Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban 

Easpa cumhachta na mban agus cumhacht agus pribhléid na bhfear a ghin árais na máithreacha agus na leanaí

Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban 

Is iontach go deo an sotal a ghineann an phribhléid sa duine a n-éiríonn eireaball éigin di leis agus ní hannamh an t-olc i dteannta na cumhachta.

Tóg, mar shampla, an colún a bhí ag Seosamh Ó Cuaig ar Tuairisc.ie an tseachtain seo, colún inar thacaigh sé leis an léamh a bhí ag Eoghan Harris ar scéal Árais na Máithreacha agus na bPáistí.

Níor shiúil agus ní shiúlfaidh Seosamh Ó Cuaig ná Eoghan Harris coiscéim amháin go deo i mbróga na mná a bhfuil páiste gan iarraidh faoina broinn agus gan í réidh faoina chomhair. 

Ní raibh ar cheachtar acu riamh a cheilt ar an saol gurbh ionann athair agus seanathair d’ualach a mbroinne. Ní raibh ceachtar acu ag seoladh na mbeithíoch ina seanghasúir agus scéin iontu go n-éigneodh a gcomharsa ar an uaigneas iad, go mbeadh páiste acu uaidh agus faitíos is geis orthu an fhírinne a insint faoin bhfear ‘groí’ sin. 

“Fear é Eoghan Harris a bhfuil an-tuiscint aige ar an stair” a deir Seosamh Ó Cuaig ach cé a scríobhann an stair? 

Cá bhfuil stair an chailín óig a raibh lagchumas beag meabhrach uirthi arbh í úillín óir a muintire í ach a raibh beirt chomharsan á héigniú go rialta agus í ag seoladh na mbeithíoch? Níor thug sí páiste léi ón dá bhrúid sin ach ar chomhairle Gardaí is dochtúra chaith sí blianta in áras Maigdiléana. “Tearmann ar mhaithe lena sábháilteacht” a bheadh ann, a dúradh leo. 

Thóg na héignitheoirí a gclann go diaganta os comhair an phobail agus an bhean óg is a muintir a rinne an caoineadh.

Céard faoin déagóir a chuaigh go Tuaim le páiste a hathar nó a dearthár a shaolú agus a tugadh ar ais don athair céanna tar éis trí bliana? Ó sea, chuaigh sí go Tuaim an dara huair – ach an uair seo ba i ‘Teach na nGealt’ i mBéal Átha na Sluaighe a fuair sí tearmann is suaimhneas.

Chonaic mé féin an ‘suitcase’ á chur i bhfolach san aiteann le contráth na hoíche ionas nach bhfeicfí bean óg ag éalú léi go náireach ar bhus na luathmhaidine. 

Blianta ina dhiaidh sin thall i Sasana a dúirt an bhean uasal liom gur éigníodh í agus gur gleadhradh le maide a fuair sí óna hathair nuair a dúirt sí lena muintir go raibh sí ag súil. Ní raibh de chumhacht ag a máthair ach a deora agus a trua. Fiú dá mbeadh an rogha aici an dtógfadh sí páistín an éignithe in aon teach le brúid d’athair/seanathar a chaithfeadh ina mbéal é nó a leathmharódh iad? Cás cúirte an rogha eile nach raibh aici cheal a luach ná an mhuinín. 

Agus iad ag caint ar na feilméaraí ní luann na ‘staraithe’ an feachtas a bhí ag Cumann na mBan i dtús an chéid seo caite le haird a tharraingt ar an drochbhail bhí á cur ar chailíní aimsire a bhí ag obair ag na feilméaraí agus iad ina n-áis faoisimh ag na feilméaraí agus a gclann mhac agus tópar ansin ach a raibh an bolg ag taispeáint. 

Seans gur iomaí sagart a tógadh sna tithe sin agus cén t-iontas má thug corrcheann acu an phribhléid sin leo?

Cuimhnigh go raibh na cailíní aimsire sin ina spailpíní ráithe nó bliana agus a bpá ag dul dá muintir le bille an tsiopa a íoc. Cé a bhí le dúshlán na bhfear sin a thabhairt ar a son nó cé a chreidfeadh na cailíní bochta scanraithe sin?

Maidir le “coimeádachas eacnamaíochta an phobail” ní raibh d’eacnamaíocht ag cuid mhaith dár muintir anseo cois cósta ach ón láimh go dtí an béal agus an t-aon dul chun cinn a bhí i ndán do bhean óg ná a paisinéireacht a theacht ó dhuine muinteartha i Meiriceá. Bheadh sise ansin in ann an chuid ab óige a thabhairt chun bealaigh ón mbochtanas agus ó éignitheoirí an pharóiste.

Ach páistín a bheith mar ualach uirthi, bhí a cumas an teaghlach a shábháil ón mbochtanas scriosta agus scrúdú an dochtúra in Ambasáid Mheiriceá teipthe. 

Sea thug sagart is dochtúir is muintir ar láimh don Eaglais í “ar mhaithe” léi féin agus a páiste. Cá raibh na hiriseoirí fiosrúcháin sna blianta sin? Cé a d’inis dá muintir céard a bhí ag tarlú taobh thiar de na ballaí? Cé a scríobh faoin gciorrú coil is an t-éigniú is an t-aineolas a bhí forleathan? Drochmheasúil is fánach go maith a scríobhadh faoin mbochtanas féin.

Is iomaí bean óg acu sin a thug a ndaoine muinteartha thar sáile lena páistín a shaolú thall ach chaithfí an scéal a cheilt ansin freisin mar bhíodh daoine cabach sna litreacha. Geallaim daoibh a staraithe gur mór idir cumas síolraithe is éignithe agus cumas atharachta agus thuig na cailíní óga agus a máithreacha an méid sin.

I gcead don iarThaoiseach níorbh í “cúlchaint bhinbeach na gcráifeachán” ba chontúirtí ach boid is cumhacht na gcráifeachán céanna.

Sna 1980idí agus mé ar an mbád go Sasana deirí seachtaine bhíodh cosán dearg déanta ag mná chótaí gorma an Léigiúin Mhuire ag déanamh teanntáis orm agus mé ag léamh sa gcúinne. 

Agus iontas á dhéanamh agam faoin bhfaire a bhí acu orm le daoine aitheantais i gClub na nGael i Londain sea dúradh liom gur ag iarraidh a fháil amach an raibh paisinéara breise ar bord agam a bhí siad agus dá mbeadh go seolfaidís abhaile go ceann de na hárais leanaí mé. 

