Páirtí nua Creighton ag lorg ‘inchur’ an phobail ina bpolasaí Gaeilge

Deir Lucinda Creighton go bhfuil sé ‘an-tábhachtach” go mbeadh polasaí Gaeilge ag an bpáirtí nua

02/01/2015. Lucinda Creighton - New Political Part
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an páirtí nua atá le bunú ag Lucinda Creighton ag lorg moltaí agus aighnneachtaí maidir leis an bpolasaí Gaeilge a bheidh acu.

Thug urlabhraí ó rebootireland, an mana faoina bhfuil an grúpa nua ag feidhmiú agus é fós gan ainm, le fios do Tuairisc.ie go raibh an polasaí Gaeilge i measc na bpolasaithe a bhí á bhforbairt faoi láthair acu.

“Táimid ag tabhairt cuireadh do ghrúpaí agus daoine aonair inchur a bheith acu sa phróiseas,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cé nach rabhthas ábalta a rá an raibh aon tuairimí ar leith faoi chur chun cinn na teanga ag éinne de na daoine atá luaite go dtí seo leis an bpáirtí nua, thug Lucinda Creighton le fios do Admhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta  go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh polasaí Gaeilge ag an bpáirtí nua agus go raibh siad ag obair faoi láthair ar pholasaí teanga a fhorbairt.

I measc na n-ábhar a phléifear sa pholasaí, tá “an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na scoileanna Gaeilge”.

An tseachtain seo caite, d’fhógair an tIar-Aire agus iarbhall d’Fhine Gael, Lucinda Creighton, agus an tráchtaire airgeadais Eddie Hobbs, go raibh páirtí nua le bunú acu.

Ní fhógrófar ainm ná polasaithe an pháirtí go ceann dhá mhí eile.

Fág freagra ar 'Páirtí nua Creighton ag lorg ‘inchur’ an phobail ina bpolasaí Gaeilge'