Comhairle na Gaelscolaíochta ag Comhdháil DUP

Labhróidh Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an Dr Mícheál Ó Duibh, ag Comhdháil an DUP i mBéal Feirste inniu.

Screen Shot 2014-11-20 at 21.28.22

Den chéad uair riamh, labhróidh Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras a phléann leis an nGaelscolaíocht sna Sé Chontae, ag Comhdháil an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP). Tá an chomhdháil ar siúl inniu in Óstán La Mon i mBéal Feirste.

Is mar chuid den phainéal ar chúrsaí oideachais a bheidh an Dr Mícheál Ó Duibh ag caint agus tá sé mar aidhm aige a léiriú don phobal aontachtach a thiomanta is atá an eagraíocht do leathnú na Gaelscolaíochta chuig an bpobal sin.

“I measc na n-aidhmeanna atá ag Comhairle na Gaelscolaíochta, is mian linn rogha na Gaelscolaíochta a chur ar fáil do gach dalta i ngach pobal. Bhéarfadh Comhdháil DUP fóram maith dúinn le rogha agus le buntáistí na Gaelscolaíochta a chur os comhair an phobail aontachtaigh.

“Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go gcluinfear glór Earnáil na Gaelscolaíochta chomh forleathan agus is féidir, le go dtig linn a bheith aitheanta as an luach a chuireann muid le saol an oideachais,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Chuir sé fáilte roimh an gcuireadh a thug DUP dósan agus don earnáil i gcoitinne. Níor tugadh deis mar seo roimhe ionchur a bheith ag Earnáil na Gaelscolaíochta ag a leithéid d’fhóram.

Fág freagra ar 'Comhairle na Gaelscolaíochta ag Comhdháil DUP'