Cuirfidh mé geall nár stopadh aon fhear as an lán báid acu a bhí ag gabháil anonn agus nár fiafraíodh díobh ar fhág siad aon bhlas dá gcuid síl ina ndiaidh gan dídean.

“Tuisceanach, fírinneach” a bhí breithiúnas Eoghan Harris dar le Seosamh Ó Cuaig ach ní thuigeann an sách an seang ach chomh beag céanna agus a thuigeann Tadhg Nóirín. 

Ní raibh aon chumhacht ag an mbean phósta, bhí níos lú fós ag an mbean nach raibh agus bhí bean ciontach ina héigniú féin. 

Easpa cumhachta na mban agus na mbocht agus cumhacht agus pribhléid na bhfear a ghin an drochbhail seo agus a bhuail cos air go ceann i bhfad. 

Tá an ré sin thart agus tá staraithe anois ar an bhfód atá sásta an léamh seanchaite a cheistiú agus athphort a dhéanamh den seanseamsán.  

Fág freagra ar 'Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban '

  • Ruth

    Sách ráite, a Mháire!

  • Póilín

    An fhírinne lom. Mo mhíle gairm thú a Mháire.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Fair play duit, a Mháire. Alt den scoth.

  • Bríd

    Buíochas as an alt seo. Binn béal ina thost ag an duine a scrìobh an t-alt an tseachtain seo caite.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Shíl mé go ndearna mé iarracht béim a chur ar aithreacha na bpáistí, ar na feilméirí tréana a tháinig chun cinn tar éis an Ghorta agus ar na sagairt. Is cosúil nar éirigh ró-mhaith liom más cóir géilleadh do Mháire. Céard a cheapann an chuid eile de na léitheoirí?

  • Rós

    Buíochas a Mháire. Is tuilleadh den phribhléid é go gceapann na fir seo gur leosan an scéal a insint nó a mhíniú. Agus is léir ón trácht thuas nach bhfeiceann Seosamh fós nach leor “iarracht” ar mhaithe le colún a scríobh nuair nach bhfuil aon tuiscint agat ar an ábhar.

  • Feardorcha

    Tá faobhar agus drochbhlas na fírinne leis an alt cumhachtach sin, gan aon dabht. Cuireann sé fuarallas orm, déanta na fírinne.
    Ach míniú atá ann ar cad a d’fhág na mná óga sin ar leaca an tí mhóir. Níl míniú ann ar an mbinbe agus an nimh agus an sotal agus an fuarchúis agus an easpa trócaire lenar caitheadh leo istigh. D’fhéadfaidís a bheith ina dtearmainn de shaghas, nó ar a laghad a bheith cuibheasach. Príosúin agus campaí pionóis a bhí iontu, pé ar bith chúis a bhí leis sin.

  • Blathnaid Ni Chofaigh

    Ceapaim go bhfuil an ceart ag Máire. Thug sí aird ar ábhar nach bhfuil muid ag plé go poiblí i nGaeilge ná faoi mhrá óga Gaelacha. Cá raibh na h-iriseoirí mór le rá nuair a bhí an scéal seo ag briseadh. Ba cheart leac a thógáil le “ar mhaithe léi féin” scríofa air le náir agus freagrachtaí a nochtú.

  • Pádraic

    An-alt, a Mháire.

  • Tomás

    Alt den scoth a Mháire

  • Áine

    Go raibh maith agat a Mháire. Alt den scoth.
    Léargas fíor ar an saol mar a bhí. Tá seans éicint ar fhuascailt ón tromluí má insítear an fhírinne. Caithfear an status quo a cheistiú i gcónaí, is beag fáilte a chuirtear roimhe cheistiúchán – cleachtas an chur i gcéill agus na rúin a bhí i bhfeidhm go tréan.
    ‘Ná bac!’ ‘Níor tharla tada!’ ‘Coinnigh do bhéal dúinte!’ ‘Coinnigh i do bholg é!’
    Rud ar bith ach gan drochCHÁIL a tharraingt ort fhéin ná ar do mhuintir.
    Coinnigh leis an bpeann an Mháire.
    Is iontach go bhfuil deis againn do bhriathra a léamh agus iad snoite le chéile go healaíonta agus is cinnte go bhfuil an fhírinne searbh…. tá an gift ‘ad.

  • Treasa

    Treasa
    Déardaoin, Eanair 28, 2021 ag 21:48 pm
    Alt den scoth, a Mháire. Níos cumhachtaí ná aon ní a léigh mé ar an ábhar go dtí seo.

  • Pamela

    Sár alt. Maithiú a Mháire

  • Dalan de Brí

    An fhírinne ghlan. Alt cumhachtach. Go raibh maith agat a Mháire.

  • Pat Butler

    Sé alt Mháire an píosa scríbhneoireachta is cumasaí a foillsíodh ar an ardán seo riamh, dar liom. Tréaslaím leat, a Mháire.

    Maidir le léamh Harris ar chúrsaí staire, luaite ag a mheigeafón Seosamh Ó Cuaig, is fiú smaoineamh nach fada ón dtarbh idé-eolaíoch a thiteann cac an ghamhna oidhreachta.

  • Pilib Ó Dunn

    Go raibh míle maith agat, a Mháire. Lean ort.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhféadfadh Pat Butler a chuid cainte a mhniú?

  • Bríd

    Sár alt a Mháire, a thugann léargas fíreannach ar stair dhorcha na linne. Coinnigh ort ag cur peann le pár. Nár laga Dia thú.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Rugadh col ceathrair liom-sa i dTeach Máithreacha agus Leanaí, ach, faraor, bhásaigh sé tar éis beagán laethanta. Bhí m’aint buíoch i gcaitheamh a saoil de na mná rialta a chaith go cóir Críostaí léi agus a rinne a oiread ar a son agus ar son a leainbhín agus ab fhéidir leo. Toil Dé go ndéantar. Ba bhean aerach gheal-gháireach chráifeach m’aint, chomh h-aerach le mionnán go deimhin, go dtí lá a báis. Ba í togha an damhsóra agus togha an fhonnadóra í freisin. Chaith sí saol sona agus chuir sí go mór le saol an uile dhuine a casadh uirthi riamh sa saol. Mise a thug chuig Óspideal Lúcáis í nuair a bhuail arraineacha na h-ailse í agus gan í ach ceithre bliana le cois na dtrí scóir. Mise a thug abhaile í tar éis roinnt seachtainí agus tuairisc faighte aici nach raibh aon saol fada i ndán di. Chas sí ‘Newport Town’ dom sa gcisteanach an lá sin agus lig scairt gháire aisti sul má thug sí faoi bhéile a réiteach! Is againne a chaitheadh sí an deireadh seachtaine i gcaitheamh na mblianta. Is iomaí cuireadh chun bainise a fuair sí ach chuireadh sí suas díobh go múinte i gcónaí. Nuair a d’fhiafraigh mé di cad chuige nach ngabhfadh sí ar bhainis mo dhearthar ba sine ná mé, is éard dúirt sí go ngoillfeadh sé ró-mhór uirthi ag cuimhneamh air agus é ina leainbhín beag. Is scéal casta scéal Thithe na Máithreacha agus na Leanaí. Daoine go leor go bhfuil uafás orthu faoin gcaoi ar caitheadh le máithreacha agus leanaí sna Tithe céanna, ní miste leo faoin 6666 leanbh a gin-mhilleadh i bPoblacht na hÉireann sa mbliain 1919 ná faoin droch-bhail fhisiciúil shíceolaíochta spioradálta a fhágfas an beart sin orthu go brách na breithe.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Pribhléid is cumhacht na bhfear a d’fhág glas ar bhéal na mban’, tuairisc.ie, Déardaoin, Eanáir 28, 2021.

