirithe, agus d’éirigh fear as mar gheall ar an gclúmhilleadh sin. Scriosadh an suíomh idirlín agus glacadh seilbh ar ár gcuntas X agus Facebook. Bhí orainn comhlachtaí ríomhaireachta i Londain agus san Ollainn a fháil leis an scéal a réiteach agus chosain sé sin go leor airgid orainn,” a dúirt sé.

Cháin Sinnott ceapachán an Choimisinéara Teanga freisin agus dúirt gur chuir sé “olc” air gur ceapadh “Coimisinéir Gaeilge nár toghadh agus nach bhfuil freagrach don Dáil”.

“Cuireann sé leas na gcainteoirí Gaeilge chun cinn. Níor tuairiscíodh faoin gceapachán in aon nuachtán agus níl a fhios ag muintir na hÉireann gurb ann don fhear seo. Má tá sé ceaptha a bheith ag breathnú i ndiaidh na gceart don dá theanga níl a phost á dhéanamh aige i gceart. Dúirt aisteoir [le PAGL] go bhfuil sé ag cailleadh oibre mar gheall nach bhfuil Gaeilge aige – nach leithcheal é sin?” a dúirt sé.

Cheistigh an PSNI Sinnott an bhliain seo caite mar gheall ar litreacha a sheol sé chuig an ngníomhaí teanga Protastúnach Linda Ervine inar cháin sé í as an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Aontachtaigh.

“Chuir an PSNI agallamh orm féin go pearsanta mar gheall gur sheol mé litreacha go Linda Ervine. Dúradh go mb’fhéidir gur coir fuatha a bhí i gceist. Ní dhéanann muide [PAGL] fuath ná drochíde phearsanta. Thuairiscigh sí mé don PSNI as fuathchaint agus dúradh sa deireadh nach raibh aon fhuath ann,” a dúirt sé.

Mhaígh Sinnott, gan aon fhianaise a thabhairt, go bhfuil cosc ar a ghrúpa i nuachtáin na hÉireann mar gheall ar a seasamh in aghaidh na Gaeilge agus nach gcuirfidh nuachtán ar bith agallamh air seachas The Irish News atá lonnaithe sa Tuaisceart. Dúirt sé go raibh iontas air go raibh nuachtán Gaeilge fós ar an bhfód nuair a cuireadh in iúl dó gur le nuachtán Éireannach a bhí sé ag caint.

Fág freagra ar '‘Protestants Against the Gaelic Language’ le hiarrthóirí toghcháin a chur chun cinn ó thuaidh agus ó dheas'

  • alan titley

    An é seo an 1ú lá d’Aibreán?

  • JP

    Ní mór ná gur chaith mé amach an scíobas caifé a bhí díreach slogtha agam & gach a raibh im bolg ina dhia’ sin agus an aiste seo á léamh agam.
    Iarraim gar oraibh; an cineál seo a fhoillsiú déanach sa ló!
    Sin rud ná tuigim agus nár thuig mé ariamh:
    duine a bheadh namhdach don Ghaeilge nó do theanga ar bith eile ar chlár na cruinne.
    Ach tuigim anois go bhfuil daoine ann gur fuath leo an áilleacht, daoine gur maith leo ár agus scrios a dhéanamh ar an áilleacht.
    Daoine atá dall ar an áilleacht i dteanga, i mbláth, i gcrann, sa bhfarraige, sa spéir, sa saol, sa duine féin, i ngach uile rud beo.
    Daoine gan anam.
    Agus is teanga álainn í an Ghaeilge. Agus an rud is measa ar fad go scaipeann sia a ngalar féin.

  • Art

    D’airigh muid uainn an mhír grinn.

  • Eoghan Ó Néill

    Chuala trácht blianta ó shin faoin ghrúpa
    ‘ Caitlicigh in aghaidh An Modh Coinníollach’ ach níl a fhios agam an bhfuil baint acu le PAGL.

  • Seán Mag Leannáin

    Níor chóir aird ar bith a thabhairt ar an duine ait seo. Fuair mé féin litir fhada scaoilte raiméiseach uaidh tamall ó shin tar éis dom litir a scríobh chuig an Irish Times ag tacú leis an nGaeilge. Ní dóigh liom go seasann sé ar son éinne ach é féin.

  • Críostóir

    Tá sibh ag tabhairt i bhfad an iomarca aird ar an drom seafóideach seo.

  • Derek Hollingsworth

    Ar a laghad beidh Gaeilge ar an gclár gnó!