Pé toradh atá i ndán d’Éirinn amárach, tá croitheadh bainte as na All Blacks acu cheana féin

Bheadh sé iontach dá n-éireodh le foireann Andy Farrell an Nua-Shéalainn a chloí arís maidin amárach ach tá toradh fiúntach bainte amach ag na hÉireannaigh cheana féin agus mór-uaisle an rugbaí buailte ar a bhfód féin

Pé toradh atá i ndán d’Éirinn amárach, tá croitheadh bainte as na All Blacks acu cheana féin

Rud amháin cinnte a bhí le déanamh ag Andy Farrell le go mbeadh toradh dearfach ar an turas seo chuig na Nua-Shéalainne ná bua as baile a fháil ar na All Blacks don chéad uair ariamh. Chúns a bhí an t-ualach sin á iompar ag na hÉireannaigh, bheifí go deo ag ceistiú ár gcumas rugbaí a imirt ar an leibhéal domhanda, ba chuma cé mhéad foireann eile a chloígh muid.

Bhuel, ní hamháin gur sháraigh na Gaeil an dúshlán sin an Satharn seo caite, ach bhí snas agus fisiciúlacht ag baint leis an gcur chuige a bhain geit as domhan an rugbaí, gan trácht ar an gcroitheadh a tugadh d’fhoireann an bhaile.

Ba léir gur bhain Andy Farrell agus Paul O’Connell, atá freagrach as oiliúint shíneadh amach na hÉireann, an-leas as an gcéad chluiche chun ceachtanna tábhachtacha a fhoghlaim. Tháinig siad ar phlean imeartha a stop an freasúra agus a chuir brú orthu i mbeagnach chuile ghné den imirt, an síneadh amach agus an chlibirt. 

Ní hamháin sin, ach d’ardaigh paca na hÉireann leibhéal na fisiciúlachta, rud a chinntigh nach raibh ar chumas an fhreasúra soláthar na liathróide chuig cúlaithe na nGael a mhoilliú. Chinntigh an cur chuige seo ar fad go raibh brú ar fhoireann an bhaile, brú nach raibh súil ar bith acu leis agus a threisigh an frustrachas agus imirt mhídhleathach ar bhain Johnny Sexton agus a chomrádaithe chuile leas as. 

Ní róshásta a bhí na meáin sa Nua-Shéalainn, iad ag cur an mhilleáin ar an réiteoir a thug dhá chárta buí agus ceann dearg d’iarchuraidh rugbaí an domhain. An dara cárta dearg seachas ceann buí a bhí tuillte ag na hAll Blacks dáiríre agus seans go raibh an t-ádh orthu gur chaill an réiteoir a mhisneach.

Ach sna leabhair staire atá sin anois. Beidh an tríú cluiche idir na foirne á imirt moch maidin amárach agus is deacair cur síos a dhéanamh ar an mbrú atá ar na hAll Blacks agus ar Ian Foster, an t-oiliúnóir atá acu. Cinnte, bhí bua réasúnta éasca ag foireann dara rogha na hÉireann ar na Maori ar an Máirt seo caite, toradh nach raibh súil leis, ach ní chiallaíonn sin a dhath. Má thugann Farrell agus Sexton an lá leo arís amárach beidh géarchéim i gcampa na nAll Blacks agus beidh go leor i mbaol bata agus bóthar a fháil.

Níl an brú céanna ná baol air ar champa na hÉireann. Má éiríonn leo amárach beidh muid breá sásta linn féin ach fiú má chailleann muid beidh sólás le fáil ón bhfianaise nach bhfuil sé dodhéanta againn an ceann is fearr a fháil ar mhór-uaisle rugbaí an domhain ina limistéar féin. Sin toradh dearfach ann féin ag deireadh cuairt trí thástáil agus muid bliain roimh an gcéad chomórtas domhanda eile. 

Fág freagra ar 'Pé toradh atá i ndán d’Éirinn amárach, tá croitheadh bainte as na All Blacks acu cheana féin'

  • JP

    Nach bhfuil sé in am ag fearaibh rugair na hÉireann hakka dá gcuid féin a bheith acu? D’fhéadfaí an-leas a bhaint as fuaimeanna na ngutaí sa Ghaeilge chuige sin, mar atá, a e i o u agus iad a rá le fuinneamh agus le fuaimint arís agus arís eile? Furasta le foghlaim freisin! Bhuel ní fhéadfadh sé bheith níos measa ná Amhnrán Faonlag na bhFiann.