    Tá bua na reitrice ag Máire Ní Fhinneadha gan aon agó, ach níl bua na hargóinte ná na loighce aici.
    Cuid mhaith den alt sin léise ar Sheosamh Ó Cuaig, ionsaí ar an gCuagach is ea é, mar gur fear é. Go bhfios domsa, ní daoine gustalacha ba ea muintir Sheosaimh Uí Chuaig. Dá réir sin, is argóint ad hominem í an argóint ag Máire, agus de réir ghnáthrialacha na loighce, déanann an méid sin neamhbhailí an argóint. ‘Cé a scríobhann an stair?’ arsa Máire. Ní thugann sise freagra ar an gceist reitriciúil sin, ach is é is dóichí ná a chéile ná gurb iad ‘na fir’ freagra na ceiste, dar léi. Léadh sí féin an aiste le Sarah–Anne Buckley, ‘Family and Power: Incest in Ireland, 1880–1950’, agus múinfidh Sarah–Anne di go mbíonn mná ag scríobh na staire leis; tá fáil ar an Idirlíon ar an aiste sin.
    Tá trácht go leor ag Máire ar éigniú agus ar chiorrú coil a bheith á ndéanamh ar mhná, ach ní thugann sise aon tuairim dúinn ar cén céatadán de na mná, ar mar gheall ar éigniú ná ar chiorrú coil a bheith déanta orthu, a cuireadh isteach in Árais na Máithreacha agus na Leanaí iad. Ní ar mhná bochta amháin a dhéantar iad an t–éigniú, ná an ciorrú coil, –– a fhianaise sin ar an aiste sin le Sarah–Anne Buckley. Cad déarfá leis an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí seo againne ná gur mhol siad in 2019 an ciorrú coil a bheith dleathach i gcásanna áirithe! Más gleadhradh le maide a fuair bean ó Éirinn óna hathair féin, nuair a fuair sé seo amach ise a bheith ag iompar, agus gur gin éigin a bhí sí a iompar, í a chrochadh a dhéanfadh a muintir san India léi. Is léir nach bhfuil daoine bochta chun deiridh ar dhaoine saibhre, ó thaobh caitheamh go han–chruálach lena gclann féin. Tagraíonn Máire do thuismitheoirí bochta a lig d’iníonacha leo dul ag obair ag feirmeoirí a mbíodh clann mhac na bhfeirmeoirí ag éigniú na mban óg seo. Cuireann sé masmas orainne in Iarthar Domhain nuair a chloisimid scéalta ar thuismitheoirí sa Chian–Oirthear a bheith ag cur a gcuid iníonacha le striapachas mar go dteastaíonn an teacht isteach ó na tuismitheoirí. Ní hannamh na hiníonacha seo a bheith fós ina leanaí! Cad é freagra na ‘Seanóirí Braighteálta’ in Iarthar Domhain ar an éagóir throm seo; an striapachas a dhéanamh dleathach, dar ndóigh. Má tá sé barbartha sa Chian–Oirthear, conas nach mbeadh sé barbartha in Iarthar Éireann chomh maith? Ná habair liom gur tuataí simplí leanbaí ba ea tuismitheoirí Iarthar Éireann sa saol a caitheadh.
    Tá an ceart ar fad ag Máire nuair a fhiafraíonn sise: ‘Cá raibh na hiriseoirí fiosrúcháin sna blianta sin?’
    Bhí mo mháthair féin an–deabhóideach, trócaire uirthi, ach chomhairligh sise domsa, agus mé i m’fhear óg, gan ceangal le Léigiún Mhuire, mar gur ag sá a smuit isteach i ngnóthaí príobháideacha daoine a bhíodh an Léigiún 70 bliain ó shin. Ag dul i leith na samhlaíochta atá Máire, más dóigh léi go n–éireodh le baill de Léigiún Mhuire ise a sheoladh ar ais go hÉirinn go dtí ceann d’Árais na Máithreacha agus na Leanaí i mblianta 1980, dá n éireodh leo a chruthú gur ag iompar linbh a bhí Máire, agus í ar bord loinge go Sasana. Tar éis an tsaoil, ba sa bhliain 1979 a thug Charlie Haughey isteach an tAcht Sláinte (Beartú Muiríne).
    Leanann Máire uirthi den chaint mhaslach nuair a chuireann sí i leith Sheosaimh Uí Chuaig gurb é ‘an sách’ é. Bímis buíoch di nár áirigh sí an Cuagach ar ‘na pugaíos anuas ón sliabh’ –– meas cuid de mhuintir Chois Fharraige ar mhuintir an taoibh thiar de Chonamara, de réir mar a thuigim.
    Bhí formhór mhuintir na hÉireann bocht sna blianta a caitheadh, na fir chomh maith leis na mná. Ní ghlacfadh Jordan Peterson le polaitíocht sin an aitheantais ag Máire. Ach cad eile, cad a dhéanfadh Peterson? Fear is ea é!
    Timpeall le 9000 leanbh a fuair bás i gcaitheamh beagnach 80 bliain in Árais na Máithreacha agus na Leanaí [14 cinn], agus sna Tithe Contae [4 cinn] a scrúdaíodh sa Tuarascáil ag an mbreitheamh Yvonne Murphy, agus a cuidse comhghleacaithe. 6666 leanbh sa bhroinn a maraíodh d’aon toisc sa Phoblacht sa bhliain 2019 de dhroim an Achta Sláinte (um Fhoirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018. Déarfadh duine gurb ‘éifeachtaí’ go mór is go fada Stát an lae inniu ‘ag fáil réidh’ leis na páistí raithní, le ginte an éigin, agus le ginte an chiorraithe coil. Tugadh an eotanáis isteach sa Spáinn, agus sa Phortaingéil le fíordhéanaí, agus má éiríonn leis an mBille um Bás Dínitiúil, 2020, ag Gino Kenny, is gearr go mbeidh an cuidiú leis an bhféinbhású dleathach i bPoblacht na hÉireann chomh maith. Tá aithne agamsa ar sheandaoine atá scanraithe ina mbeatha go dtarlóidh sé sin. Tá Eagnaíocht agus Eagnaíocht ann, is léir.
    Focal scoir. Ní dóigh liomsa go bhfuil sé ag cur le clú ‘tuairisc.ie’ go scaoiltear leis an gcaint mhaslach, agus leis an droch–chaint go deimhin, sna freagraí a thugtar ar cholúnaí rialta, ar nós Sheosaimh Uí Chuaig. Nó an amhlaidh a thuigtear do chuid de na ‘húdair’ seo nach airde iad na caighdeáin chúirtéise agus sibhialtachta a éilíonn tuairisc.ie ná na cinn a éilíonn na Córais Ghiolcaireachta?

