Príomh-Aire na Slóvaice ‘i mbaol a bháis’ i ndiaidh eachtra lámhaigh

Tuairiscíodh gur gortaíodh Robert Fico sa bholg, sa lámh agus sa chos nuair a lámhachadh é in eachtra a tharla I ndiaidh cruinniú rialtais

Príomh-Aire na Slóvaice ‘i mbaol a bháis’ i ndiaidh eachtra lámhaigh

Lámhachadh inniu Príomh-Aire na Slóvaice, Robert Fico, in eachtra a tharla i ndiaidh cruinniú rialtais.

Dúradh ar leathanach Facebook an phríomh-aire go raibh sé i mbaol a bháis.

Tuairiscíodh gur scaoileadh sa bholg an príomh-aire agus gur chualathas trí nó ceithre urchar á scaoileadh le linn na heachtra a tharla sa bhaile Handlová i lár na tíre.

Tuairiscíodh gur gortaíodh Fico sa bholg, sa lámh agus sa chos agus gur thit sé go talamh. Thug a lucht slándála ón láthair é ar an bpointe boise.

Tá an té a shíltear a d’ionsaigh é á choinneáil ag na póilíní.

Dúirt lucht na seirbhísí éigeandála gur cuireadh héileacaptar ag triall ar fhear 59 bliain d’aois nuair a fuair siad an scéal gur lámhachadh é in Handlová.

Bhí an cruinniú rialtais ar siúl sa bhaile, atá beagnach 120 míle as Bratislava, mar chuid de chamchuairt na tíre ó tháinig siad i gcumhacht ag deireadh na bliana seo caite.

Fuair páirtí Fico, Smer-SSD, beagnach 25% den vóta i dtoghchán parlaiminte na Slóvaice an fómhair seo caite agus d’éirigh leis filleadh ar oifig an phríomh-aire den cheathrú huair.

Tá cáil an phobalachais ar Robert Fico agus dá bharr sin, agus mar gheall ar a pholasaí ar son na Rúise, déantar comparáid idir é féin agus Viktor Orbán na hUngáire.

Dúirt Ursula von der Leyen,  Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, gur gníomh “gránna” a bhí san ionsaí ar Fico.

Fág freagra ar 'Príomh-Aire na Slóvaice ‘i mbaol a bháis’ i ndiaidh eachtra lámhaigh'