Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile

Tháinig ceapachán O’Donovan, arb as an gCaisleán Nua i Luimneach dó, aniar aduaidh ar dhaoine

Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile

An Teachta Dála de chuid Fhine Gael as Luimneach Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile.

Tháinig ceapachán O’Donovan, arb as an gCaisleán Nua i Luimneach dó, aniar aduaidh ar dhaoine agus tuairimíocht láidir ann gurb í an Príomh-Aoire nua Hildegarde Naughton, a comhghleacaí Brendan Griffin nó Thomas Byrne Fhianna Fáil a thiocfadh i gcomharbacht ar Jack Chambers.

Dúirt Brendan Griffin gur dhiúltaigh sé d’aireacht stáit mar gheall ar chúinsí teaghlaigh.

Tuairiscítear gur tairgeadh rogha post dó.

Bhí Patrick O’Donovan, iarmhúinteoir scoile atá 45 bliain d’aois, ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Cé nach é is líofa i nGaeilge, tá ráitis déanta i nGaeilge aige sa Dáil agus sna meáin.

Bhí sé ina aire stáit don OPW, Oifig na nOibreacha Poiblí roimhe seo, cúram a choimeádfaidh sé, agus roimhe sin bhí sé ina aire stáit don spórt.

Toghadh chun na Dála ar dtús é in 2011 agus bhí sé ina chomhairleoir contae do cheantar an Chaisleáin Nua idir 2003-2011.

Is é O’Donovan an dara duine as Luimneach a bhfuil príomhchúram aireachta na Gaeltachta air.

Maireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.

Tá Hildegarde Naughton, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, ceaptha ina haire stáit sa Roinn Sláinte.

Beirt chúlbhinseoirí nua atá ceaptha ina n-airí stáit, Jennifer Carroll MacNeill (FG) agus Kieran O’Donnell (FG). Beidh O’Donnell ina aire stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus beidh Jennifer Carroll MacNeill ina haire stáit nua sa Roinn Airgeadais.

Ar na daoine eile a bhfuil post nua faighte acu tá Peter Burke (FG) atá ceaptha ina Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha.

 

Fág freagra ar 'Patrick O’Donovan an chéad aire stáit Gaeltachta eile'

  • Lurgan

    Cúramaí sách mór ar a ghuaillí. Beidh foireann Lurgan ar fáil 24/7 le hoibriú / comhoibriú le haon togra a chuireann labhairt na teanga chun cinn. Go n-eirí go geal leis an Aire Stáit nua-cheaptha.