  • Colm Mac Séalaigh

    Níor léigh mé alt chomh láidir ná chomh brónach ná chomh sárscríofa le fada.

  • Pat Butler

    Tá an ceart agat, a Sheosaimh. Níl an dara abairt puinn soiléir agus ní maith sin.

    Tá an chéad abairt an-shoiléir – sé sin, ní amháin go dtagaim go huile is go hiomlán le chuile focal in alt Mháire is go ndeinim amplú agus méadú ar atá ráite aici ann, ach, chomh maith céanna, ar fhianaise an phíosa a scrí sí thuas feictear dom go bhfuil an léamh céanna againn faoi stair scéal Árais na Máithreacha agus na bPáistí. Ar an gceist seo táim im mheigeafón do thuairimí Mháire agus deinim iad a amplú go fonnmhar.

    M’ás soiléir an méid sin, géillim go bhfuil an dara abairt iarrachtín dothuigthe. Séard a bhíos ag iarraidh a rá ná seo – ‘Is léir ón alt a scrí Seosamh Ó Cuaig go bhfuil sé ar an leathanach céanna le Eoghan Harris ar cheist Árais na Máithreacha agus na bPáistí. Deineann sé amplú agus meadú ar atá ráite ag Harris faoin scéal. Léiríonn Ó Cuaig an-mheas go deo ar léamh staire Eoghan Harris. Ní thagaim le Seosamh, olc, maith na donaí sa bhreithiúnas sin. Is léir ón alt a scrí sé féin ar cheist Árais na Máithreacha is na bPáistí go bhfuil Seosamh Ó Cuaig ina mheigeafón do thuairimí Eoghain faoin gceist is go ndeineann sé tuairimí Harris a amplú go fonnmhar.’

    Bheadh an méid sin i bhfad Éireann níos soiléire ná an ‘nuafhocal’ amscaí a rinne mé iarracht a chumadh thar bodhla Cornflakes ar maidin.

  • Paula Fyans

    A Mháire,
    Níor léigh mé píosa chomh macánta, soiléir nó chomh truamhéileach riamh faoi árais ma máthreacha agus fíor scéal na mná óga a chuireadh isteach iontu.

    N’fheadar an bhfuil leagan Béarla de ar fáil? Ba chóir go mbeadh ceann foilsithe (b’fhéidir san Irish Times?) ionas go léifear é go forleathan ar fud na tíre.

  • An Teanga Bheo

    Firinne den scoth ag Maire beir bua

  • Pádraic ó Cearra

    Ní fhéadfainn é a scaoileadh tharam, nuair a chuir Séamus de Barra i leith cuid de mhuintir Chois Fharraige go dtugann siad ‘pugaios anuas ó shliabh’ ar an dream is faide siar i gConamara. Níor chuala mé ariamh é. Ní fíor é sin agus inseoidh mé cén fáth. Ní anuas a thiocfadh muintir thiar Chonamara ach aniar. Ní ó shliabh a thiocfaidís ach an oiread mar ní dream sléibhe a bhformhór ach a lonnaíocht le cósta agus farraige. Ní moltar fear saighdte na ndaoine agus m’anam gur léir gurb é de Barra atá deas air.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar Phádraic ó Cearra

