Pianbhreith shaoil do Bhuachaill A agus téarma 15 bliain do Bhuachaill B as dúnmharú Ana Kriégel

Gearradh pianbhreith inniu ar an mbeirt bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel, cailín 14 bliain d’aois, anuraidh. Is iad na buachaillí an bheirt is óige a ciontaíodh as dúnmharú ó bunaíodh an Stát

Pianbhreith shaoil do Bhuachaill A agus téarma 15 bliain do Bhuachaill B as dúnmharú Ana Kriégel

Gearradh pianbhreith inniu ar an mbeirt bhuachaillí, Buachaill A agus Buachaill B mar atáthar a thabhairt orthu, a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel, cailín 14 bliain d’aois, anuraidh.

Téarma saoil faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill A ach déanfar athbhreithniú ar an bpianbhreith sin faoi cheann 12 bliain féachaint ar cheart é a scoileadh saor. 

Téarma 15 bliain faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill B agus déanfar athbhreithniú air sin faoi cheann ocht mbliana.

Tá an bheirt bhuachaillí atá 15 bliain d’aois anois ar a gcoinneáil ó ciontaíodh iad níos túisce sa mbliain.

Ciontaíodh an bheirt déagóirí i ndúnmharú Ana Kriégel i dteach feirme tréigthe i Leamhcán in iarthar chathair Bhaile Átha Cliath ar an 14 Bealtaine 2018. Bhí na buachaillí 13 bliain ag an am.

Coinneofar na buachaillí in Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh go dtí go mbeidh siad 18 bliain d’aois agus aistreofar ansin iad go dtí príosún do dhaoine fásta don chuid eile dá bpianbhreitheanna.

Ciontaíodh Buachaill A i dtromionsaí gnéasach chomh maith. Shéan sé go ndearna sé a leithéid agus cé gur shéan sé chomh maith go raibh aon bhaint aige leis an dúnmharú dúradh sa chúirt go nglacann sé leis go raibh baint aige le dúnmharú an chailín óig.

Dúirt Buachaill B go bhfaca sé a chara ag ionsaí Ana, ach séanann sé go raibh baint aige leis an dúnmharú.

Dúirt an Breitheamh Paul McDermott go raibh beatha Ana ‘an-luachmhar’ agus go n-aireoidh a teaghlach uathu í an chuid eile dá saol. Dúirt sé gur cailín óg folláin a bhí inti a raibh a saol ar fad amach roimpi agus go raibh níos mó ina saol ná an choir seo.

 Bhí a saol lán le “fuinneamh, spraoi, grá, damhsa agus ceol”.

Dúirt sé go bhféadfadh sé pianbhreith shaoil a ghearradh ach nach raibh sin sainordaithe i gcás daoine a bhí faoi aois. Dúirt sé nach raibh aon údarás aige pianbhreith a raibh cuid di ar fionraí a ghearradh.

Dúirt an breitheamh go raibh an t-údarás aige pianbhreith choimeádta a ghearradh a bhféadfaí í a athbhreithniú i gceann achar blianta a bheadh socraithe. Dúirt sé nár chóir pianbhreith choimeádta a ghearradh ar pháistí ach amháin sa chás nach bhfuil ‘an dara rogha’ ann.

Dúirt sé gur mbíonn aois na gciontóirí ina údar leis an bpianbhreith a mhaolú, fiú sna cásanna is tromchúisí. 

Dúirt an breitheamh gur beag treoir a bhíonn ar fáil agus páistí á gciontú i ndúnmharú toisc, ‘ar an dea-uair’ gur beag cás dá leithéid a thagann is comhair na cúirte.

Is iad na buachaillí an bheirt is óige a ciontaíodh as dúnmharú ó bunaíodh an Stát. 

Cinneadh cheana sa chúirt achomhairc go raibh dualgas ar na cúirteanna aird a thabhairt ar leas agus ar athshlánú páistí a chiontaítear as coireanna tromchúiseacha. 

Níor gearradh príosún saoil ar na buachaillí de bharr a n-óige agus cuireadh go dtí Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh iad fad is a bhí tuairiscí á n-ullmhú.

Lorg an Breitheamh Paul McDermott “cúnamh gairmiúil” sa gcás a bhí “an-deacair”.

Cuireadh measúnuithe síciatracha agus síceolaíochta ar fáil don Bhreitheamh McDermott agus d’éist sé an tseachtain seo caite le fianaise maidir leis na tuairiscí sin.

Tugadh deis chomh maith do dhlíodóirí cosanta na mbuachaillí aighneachtaí a chur os comhair na cúirte maidir leis an bpianbhreith a ghearrfaí.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh an tseachtain seo caite, dúirt máthair Ana Kriégel, Geraldine, nach raibh sa saol ach anó d’uireasa a n-iníne.

Bhí Ana “ar an bpáiste is aoibhne ar domhan”, a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh an 10 Lúnasa 2006, an lá ar glacadh sa chúirt léi féin agus a fear céile, Patric, mar thuismitheoirí Ana, ar an lá ab fhearr ina saol.

Ní raibh aon insint béil a dúirt sí ar an méid a bhí á fhulaingt acu ná ní fhéadfaí cur síos ar an bpian agus an t-uafás a bhain leis an scéal.

“Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana. Tá tráma ar oiread sin daoine i saol Ana agus tromluí, strus agus imní ag cur as dóibh, ní ar dhaoine fásta amháin atá tráma ach páistí nach tráma amháin atá orthu ach a bhfuil eagla a mbeatha orthu chomh maith.

“Tá Ana imithe ó na daoine sin ar fad a raibh grá acu di. Cuimhnígí ar an ngrá a bhí aici daoibh agus coinnígí an grá sin in bhur gcroí choíche. Go raibh maith agat, a Ana, as an ngrá muirneach sin a bhronnadh orainn. Braithimid uainn thú. Tá grá againn duit. Ní éireoidh le duine ar bith an méid sin a bhaint dínn,” a dúirt máthair Ana Kriégel.

Fág freagra ar 'Pianbhreith shaoil do Bhuachaill A agus téarma 15 bliain do Bhuachaill B as dúnmharú Ana Kriégel'