Tá a fhios againn le fada an lá go bhfuil cúrsaí ealaíne imithe in ainm an diabhail ar fad, go háirithe na praghsanna a íoctar ar chacamas:
Tógaimis an banana seo, mar shampla, agus é greamaithe de bhalla le téip dhuchta. Saothar ealaíne? Cinnte, arsa an t-ealaíontóir Iodálach Maurizio Cattelan, fear a dhéanta.
Agus an praghas? Dhíol Sotheby’s é le déanaí ar $6.2 milliún. Agus cé a cheannaigh é? Justin Sun, Síneach. Conas a dhein seisean a chuid airgid? Criptea-airgeadra. Sin é mo scéal, má tá bréag ann bíodh.
Is dealbhóir mór le rá é Maurizio chomh maith agus tá féinphortráid déanta aige i bhfoirm dealbhóireachta agus é ag breathnú aníos as poll san urlár!
https://commons.wikimedia.org/wiki/File:Museum_Boijmans_Van_Beuningen_2009-02-15_-_interior_-_02.jpg
(Wikimedia Commons).
Fianaise de shaghas éigin
Evidence
le Larry Sultan agus Mike Mandel, D.A.P a d’fhoilsigh, 202492 lch86 íomhá. Toisí: 9¼x10″
Tá fianaise ar fáil sa leabhar seo. Fianaise ar cén rud go díreach? Sin í an cheist!
Sa bhliain 1977 a foilsíodh an chéad eagrán den leabhar seo tar éis do na grianghrafadóirí Sultan agus Mandel dhá bhliain a chaitheamh agus iad i mbun staidéir ar chartlanna a bhain le 77 áisíneacht rialtais sna Stáit Aontaithe, ina measc an General Atomic Company agus an United States Department of the Interior. Bhí thart ar dhá mhilliún íomhá le scagadh acu agus iad go léir níos aite ná a chéile!
Agus níl ansin ach samplaí de na háisíneachtaí a bhí sásta a gcartlanna a roinnt leis na taighdeoirí. Níor mhaith liomsa cartlanna eile a fheiceáil! Tá an leabhar i gcló arís.
Kerry Blue
Leáfaidh agus lobhfaidh an banana d’réir a chéile, diaidh ar ndiaidh, uig ar n-uig.
Sea, fanfaidh an téip go ceann i bhfad ach titfidh san leis i bhfaid na haimsire. Cén fhaid a choinneoidh an téip a greim ar an mbanana lofa uiscealach aonair sin agus é ag dul as agus ag tréigint ó lá go lá?
Go dtí nach mbíonn ann sa deireadh ach púdar agus craiceann lofa.
Tá’s agat go maith nach mbeidh ach toradh amháin ar an bhfiontraíocht seo.
Nóta: aon duine a thabharfadh 6.2 milliún dolaer air sin ba cheart é chur suas i gcoinne an fhalla agus é lamhach. Agus a chuid orgán a dháileadh ar na boicht.