    Cé hé Séamus de Barra, nó cén bhaint atá aige siúd leis an díospóireacht seo? ‘Séamas de Barra’ atá ormsa. Nó b’fhéidir gur dóigh le Pádraic nach eol domsa conas m’ainm baistese a litriú. An dtaitneodh sé le Pádraic dá mba é ‘Pádraig Ó Cearra’ a scríobhfainnse? Ní rómhaith atá Pádraic chun an rud atá scríofa a thabhairt leis i gceart. Cá bhfuair seisean ‘pugaios anuas ó shliabh’. Ní hin é atá sa fhreagra agamsa ach ‘na pugaíos anuas ón sliabh’. B’fhéidir gur i ngá spéaclaí atá Pádraic.
    Insíonn Pádraic dúinn nár chuala sé féin riamh ‘pugaios anuas ó shliabh’ á thabhairt ag cuid de mhuintir Chois Fharraige ar an ‘dream is faide siar i gConamara’. Ní hin é atá sa fhreagra agamsa ach a oiread, ach gurb é ‘pugaíos anuas ón sliabh’ ‘meas cuid de mhuintir Chois Fharraige ar mhuintir an taoibh thiar de Chonamara, de réir mar a thuigim’. Chuala mise ‘na pugaíos anuas ón sliabh’ ag bean óg as Cois Fharraige i ndeireadh bhlianta 1970. D’inis sise domsa gur leagan é sin a chuala sí féin ag a hathairse, agus gurbh iad muintir an taoibh thiar de Chonamara a bhí i gceist ag a hathair. Dúirt an bhean chéanna liom nár chuala sí féin riamh ‘Cois Fharraige’ i gcaint a háite dúchais ar an gceantar arb as í féin, agus go bhfuil focail agus leaganacha i leabhair an Dr Tomás de Bhaldraithe ar Ghaeilge Chois Fharraige nár chuala sise riamh. Is mar sin a bhíonn i gcúrsaí teanga agus canúintí. Chuala mise leaganacha ar an nGráig i nGaeltacht Chorca Dhuibhne nach raibh ag Pádraig Ua Maoileoin, an foclóirí ó Chom Dhíneol, ábhar mílte laisteas den Ghráig.
    Leanann Pádraic air go dtriaileann ceacht tíreolaíochta a thabhairt do léitheoirí tuairisc.ie. Arsa Pádraic: ‘Ní anuas a thiocfadh muintir thiar Chonamara ach aniar. Ní ó shliabh a thiocfaidís ach an oiread mar ní dream sléibhe a bhformhór ach a lonnaíocht le cósta agus le farraige.’ Ní insíonn Pádraic dúinn cad as muintir an taoibh thiar go bunúsach. Cuir i gcás: dá mba anuas ó na Beanna Beola a thiocfaidís isteach an chéad lá riamh, cad eile cén focal ach ‘anuas’ a d’oirfeadh don insint sin – an tuiscint ag athair na mná as Cois Fharraige ó chianaibh, de réir dealraimh.
    Ar aon chuma, cé acu ciall atá ag Pádraic le ‘sliabh’? Moor, mountain na cialla a thugann an Dr Brian Ó Curnáin le ‘sliabh’ in Iml. IV den saothar mór sin aige féin, The Irish of Iorras Aithneach County Galway (Baile Átha Cliath 2007), ‘Index’, lch 2596. moorlands an t–aistriú ag an Dr Ó Curnáin ar ‘sliabhannaí’. Pádraig Ua Maoileoin, ó Chom Dhíneol, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, deireadh sé nach bhfuil sliabh ar bith in Éirinn, is é sin, sa chiall mountain. Sliabh an Iolair i bParóiste Fionntrá, 516 de mhéadair os cionn talún atá a mhullach sin; ach Cnoc Bréanainn sa taobh thuaidh de Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, 953 de mhéadair os cionn talún atá a mhullach seo. Is é sin le rá: gurb uachtaraí iad na cnoic ná na sléibhte –– i bpáirteanna den tír, ach go háirithe.
    Ó Chois Fharraige ba ea Máirtín Ó Cadhain, údar Cré na Cille. Ach thug seisean tamall ag múineadh i gCamas, sa taobh thiar de Chonamara. Ceann de na scéalta is fearr ag an gCadhnach, is é ‘An Strainséara’ é, in Cois Caoláire (Baile Átha Cliath 1953). Is é an Strainséara sa scéal sin, ‘an Fear Óg’, mac deirféar do bhean an tí a bhfuil sé ar cuairt acu. Is léir an–choimhthíos a bheith ar bhean an tí, Nóra, leis an bhFear Óg [lch 142]. Cad chuige an coimhthíos?; mar gur ón Tír Thiar é an Fear Óg. 20 míle ón teach ag Nóra atá an Tír Thiar [lch 142]. Beagán le cois 23 mhíle atá Cill Chiaráin ó Indreabhán. Míníonn an Dr Brian Ó Curnáin gur mó an caidreamh a bhíodh ag muintir na Tíre Thiar le muintir Cho. an Chláir, ná le muintir Chois Fharraige sa seansaol. Tá tréithe áirithe Muimhneacha i nGaeilge Iorras Aithneach nach bhfuil i nGaeilge Chois Fharraige.
    Nílimse á rá gur dream sléibhe iad formhór mhuintir na Tíre Thiar. Ó thaobh na loighce de, mura dream sléibhe iad a bhformhór, ciallaíonn sé sin gur dream sléibhe iad cuid acu. Tá a chuma air nach bhfuil sé tugtha faoi deara ag Pádraic nach mbacann daoine leis an bhfírinne, ná leis an loighic, agus iad ag caitheamh anuas ar dhaoine nach maith leo, ná ar dhaoine a bhfuil siad tite amach leo.
    Chuala mé féin ‘a stumpa asail’, á thabhairt ag fear ar fhear eile Tigh Khruger i nDún Chaoin fadó. Ba é ‘a chac asail’ an freagra ag an ‘stumpa asail’ ar an gcaint sin. ‘A leathcheann muice’ a thug ‘an stumpa asail’ ar an ‘gcac asail’ ansin. Ní raibh baint dá laghad ag na ‘beannachtaí’ sin leis an bhfírinne, ná leis an loighic, ach a oiread. Agus ar aon chuma, ní bhíonn cac asail, leathcheann muice, ná stumpa asail, le feiceáil sa teach tábhairne sin. Bhí braon ólta ag an mbeirt seo. Rinne siad an tsíocháin le chéile ina dhiaidh sin, mar gur seanchairde dá chéile ba ea iad!
    Is náireach an mhaise do Phádraic ó Cearra a chasadh liomsa gur ag saighdeadh na ndaoine atáim.
    Chuirfeadh sé leis an tuiscint atá ag Pádraic ar mhuintir Chois Fharraige, agus ar mhuintir na Tíre Thiar, scéalta Mháirtín Uí Chadhain a léamh. Ar an taobh thuaidh de Pharóiste Charna atá na Beanna Beola, agus de réir logainm.ie, is sa Ghaeltacht atá siad sin.

