Plean náisiúnta de dhíth chun imreoirí óga a fhorbairt

Moltaí fiúntacha i dtuarascáil nua ar fiú aird a thabhairt orthu

Plean náisiúnta de dhíth chun imreoirí óga a fhorbairt

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is iomaí uair caint cloiste agam faoi thallann páistí áirithe agus is iomaí uair an seanrá faoin ‘dúchas’ agus an ‘cat’ cloiste agam freisin. Ach tuigimse, agus tamall fada caite agam ag múineadh páistí bunscoile agus tamall fada eile caite agam ag plé le cúrsaí iomána agus peile, go mbuann an obair chrua ar an tallann i gcónaí. Tá cuid mhaith dírbheathaisnéisí spóirt léite agam agus tá béim ríláidir iontu go léir ar an méid ama a chaitheann na laochra ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas. Níl aon rún i gceist. Faigheann an obair chrua an ceann is fearr ar an tallann gach uair.

Le déanaí léas cúpla alt ar na páipéir faoi thorthaí taighde a rinne grúpa a bhí ag obair ar son CLG chun eolas a bhailiú faoi imreoirí faoi 16 a fhorbairt fud fad na tíre.

Bhí an grúpa seo faoi cheannaireacht Michael Dempsey, an traenálaí buacach as Cill Chainnigh, agus an sprioc a bhí acu ná a chinntiú go mbeadh na hacadaimh fhorbartha i ngach contae ag feidhmiú de réir an dea-chleachtais agus go mbeadh cur chuige iomlánaíoch á chleachtadh acu.

Agus iad i mbun an phróisis chomhairliúcháin seo thugadar cuairt ar gach contae agus labhair siad leis na páirtithe leasmhara go léir. Cheistíodar agus d’éisteadar. Labhair siad le múinteoirí, imreoirí, tuistí, cóitseálaithe, lucht na gclubanna agus na n-acadamh, oifigigh lánaimseartha, oifigigh na mbord contae agus cúige.

Agus an dian-iniúchadh sin déanta, cuireadh le chéile dréacht-tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Choiste Forbartha na gCluichí go luath. Má ghlacann an coiste leis an dréacht cuimsitheach seo beidh sé thar a bheith suimiúil féachaint an dtiocfaidh mórán athruithe as mar tá cuid mhaith athruithe á moladh.

Go hidéalach bheadh sé níos fearr go mbeadh na scoileanna, na clubanna, na hacadaimh agus na boird chontae ag obair as lámh a chéile, rud nach dtarlaíonn go minic. Bheadh sé sin i bhfad níos fearr don chóras forbartha atá á úsáid i láthair na huaire.

Ach tá athrú radacach go leor á mholadh ag an tuarascáil seo. Tá cuid mhaith eolais eolaíochta ag teacht ó eagraíochtaí spóirt ar fud an domhain agus iad ar aon fhocal go dtosnaítear ag earcú daoine do na hacadaimh fhorbartha róluath agus go bhfuil i bhfad an iomad imreoirí á gcailliúint dá bharr. De réir an eolais nua seo roghnaítear na himreoirí is tapúla, is mó, is láidre agus is aibí agus déantar dearmad glan ar imreoirí eile a dtagann feabhas mór orthu de réir mar a théann siad in aibíocht níos déanaí.

An sprioc ollmhór atá ann, de réir an tuarascála nua seo, ná teacht ar mhúnla náisiúnta chun tallann a aithint agus a fhorbairt, múnla a thabharfaidh tús áite don imreoir agus a riachtanais go léir. Tá an cur chuige iomlánaíoch seo thar a bheith tábhachtach. An fhadhb ollmhór atá ann i láthair na huaire ná nach bhfuil an chuid is mó de na clubanna, na hacadaimh, na scoileanna agus na contaetha ag obair as lámha a chéile.

Tá dea-rialachas riachtanach le go mbeadh aon seans ag na moltaí nua (má ghlactar leo). Tá struchtúr cumarsáide an-tábhachtach mar aon le roghnú agus oiliúint cóitseálaithe. Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfeadh tuismitheoirí cad a bheadh i gceist.

I mo thuairimse tá fiúntas sna moltaí nua agus tá súil agam go spreagfaidh siad díospóireacht agus go dtabharfar seans dóibh.

Fág freagra ar 'Plean náisiúnta de dhíth chun imreoirí óga a fhorbairt'