Poipín na saoirse? Ní hea ach poipín dearg síolteagasc lucht na gcogaí impiriúla…

Is cuma cén cóiriú a chuirfeas John Bruton ar an scéal, is ag troid ar son Impireachta a bhí na hÉireannaigh a maraíodh go gránna i dtrinsí na Fraince

Anzac_poppiesTháinig séasúr na bPoipíní agus d’imigh sé. Mar is gnáth, bhí seoiníní na tíre seo ag baint na sála dá chéile féachaint cé acu is túisce a mbeadh poipín dearg i gcába an chóta aige.

Caithfear comóradh a dhéanamh ar na laochra a throid ar son na saoirse sa gCéad Chogadh Mór, a dúirt siad.

Is cóir dúinn, go deimhin. Is cuí agus is tairbheach go ndéanfaí comóradh nó cuimhneachán ar dhuine ar bith a fuair bás, ach maidir le bheith ag caint ar shaoirse sa gcás seo, níl ann ach drochstair agus bealach le daoine a chur ar thaobh na n-aingeal i gcogaí atá ar bun inniu agus a bheas ann amach anseo.

Ní saoirse a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Mór ná rud ar bith mar é. Mar a dúirt an ceannaire Rúiseach Lenin ag an am, is éard a bhí ann coimhlint idir Impireachtaí faoi na sealúchais a bhí acu i dtíortha thar lear.

Is cuma cén cóiriú a chuirfeas John Bruton ar an scéal, is ag troid ar son Impireachta a bhí na hÉireannaigh a maraíodh go gránna i dtrinsí na Fraince.

An té nach gcreidfeadh an ceannaire cumannach, is fiú dó súil a chaitheamh ar an ráiteas a chuir rí Shasana amach i 1915 agus a d’fhoilsigh an Connacht Tribune arís le gairid. ‘The King’s Appeal To My People’, an teideal a bhí air. Seo mar a dúirt sé:

“I rejoice in my Empire’s effort, and I feel pride in the voluntary response from my subjects all over the world who have sacrificed home, fortune, and life itself, in order that another may not inherit the free Empire which their ancestors and mine have built.”

Sin é a bhí le léamh ag fir óga Chonamara, cuir i gcás, an bhliain sin. Cuid mhaith acu, ní raibh siad in ann é a léamh ach bhíodh siopadóir sleamhain eicínt sa gceantar i gcónaí, sin nó béinneach de shagart paróiste, lena mhíniú dóibh go raibh sé de dhualgas orthu a dhul ag troid sa gcogadh.

Sa lá atá inniu ann, tá úsáid á bhaint as an bpoipín dearg le síolteagasc a dhéanamh ar son na gcogaí impiriúla atá ar bun anois. Mo léan géar, tá an tír sin againne páirteach sa drochobair seo freisin. Ní call duit a dhul thar Aerfort na Sionainne agus na céadta míle saighdiúir Meiriceanách a lig muid tríd le scrios agus ár a dhéanamh i dtíortha eile.

Lena chois sin arís, tá muid ag dul níos doimhne de réir a chéile i dtionscal na n-arm. Sa mbliain 2012, chuir Éire luach €2.3 billiún d’ábhar arm thar sáile.

Ionad tábhachtach í an tír seo anois ag déantóirí arm as an mBreatain, as an bhFrainc agus as an Rúis. Tugann an IDA deontais do na comhlachtaí rúnda, urchóideacha céanna.

Ar na tíortha a gcuirtear na hábhair arm chucu, tá Iosrael, an Araib Shádach, Meiriceá, an Rúis, an tSín, an Phacastáin agus an Afganastáin.

Cúpla mí ó shin, rinne an tAire Cosanta, Simon Coveney, an ráiteas seo a leanas:

“We are planning… to link defence infrastructure and the skillset of the defence forces with innovators in the private sector… we can potentially develop products that can be put to good use in the market for the private sector as well.”

Chéapfá ar an gcéad léamh nach raibh i gceist ag an Aire ansin ach tionscal a chur chun cinn ach is éard atá beartaithe aige le fírinne fórsaí cosanta na tíre seo a úsáid le airm a fhorbairt a mharós daoine agus a dhéanfas léirscrios i dtíortha thar lear amach anseo.

Ní bheidh de thoradh air sin ach tuilleadh teifeach a bheith ag teitheadh lena n-anam. Agus gan de chúis leis sa deireadh ach breis brabúis a chur ar fáil do na comhlachtaí atá ag déanamh na n-arm seo.

Is fada cáil na neodrachta ar arm na hÉireann. Buíon amhas atá an tAire Coveney ag iarraidh a dhéanamh díobh.

Idir an dá linn, tá cabhlach na hÉireann sa Meánmhuir ag iarraidh leigheas a fháil ar an toradh a bhíonn ar úsáid na n-arm léirscriosta.

Fág freagra ar 'Poipín na saoirse? Ní hea ach poipín dearg síolteagasc lucht na gcogaí impiriúla…'

  • Eoghan ONeill

    Ar son na hImpireachta a bhí siad sna trinsí agus is éasca sin a thuiscint mar shampla, lucht Nua Séalainne ba í an Impireacht a bhain an talamh ó na Maurí agus a thug dóibh é, mar an gcéanna san Astráil ó na bundúchasaigh agus i gCeanada ó bhundúchasaidh agus Métis. In Éireann tharla an rud céanna agus ní haon iontas é go raibh scar den phobal buíoch as an mhaoin talaimh a baineadh ó na Gaeil agus a thug an Impireacht dá sinsir tráth.

    Ach bhí Mauris, Bundúchasaigh agus Gaeil ann chomh maith agus bheadh sé suimiúil a scéalta siúd a chlos chun tuiscint ar an dóigh ar bhraith siad go raibh se de dhualgas orthu an Impireacht a chosaint.

  • Larry Phelan

    an-alt, a Josie, is maith sibh, a Thuairisc, faoi ardán a thabhairt dó

    náire shaolta go mbeimis ag déanamh/ceannach/díol arm le hIosrael, nó le haon tír eile atá i mbun cogaidh, agus na créatúir bhochta atá thíos leis ag iarraidh a mbealach a dhéanamh tríd an nGréig, an Ungáir srl., is é sin an dream nach gcailltear san fharraige

  • Gabriel Rosenstock

    Ní maith liom siombailí ach más gá poipín a chaitheamh, bíodh sé ina phoipín bán.

    https://robertgraham.wordpress.com/2013/11/09/war-remembrance-and-propaganda/

    G