  • Pádraic Ó Cearra

    Freagra ag Pádraic Ó Cearra ar Shéamas de Barra

    Nach goilliúnach an duine é Séamas de Barra agus an múisiam a chuir mé air go dtug mé Séamus de Barra air. Thabharfá an leabhar mór air gur mhaslaigh mé d’aon turas é. Ach á mhéid scoláireachta a fhreagra, chinn sé air dubh ná dath muintir Chonamara thiar a chuir ar mhalairt slí agus iad ar a mbealach aniar go Cois Fharraige. Ní anuas a tháinig siad óna Beanna Beola ach an oiread.
    Níl fhios agam cén chuasnóig léinn ar chuir sé a cheann aisti, ach deirtí nach raibh neach ar bith ba choilgní ná foitheach agus nach raibh ga ar bith b’urchóidí ná ba nimhe neanta ach iompó a bhaint aisti i dtús an earraigh. I dtaobh dochtúirí móra an léinn agus na gramadaí móire, más leat a rail doirtmhireach a sheachaint ná ceartaigh iad ar do bheo ná do mharbh. Tá go leor acub ar marthain i bpuchóid léinn faoi féin-onóir agus féin-tíolacaithe agus cé go mbainfidh siad chuile ghaisneas as an tuathánach is beag leo sa deireadh é. Is gnaíúil an duine a admhós a chiotaíl agus a dhearmad más rud é gur ar ród an aimheolais a bhí, ach is lú oidhe ómóis don té a chuireann a chosa i dtaca agus díol a cheartaithe a’ gabháil dhó. ‘Níl saoi gan locht’ ach tá saoi anseo bail ó Dhia air agus is é do dhúshlán agus do cheann finne é a cheartú nó é a lochtú. Is purgóid dhearg dhó í lomchlár na fírinne agus cuireann sí chuile chineál éiseal agus fonn urlacain air ach a siolla á ghoineadh.
    Tá Séamas chomh sáinnithe le cat thíos i mála nó loirgneach eascainn i dtóin cochaill. Cuireann sé culaith ghaisce na habhcóide air féin a’ cuartú chuile spalla a shíleann sé a bheith ar forbhás a sháródh as an ngábh é. D’fhear nach bhfuil aithne ar bith aige orm nach mór aige cás a bheith aige faoi amharc mo shúl agus m’uireaspa spéacláirí le go dtabharfainn fríde na muice duibhe chun grinnis ar bhord dubh na stoithneachta. Rinne sé cion abhcóide ag baint adhmaid gur ‘ó shliabh’ in áit ‘ón sliabh’ a scríobh sé féin. Ní d’aon turas a cheartaigh mé i dtosach é ach i ngan fhios dhom féin mar gur b’shin é an leagan ceart ó fhear Gaeilge dúchais [Gaeltachta]. Thabharfá an Leabhar Eoin air gur ‘ón sliabh’ aonarach feannta feidhearta amháin a tháinig na pugaíos seo go Cois Fharraige. Nuair a ghabhfas Séamas chun grinnis athuair músclófar dhó go m’fhéidir gurb é an Béarla a bhuail baslach sna hioscaidí air ‘ón sliabh’ ‘from the mountain’.
    Níl call ar bith do Shéamas léacht a thabhairt dhomsa ar shliabh ná gach uige a mbaineann léi, mar gur ar thamhnach sléibhe a tóigeadh mé. Maidir leis na dochtúirí móra seo a bhfuil a n-eolas agus a bhfianaise tagartha de dhíth air, bíodh a fhios aige gur ó leithéide sinne a thiomsaigh siadsan cuid mhaith di. Ní mé a ndeachaigh aon dune acu seo go básta i gcaochpholl, nó raibh siad ariamh ag baint suathadh as an scraith ghlugair, ar bhain siad beart fiataíle mar leaba beithíoch, ar bhain siad beart cíb gheimhridh, an raibh siad faoin mbruach ag dúbláil, ar an mbarr íochtair ag scaradh móna in aghaidh binne agus mar sin.
    I dtaobh na mná seo a ndearna sé talamh slán dá comhrá i 1970 i gCois Fharraige , chuir sé fíor-iontas orm nach ndeachaigh sé thairsti ag fáisnéis eolais lena ghraithe a chinntiú agus gan a bheith a’ craobhscaoileadh ‘dúirt bean liom’ leathchéad bliain ina dhiaidh. Is mairg a ghabhfadh i dtuilleamaí comhrá bean amháin le breithiunas tarcaisne [tarcaisneach] a pobail a scáirdeadh go maslach ar phobal eile. Mholfainn do Shéamas agus é i mbun taighde dhá shórt arís , déanamh mar a dhéanfadh Tomás de Bhaldraithe, gan a bheith taobh le leagan, ráite ná tuiscint duine amháin. Ní hé an chéad duine ar scaoil sean-óganach éicint pait bhreá otraithe aige amach óna sean-mhuisteais liath le go sloigfeadh sé go hamplach é. Ba mhinic antrapólaithe agus a leithéid nach raibh mórán gean aige orthu de bharr a dtuataíle curtha ar míthreoir d’aon turas.
    Agus leis an gcaidhp bháis a chur ar chomhrá na mná seo a raibh Séamas ag caint léi, ní raibh fhios aige gur i gCois Fharraige a bhí sí ar chor ar bith. Dona go leor a chaiptín.
    Rinne sé beithé uilig dhó féin nuair a dúirt sé go bhféadfadh muintir na mBeanna Beola a theacht ‘anuas’ díreach go Cois Fharraige. Dá mbeadh eolas ar bith aige ar thírdhreach Chonamara bheadh fhios aige nach mairfeadh an t-abharsóir fhéin faoina chuid adharca ar na Beanna Beola.
    Creidim go bhfuil roinnt eolais aige freisin ar Ghaeilge Chiarraí agus Chorca Dhuibhne. Mara bhfuil scil aige i dtírdhreach Chonamara tá scil aige in asail agus i gcacannaí asail ón oíche sona suairc a chaith sé tigh Khruger. [Shíl mé freisin gur údar agus scríbhneoir a bhí in Pádraig Ua Maoileoin.]?

  • Liz

    Alt cumhachtach, macánta .. lean ort a Mháire.
    Fanann abairt amháin liom ” Níor shiúil(eamar) coiscéim amháin i mbróga na mná a bhfuil páiste gan iarraidh faoina broinn”

  • Séamas de Barra

    Freagra eile ag Séamas de Barra ar Phádraic Ó Cearra?

    Thóg sé fada go leor ar Phádraic teacht chuige féin tar éis domsa é a leagadh amach ar fad as cró na dornálaíochta an babhta deiridh.

