POBALBHREITH VÓTA 2016/GAILLIMH THIAR: FG agus FF ag cosaint a bhfuil acu agus seans mór ag Ó Clochartaigh

Titim mhór tagtha ar vóta Pháirtí an Lucht Oibre agus méadú mór tagtha ar sciar Shinn Féin den vóta sa dáilcheantar cúig shuíochán

Catherine Connolly Trevor Ó Clochartaigh Seán Kyne
Ó chlé: Catherine Connolly (NS), Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Seán Kyne (FG) ag cruinniú poiblí i gCois Fharraige an tseachtain seo caite

Níl aon athrú tagtha ar vóta Fhianna Fáil ná ar vóta Fhine Gael i nGaillimh Thiar ó Olltoghchán 2011, ach tá titim mhór tagtha ar vóta Pháirtí an Lucht agus méadú mór tagtha ar sciar Shinn Féin den vóta sa dáilcheantar cúig shuíochán.

De réir na pobalbhreithe is déanaí a dhein IPSOS/MRBI don chlár Vóta 2016 ar TG4, 30% den vóta i nGaillimh Thiar atá ag Fine Gael, an céatadán céanna a bhí ag an bpáirtí in 2011. 21% den vóta a thugtar d’Fhianna Fáil sa phobalbhreith nua, an céatadán céanna a fuair an páirtí sin in 2011.

Craolfar tuilleadh sonraí i dtaobh na pobalbhreithe ar Vóta 2016 ar TG4 anocht ach, idir an dá linn, tá an chuma ar an scéal go mbuafaidh Fine Gael an athuair an dá shuíochán atá acu i nGaillimh Thiar agus go mbeidh Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil ag filleadh ar Dháil Éireann.

De réir na pobalbhreithe, tá méadú mór tagtha ar vóta Shinn Féin agus Trevor Uí Chlochartaigh ó 2011. 6.28% den vóta céad rogha a bhí ag Ó Clochartaigh in 2011 agus 11% atá aige sa phobalbhreith seo, rud a thabharfadh seans mór ar shuíochán don Seanadóir as an gCeathrú Rua.

A mhalairt de scéal atá ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus an Teachta Dála Derek Nolan. Ba ag Nolan a bhí an líon ab airde de vótaí céad rogha in 2011 nuair a bhuaigh sé an dara suíochán do Pháirtí an Lucht Oibre. Os cionn 12% den vóta a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre agus Nolan an uair sin ach níl ach 6% acu i bpobalbhreith TG4.

Tá 21% den vóta ag na neamhspleáigh atá ag seasamh i nGaillimh Thiar, rud a thabharfadh le fios go mbeidh leithéidí an Teachta Dála Noel Grealish agus an Comhairleoir Cathrach Catherine Connolly san iomaíocht chomh maith do shuíochán.

Tacaíocht na bpáirtithe i nGaillimh Thiar/Maigh Theas

Fine Gael                     30%

Fianna Fáil                  21%

Sinn Féin                    11%

Lucht Oibre                 6%

Páirtithe Eile               11%

Neamspleách               21%

 

Fág freagra ar 'POBALBHREITH VÓTA 2016/GAILLIMH THIAR: FG agus FF ag cosaint a bhfuil acu agus seans mór ag Ó Clochartaigh'