Peann agus páipéar, ríomhaire … nó guthán póca?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH:. An tseachtain seo: ar ndóigh is féidir alt, dán, gearrscéal nó fiú amháin saothar níos faide a scríobh ar ghuthán póca, ach…

Peann agus páipéar, ríomhaire … nó guthán póca?

Bhí sé de cháil ar an ngearrscéalaí iomráiteach ó Mheiriceá, Grace Paley (1922 – 2007), go scríobhadh sí a cuid scéalta ar chlúdaigh litreach, ar chúl admhálacha ó shiopaí agus ar phíosaí páipéir strae a d’aimsíodh sí ar fud an tí.

Ghreamaíodh sí na píosaí sin ar fad le chéile agus más fíor scríobhadh sí a cuid scéalta ar an gcaoi sin, abairt i ndiaidh abairte, de réir mar a d’fhaigheadh sí nóiméad di féin (bhí ceathrar clainne uirthi agus ba léachtóir scríbhneoireachta agus gníomhaí polaitiúil í.)

Má cheapann tú go bhfuil cuma chiotach (agus as dáta) ar an gcur chuige sin, dáiríre píre níl mórán difríochta idir é agus bealach oibre atá coitianta go leor inniu.

Dála go leor píosaí scríbhneoireachta sa lá atá inniu ann tá eagrán na seachtaine seo den cholún seo á scríobh ar ghuthán póca.Gan dabht ar bith faoin spéir ní hé sin an cur chuige is fearr liom, ach uaireanta ní bhíonn éalú as. Thug mé cuairt ar feadh cúpla lá ar chara atá ina chónaí ar an taobh eile den tír agus d’fhág mé mo ríomhaire glúine sa bhaile – ach bhí an colún seo le scríobh.

Chlóigh mé isteach an chéad abairt nuair a rith sí liom agus mé i mo shuí ar an leithreas i dteach mo chara, ach go gairid ina dhiaidh sin bhí orm mo bhealach a dhéanamh go dtí an t-aerfort. Abairt eile ansin sa líne feithimh roimh an tseiceáil slándála, abairt nó dhó arís agus mé ag fanacht ar chupán caife, agus an chuid eile anois díreach agus mé i mo shuí in aice leis an ngeata, ag fanacht ar eitilt a bhfuil moill uirthi.

Ach – dá nua-aimseartha an fón – feictear dom go bhfuil an cur chuige seo chomh ciotach céanna agus an cur chuige a deirtear a bhíodh ag Grace Paley. Níl ag duine ach dhá ordóg ar a mhéid chun píosa a chló isteach ar ghuthán póca, agus dála go leor daoine ar comhaois liom (deireadh na 40idí), i muinín ordóige amháin a bhímse féin. Anuas air sin, má bhíonn tú ag brath ar fhoclóirí ar líne nó má theastaíonn uait taighde a dhéanamh le linn duit a bheith ag scríobh beidh tú ag dul siar is aniar idir aipeanna éagsúla ar scáileán beag.

Ach an deacracht is mó a bhíonn agam agus píosa á scríobh agam ar ghuthán póca ná seo: toisc go bhfuil an scáileán chomh beag sin i gcomparáid le scáileán ríomhaire ní fheiceann tú riamh ach abairt nó dhó ag an aon am amháin, agus dá bharr sin bíonn sé deacair an píosa a mheas ina iomláine.

Mar sin féin, agus mo mhachnamh á dhéanamh agam faoin gceist seo, rith buntáiste liom nach raibh coinne agam leis – agus cá bhfios nárbh é seo an chúis gur chloígh Grace Paley leis an mbealach oibre a bhí aici.

Má bhíonn tú ag scríobh ar ríomhaire, nó fiú amháin i gcóipleabhar, bíonn an claonadh ann cead a gcinn a thabhairt do do mhéaracha ar an méarchlár, nó ligean do do pheann leathanach i ndiaidh leathanaigh a líonadh. Ag deireadh an lae, beidh tú in ann pé rud nach bhfuil sách maith a ghearradh amach níos déanaí agus tú i mbun eagarthóireachta.

Ach toisc a chiotaí agus a bhíonn an chlódóireacht ar ghuthán póca i gcomparáid leis an gclódóireacht ar mhéarchlár ríomhaire nó go deimhin i gcomparáid le bheith ag scríobh ar pháipéar, bíonn sé úsáideach abairt a ionramháil i do cheann uair nó dhó sula mbainfidh tú amach do ghuthán póca chun í a scríobh síos. Ar an gcaoi sin, is i d’aigne, seachas ar scáileán nó ar pháipéar, a tharlaíonn an chéad bhabhta eagarthóireachta agus feictear dom go mbíonn cuma éagsúil – níos gonta agus níos tomhaiste, seans – ar an toradh.

 

Fág freagra ar 'Peann agus páipéar, ríomhaire … nó guthán póca?'