    Tuigtear dom gur mac do Jimmí Chearra as Clochar na Locha, ó thuaidh den Lochán Beag in Indreabhán é Pádraic, beannacht Dé le hanam Jimmí Chearra. Fágann sin gur dócha go bhfuil seanaithne ag Pádraic ar an mbean as Cois Fharraige ar chuala mise an cur síos sin aici ar mhuintir an taoibh thiar de Chonamara. Tá bua na reitrice ag Pádraic. Is é an trua nach bhfuil bua an chruinnis, bua na loighce, ná bua na hargóinte aige.
    Bean Chois Fharraige ar chuala mé an cur síos sin aici, ní i gCois Fharraige a chuala mé an cur síos aici, ach i mBaile Átha Cliath. Ní sa bhliain 1970 a chuala mé aici é, ach i ndeireadh bhlianta 1970, mura bhfuil ag teip ar mo chuimhne. Sa bhliain 1970 a rinne mise scrúdú na hArd–Teistiméireachta. Ag a hathairse a chuala bean Chois Fharraige an cur síos. Ag obair in aon seomra amháin a bhí mé féin, bean Chois Fharraige, agus Pádraig Ua Maoileoin, ar feadh an áirithe sin blianta. Is cainteoir breá soiléir ba ea, agus is ea, bean Chois Fharraige. Í féin a d’inis domsa nár chuala sise ‘Cois Fharraige’ ar an gceantar arb as í féin agus Pádraic, i ngnáthchaint Chois Fharraige. Bhí na focail ‘ar bhóithrí Chois Fharraige’ cloiste agamsa san amhrán ‘Is í do Mhamó í’ i bhfad sular casadh bean Chois Fharraige riamh orm.
    Leanann Pádraic air go ndeir an méid seo:
    chuir sé fíor–iontas orm nach ndeachaigh sé [i.e. Séamas de Barra] ag fáisnéis eolais lena ghraithe a chinntiú agus gan a bheith a’ craobhscaoileadh ‘dúirt bean liom’ leathchéad bliain ina dhiaidh. Is mairg a ghabhfadh i dtuilleamaí comhrá bean amháin le breithiúnas tarcaisne [tarcaisneach] a pobail a scáirdeadh go maslach ar phobal eile. Mholfainn do Shéamas agus é i mbun taighde dhá shórt arís, déanamh mar a dhéanfadh Tomás de Bhaldraithe, gan a bheith taobh le leagan, ráite ná tuiscint duine amháin.
    Ní ag scríobh monagraif ar chanúint na mná sin a bhí mé. Bhí aithne na mblianta agamsa ar an Ollamh Tomás de Bhaldraithe, beannacht Dé lena anam. Bhí locht agamsa ar Mháire Ní Fhinneadha mar gur argóint ad hominem, dar liom, a bhí aicise i gcoinne Sheosaimh Uí Chuaig. Tá a chuma ar a bhfuil scríofa ag Pádraic gur argóint ad mulierem atá aige féin i gcoinne bhean Chois Fharraige. Tógaimse an–cheann do leaganacha áirithe cainte Gaeilge, agus fanann siad sa chuimhne agam. Ach ní hamhlaidh a bhíonn leabhar nótaí agam chun gach uile leagan díobh a bhreacadh síos. Tá de riail agam glacadh le leagan cainte ó chainteoir maith Gaeilge, mura bhfuil cúis ar leith agam lena cheapadh nach bhfuil an leagan tugtha leis, nó léi, i gceart aige, nó aici. Ní ag iarraidh breithiúnas tarcaisneach a scairdeadh ar na pugaíos a bhí mise. Tá pugaíos ar na cairde is mó atá agam. Go deimhin, is cineáilín de phugaí is ea mé féin.
    Tugaigí faoi deara, a léitheoirí, nár bhac Pádraic lena rá cé acu ciall atá aige féin le ‘sliabh’ –– moor nó mountain. Níor bhac sé ach a oiread le tagairt ar bith a dhéanamh don scéal sin le Máirtín Ó Cadhain, ‘An Strainséara’. Chuirfeadh Máirtín Ó Cadhain, agus Pádraig Ua Maoileoin Gaeilge lasnairde de ‘Ghaeilgeoirí’ móra an lae inniu, agus siar síos leo. Tá spearbals ar Phádraic. Ní dúirt mise gur anuas díreach go Cois Fharraige as an Tír Thiar a tháinig na pugaíos a raibh athair bhean Chois Fharraige ag tagairt dóibh. Insíonn Pádraic dúinn i ríomhphost Dé Máirt, Feabhra 9, 2021, gur ar thamhnach shléibhe a tógadh é féin. Má b’in é an tuairim ag athair bhean Chois Fharraige ar Phádraic, agus ar an dream ar díobh é, is i ngan fhios domsa é. Ag tagairt a bhí athair na mná sin do na pugaíos sa taobh thiar de Chonamara. An ón taobh thiar de Chonamara iad muintir Phádraic? B’fhéidir go bhfuil sé san am ag pugaíos Chonamara agus Chois Fharraige Cumann Cosanta Pugaíos a chur ar bun –– mar a bheadh Black Lives Matter ann.
    Tá seantaithí agam féin ar dhifríochtaí beaga foghraíochta agus stóir focal a bheith idir pharóistí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, agus go deimhin féin, idir an ceann thiar agus an ceann thoir den aon bhaile fearainn amháin. De réir mar a thuigim, bheadh Pádraic comhaois le bean Chois Fharraige. Tá an éisteacht maith go leor agamsa i gcónaí, buíochas le Dia, ach is fearr a bhí sí agam i ndeireadh bhlianta 1970. Casadh bean Chois Fharraige agus a hathairse ormsa i gClub an Chonartha blianta fada ó shin, agus bhí comhrá againn le chéile. Fear mín macánta an t–athair.
    Ba é an tOllamh Tomás de Bhaldraithe a bhí ina Ollamh le Gaeilge, agus mise ag staidéar na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, 1970–1974. Ba é an tOllamh de Bhaldraithe a bhí ina Eagarthóir Comhairleach ar Foclóir Gaeilge–Béarla (1977 recte 1978), agus bhí mise ar fhoireann an fhoclóra sin. Léitheoir profaí ba ea mé. D’oibrigh mé leis an Ollamh de Bhaldraithe ar An gCaighdeán Oifigiúil, 1978–1981, agus ba é de Bhaldraithe ba mhó faoi deara gur thug Cumann Merriman cuireadh domsa páipéar a léamh don Chumann sin i Lúnasa 1989 ar ‘Mherriman’. Níor aontaigh mé le gach uile rud riamh dá ndúirt de Bhaldraithe i dtaobh na Gaeilge, ach níl aon amhras orm ná gurbh é an scoláire Gaeilge ab fhearr in Éirinn é leis na céadta bliain. Creidim gurb é an Dr Brian Ó Curnáin an scoláire Gaeilge is mó le rá in Éirinn an lae inniu. Tá sé tugtha suas don Dr Ó Curnáin nach bhfuil aon saothar, ar aon teanga, ná ar aon chanúint ar domhan, is cuimsithí ná The Irish of Iorras Aithneach (4 Imleabhar: Baile Átha Cliath 2007).
    De réir a bhfuil ráite ag Pádraic, gheobhadh seisean locht ar ‘tá bó agam ar an sliabh’, agus ‘pós bean ón sliabh, agus pósfaidh tú an sliabh.’ Scríbhneoir mór ó Thír na mBascach, Miguel de Unamuno, bhí an–spéis sa Bhascais aige agus é ina fhear óg, agus thug sé tamall ag múineadh na teanga sin. Ó dhá chúige dhifriúla de Thír na mBascach ba ea an dá sheanmhuintir ag Unamuno. Ainneoin an dá sheanmhuintir a bheith ina gcainteoirí dúchais Bascaise, ní thuigidís a chéile, má b’fhíor d’Unamuno, nuair a chastaí ar a chéile iad –– agus an dá chúige sin a bheith buailte le chéile! Chaith Unamuno an Bhascais in airde ar fad leis féin, agus ghabh leis an gCaistílis mar theanga litríochta, agus le himpiriúlachas na Spáinne mar idé–eolaíocht pholaitíochta. Fear é a thacaigh le scaradh na Catalóine le Stát na Spáinne, ach nár thacaigh le scaradh le Tír na mBascach ó Stát na Spáinne. Fear sciotsóideach go leor ba ea é. Bhí sé ina Shóisialaí tamall, agus d’fháiltigh sé roimh bhunú an Dara Poblacht sa Spáinn in 1931. Ach chuir an bhrúidiúlacht agus an loitiméireacht ag na Sóisialaithe casadh aigne air, agus nuair a d’éirigh Franco amach i gcoinne an Dara Poblacht, ba le Franco a thacaigh Unamuno. Agus ansin, cad déarfá leis ná gur cháin sé cuid de lucht leanúna Franco in el Paraninfo, Halla Mór Ollscoil Shalamanca, Deireadh Fómhair 12, 1936, an ollscoil a raibh sé féin ina Reachtaire uirthi. Formhór a chuid nianna agus neachtanna sa lá atá inniu ann, is Sóisialaithe iad, ach tá cuid de na Sóisialaithe nach maithfidh go deo d’Unamuno gur thacaigh sé le Franco. Thug Gaeilgeoirí Gaeltachta na deicheanna de bhlianta ag troid lena chéile i dtaobh na gcanúintí. Tá Gaeilgeoirí dúchais ann a chreideann gurb í Gaeilge a mbaile fearainn féin an t–aon Ghaeilge amháin atá ceart. Is cuimhin liom féin go maith, Charlie Ó Conchubhair, seanfhondúir de chuid Dhún Chaoin, a rá i Meán Fómhair na bliana 1970 nach raibh d’fhíor–Ghaeltacht in Éirinn ach Paróiste Dhún Chaoin. Bhí Máirtín Ó Cadhain ar an gcruinniú ar Scoil Dhún Chaoin ar caitheadh an chaint sin air!
    Ach an bhfuil leigheas ar scéal Phádraic? Ba í mo chomhairlese do Phádraic buidéal Sgrámó a cheannach dó féin, agus boilgimín a bhaint as anois agus arís. Tá focal Mhyles na Gopaleen féin againn air go bhfuil leigheas ar gach uile ghearán sa Sgrámó.

