Plean athoscailte an stáit aontaithe ag an Rialtas

Cuirfear tús le scaoileadh na srianta Leibhéal 5 Dé Máirt seo chugainn

Plean athoscailte an stáit aontaithe ag an Rialtas

D’aontaigh an Rialtas tráthnóna plean athoscailte an stáit.

Cuirfear tús le scaoileadh na srianta Leibhéal 5 Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh cead oscailte ag siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta.

Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin. Beidh cead chomh maith ag daoine leadóg agus gailf a imirt.

Beidh cead ag daoine freastal ar sheirbhísí eaglaise an tseachtain seo chugainn freisin.

Dé hAoine an 4 Nollaig a bheidh cead oscailte ag bialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Bhí malairt poirt ag an Rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí faoin ngné sin den phlean díchuibhrithe go háirithe, ach dhiúltaigh an Rialtas do chomhairle NPHET.

Seirbhís beir leat amháin a bheidh ceadaithe ag tithe tábhairne nach bhfuil cistin acu.

Idir an 18 Nollaig agus 6 Eanáir a cheadófar cuairteanna chun an tí chun deis a thabhairt do dhaoine an Nollaig a cheiliúradh i dteannta a muintire.

Beidh cead ag trí líon tí teacht le chéile faoin aon díon amháin don Nollaig.

Beifear ag moladh do dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh in áiteanna plódaithe.

Ba í comhairle NPHET don Rialtas nár chóir cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne ach seirbhís beir leat a chur ar fáil i rith mhí na Nollag ar fad.

Bhí an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige níos coimeádaí ná mar atá beartaithe ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála.

Tá imní ar NPHET go háirithe faoi chuairteanna tí a bheith ceadaithe agus bialanna agus tithe tábhairne a bheith oscailte ag an am céanna.

Tá rialacha nua le tabhairt isteach maidir leis an spás a cheadófar idir na boird i mbialanna agus an méid ama a cheadófar do chustaiméirí fanacht i mbialann.

Cuirfidh an Rialtas tús chomh maith le mórfheachtas poiblíochta ar mhaithe le cur ina luí ar dhaoine ‘Nollaig shábháilte’ a bheith acu.

An phríomhtheachtaireacht a bheidh ann ná go mbíonn deis eile ag an víreas scaipeadh gach uair a mbuaileann tú le duine eile agus gur gá duit srian a chur le líon na dteagmhálaithe a bhíonn agat.

Dúirt urlabhraí Sláinte Shinn Féin David Cullinane go raibh gá le plean a mbeadh éifeacht bhuan leis agus ní ceann gearrthéarmach a d’fhágfadh go gcaithfí a thuilleadh srianta a thabhairt isteach mí Eanáir. Dúirt sé nach maithfí don Rialtas é más amhlaidh nach bhfuil infheistíocht cheart déanta acu sa chóras tástála agus cuardaigh.

Chaithfí, a dúirt sé tréaniarracht a dhéanamh “greim a fháil ar an víreas” chun a chinntiú nach tréimhse dianghlasála i ndiaidh tréimhse dianghlasála atá i ndán dúinn an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Plean athoscailte an stáit aontaithe ag an Rialtas'