Rachaidh muintir na Breataine agus an tuaiscirt chun na botháin vótála inniu i gceann de na toghcháin Westminster is cinniúnaí riamh.
An Breatimeacht ba chúis leis an toghchán tobann, ba é ba mhó a bhí faoi thrácht le linn an fheachtais agus socróidh toradh an toghcháin cad atá i ndán dó.
Trí bliana go leith ó vótáil an pobal ar son an tAE a fhágáil, tá scoilt mhór i measc an phobail i gcónaí faoin gceist agus tá teipthe glan ar pholaiteoirí teacht ar aontú faoi chúrsa an Bhreatimeachta.
Beifear ag súil gur fuascailt ar an tsáinn in Westminster maidir le ceist an AE a bheidh i dtoghchán an lae inniu.
‘Cuirtear i gcrích an Breatimeacht’ an mana atá ag Boris Johnson agus na Tóraithe agus má éiríonn leo móramh a fháil inniu, mar atá á thuar sna pobalbhreitheanna le tamall cé go bhfuil fianaise áirithe ann go bhfuil an bhearna ag laghdú, ba chóir go n-éireodh leis an bPríomh-Aire an margadh imeachta a rinne sé leis an AE a chur tríd an bparlaimint roimh dheireadh mhí Eanáir.
Ní bheadh ansin ach tús aistir ar bhóthar casta crosta, áfach.
Tá geallta ag Johnson nach mairfidh an tréimhse eatramhach idirbheartaíochta níos faide ná deireadh na bliana 2020, ach measann mórán gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar mhargadh faoi chúrsaí trádála faoin am sin.
Má bhíonn an lá le Jeremy Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre, iarrfar síneadh ama eile ar an AE ar mhaithe le cainteanna faoi mhargadh nua. Breatimeacht níos boige agus aontas custam nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAE atá geallta ag Corbyn chomh maith le reifreann eile faoina mhargadh nua laistigh de shé mhí.
Fadhbanna an NHS, cúrsaí dlí agus ord, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí timpeallachta na ceisteanna móra eile atá ag dó na geirbe ag an bpobal.
Tá geallta ag na Tóraithe go gcuirfidís tús le clár mór infheistíochta san infreastruchtúr, go méadóidís buiséad an NHS agus go gcuirfidís 20,000 póilín breise ar dualgas ar na sráideanna.
Tá cur chuige cáin agus caitheamh geallta ag Páirtí an Lucht Oibre chomh maith le clár náisiúnaithe.
Maidir leis na mionpháirtithe, bhíothas ag tuar ar feadh tamaill go dtiocfadh borradh faoi vóta na nDaonlathach Liobrálach.
Meastar anois, áfach, nach bhfuil aon ghaisce rómhór i ndán do pháirtí Jo Swinson agus gurb amhlaidh nár chuaigh a ngealltanas go gcuirfí an Breatimeacht ar ceal scun scan i bhfeidhm rómhór ar dhaoine.
Tá fianaise ann go bhfuil vótóirí a bhí ag cuimhneamh ar vótáil do na Daonlathaigh Liobrálacha agus mionpháirtithe eile ag iompú ar an dá pháirtí mhóra. Ar ndóigh, d’fhéadfadh go mbeadh go leor ag brath ar na Daonlathaigh Liobrálacha sa chás go mbeadh parlaimint gan tromlach ann.
Seo an chéad uair don Brexit Party a bheith san iomaíocht i dtoghchán parlaiminte, cé nach mbeidh a gceann feadhna Nigel Farage ag seasamh. Níl iarrthóirí ag an bpáirtí aon áit a meastar suíochán slán a bheith ag na Tóraithe.
Meastar gurb é an seans is mó tuisle as a bhaint as Johnson agus na Tóraithe ná go mbeadh ‘comhghuaillíocht’ ann idir Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Liobrálacha agus an SNP agus vótáil teaicticiúil eatarthu dá réir.
Bheadh reifreann eile faoi neamhspleáchas na hAlban ina chuid d’aon mhargadh a dhéanfadh Nicola Sturgeon agus an SNP.
Timpeall a 10 pm anocht a fhógrófar torthaí na chéad phobalbhreithe iarvótála agus tiocfaidh na torthaí isteach de réir a chéile ina dhiaidh sin. Beifear ag súil le toradh go luath amárach.
Beidh cead ag an bpáirtí is mó i ndiaidh an toghcháin iarracht a dhéanamh rialtas a bhunú ach cuireadh chuige sin a fháil ó Bhanríon Shasana.
Fág freagra ar 'Pobal scoilte ag triall ar na botháin vótála faoi scamall an Bhreatimeachta'