  • Tomás Ó Cualáin

    An-alt, a Mháire!
    Théis chomh cruinn, loighiciúil, argóinteach is atá an Barrach ní thuigeann sé nach mbaineann an t-ábhar seo lena leithéid d’ealaín beag ná mór. Níor mhiste dó cúlú ón méarchlár agus a aghaidh a thabhairt ar shliabh éigin! Táimid basctha agus bodhraithe aige!

  • Séamas de Barra

    Nach discréideach an fear é Tomás Ó Cualáin. Ní insíonn sé do léitheoirí tuairisc.ie cén t ábhar é ‘an t–ábhar’ a bhfuil sé féin ag tagairt dó.
    Dealraímse go dtuigtear do Thomás Ó Cualáin nach mbaineann an cruinneas, an loighic, ná an dea–argóint le cúrsaí Árais na Máithreacha agus na Leanaí; ná leis an iarracht ar Sheosamh Ó Cuaig a chur ina thost, a ‘dhí–ardánú’, i dtaobh gan Seosamh géilleadh focal ar fhocal do chomhdhearcadh na bhfeimineach ar an ábhar sin. An ea nach bhfuil cead ag Seosamh buíochas a ghabháil go poiblí leis na mná rialta a chinntigh go gcuirfí oideachas air féin? Más ‘ealaín’, dar le Tomás, is ea an cruinneas, an loighic, agus an dea–argóint, ní fada a mhairfidh an daonlathas sa tír seo, más leis an ‘gcomhdhearcadh’ a bheidh an móramh ag aontú.
    Agus cár fhág Tomás an tslí ar caitheadh go Críostaí le haintín le Ciarán Ó Coigligh, ná an tslí a ndeachaigh Éamon de Valera chun cinn sa saol, ainneoin gur fhág athair Éamoin máthair Éamoin ann, agus go bhfacthas do mháthair Éamoin go gcaithfeadh sí Éamon a chur faoi chúram dílleachtlainne? Dar le cuid de naimhde Éamoin de Valera, is drochbhastard ba ea é; agus chuala mé féin á chasadh le de Valera gur leanbh dáiríre chomh maith ba ea é. Mura mbeadh gur ghlac uncail d’Éamon isteach leis ina theach féin i gCo. Luimnigh, is cuma eile ar fad a bheadh ar Éirinn san 20ú céad.
    Níl sliabh, cothrománach ná uachtarach, i ngaireacht 5 chiliméadar do mo theachsa. Tá súil agam nach amhlaidh atá Tomás ag moladh dom an dlí a shárú.
    Dála an scéil, cé ar a shon atá Tomás ag labhairt, tharla é a bheith ag dul i leith iolra an rí, nó an Phápa –– ‘Táimid basctha agus bodhraithe aige’? Cé a cheap Tomás ina urlabhraí ag lucht an chomhdhearcaidh? Nó an féidir gurb é ‘Léigiún’ is ainm dó féin? Nó an ráineodh gur de Chlann Tomáis é Tomás, dream ar minic leo titim amach le chéile, agus tosú ar a bheith ag bualadh agus ag pleancadh a chéile i ndeireadh cruinnithe?
    Ní eacsaircistí is ea mise. Ní chreidim go n–éireodh leis an Sgrámó féin, na deamhain go léir a dhíbirt.
    Dála an scéil, is é mo thuairim féin –– agus dar ndóigh, tuairim an tSeabhaic –– gur ón bhfocal Béarla pug é ‘pugaí/pogaí’ na Gaeilge go bunúsach. Is é rud a chiallaíonn pug ‘bulladóir’, nó bulldog. Seanfhondúir sa Ghúm fadó, Séamus Ó Dúgáin, beannacht Dé lena anam, thug sé a thuairim gurb é mianach an mhadra ghearr atáim ionamsa. Ní déarfainn i gcoinne an Dúgánáigh.