Ordú tugtha go gcaithfear eolas a thabhairt faoin gcinneadh ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’

Deir Oifig an Choimisinéara Eolais go gcaithfidh an Roinn Talmhaíochta ó thuaidh eolas a chur ar fáil maidir leis an gcinneadh conspóideach a rinne Michelle McIlveen ón DUP bád de chuid na roinne a athainmniú

Ordú tugtha go gcaithfear eolas a thabhairt faoin gcinneadh ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’

Tá ordú tugtha don Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil ó thuaidh eolas a chur ar fáil faoin gcinneadh ainm an bháid ‘Banríon Uladh’ a athrú go dtí ‘Queen of Ulster’.

De réir tuairisce a bhí ar Nuacht TG4 aréir, tá rialaithe ag Oifig an Choimisinéara Eolais go gcaithfear eolas a chur ar fáil maidir leis an gcinneadh conspóideach a rinne an t-iar-aire talmhaíochta Michelle McIlveen, DUP, an bád a athainmniú.

Áirítear cinneadh McIlveen an ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’ ar cheann de na chéad eachtraí san aighneas faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh, aighneas a chuir deireadh an tseachtain seo caite leis na cainteanna idir Sinn Féin agus an DUP maidir le feidhmeannas Stormont a athbhunú.

Dúirt McIlveen i Meán Fómhair 2016 gur athainmníodh an bád toisc go raibh “féiniúlacht” agus “polasaí aonteangach” nua ag an Roinn Talmhaíochta.

Roinn nua ab ea an Roinn Talmhaíochta in 2016, a tháinig ar an bhfód tar éis thoghchán Stormont na bliana sin, agus mhaígh an t-iar-aire go raibh “gá le hathruithe a dhéanamh” ar shócmhainní a bhí á n-aistriú chuici.

Ceannaíodh Banríon Uladh in 2010, nuair a bhí aire de chuid Shinn Féin i bhfeighil na Roinne, an tAire Michelle Gildernew. Ba í Gildernew a bhaist Banríon Uladh uirthi an uair sin.

Nuair a athainmníodh an bád in 2016 d’iarr gearánaí ar an Roinn Talmhaíochta go gcuirfí caipéisí ar fáil maidir le cinneadh McIlveen agus maidir leis an bpolasaí aonteangach ar thagair sí dó.

De réir na tuairisce ar Nuacht TG4 aréir, níor tugadh aon fhreagra ar an iarratas sin agus nuair a dhiúltaigh an Roinn don dara hiarrtas ar eolas faoin scéal ar an 13 Meán Fómhair 2017 rinne an gearánaí teagmháil leis an gCoimisinéir Eolais.

Chinn an Coimisinéir Eolais coícís ó shin go gcaithfeadh an Roinn an t-eolas ar fad a lorg an gearánaí a a chur ar fáil agus gurbh é leas an phobail go ndéanfaí a leithéid. Thug an Coimisinéir 35 lá don Roinn an t-eolas a chur ar fáil.

Bhain conspóid le hainm an bháid ón gcéad lá riamh. Nuair a tugadh ainm Gaeilge uirthi in 2010, mhaígh comhalta de chuid an DUP, Stephen Moutray, go mbeadh sé deacair an bád a aithint i gcásanna éigeandála agus go gcuirfeadh sé isteach ar an gceart atá ag an gcriú a bheith ag obair in “ionad neodrach oibre”.

Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nárbh ann don pholasaí aonteangach ar thagair an Michelle McIlveen dó nuair a thug sí míniú ar athainmniú an bháid ‘Banríon Uladh’ anuraidh.

I dtús na bliana 2017, d’iarr an nuachtán The Irish News ar an Roinn Talmhaíochta an polasaí a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ach ní raibh an Roinn in ann cóip den pholasaí a aimsiú.

Dúradh go raibh an polasaí aonteangach, ar thagair Michelle McIlveen dó os cionn ceithre mhí roimhe sin, “á dhréachtú i láthair na huaire”.

Chosain sé £302 ar an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe ainm an bháid ‘Banríon Uladh’ a athrú go ‘Queen of Ulster’.

Tuairiscíodh gur £7,000 a bhí i gceist ach caitheadh an chuid is mó den airgead sin ar dheisiú agus ar phéinteáil an bháid.

Cúpla mí i ndiaidh athainmniú Banríon Uladh, d’fhógair an t-iar-aire Pobal Paul Givan nach mbeadh na sparánachtaí Gaeltachta ‘Líofa’ ar fáil in 2017. An mhí dár gcionn, i mí Eanáir 2017, d’fhógair an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness go raibh faoi éirí as, fógra a raibh toghchán mar thoradh air. Ina litir éirí as thagair McGuinness, i measc rudaí eile, don “crude and crass bigotry” a léirigh daoine sa DUP i leith na Gaeilge.

Tá cás na teanga agus na reachtaíochta Gaeilge go mór chun tosaigh sa tsáinn pholaitiúil maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont ó shin.

Fág freagra ar 'Ordú tugtha go gcaithfear eolas a thabhairt faoin gcinneadh ‘Queen of Ulster’ a dhéanamh de ‘Bhanríon Uladh’'

  • Aonghus

    Cuireann an Ghaeilge isteach ar cheart an chriú a bheith ag obair in “ionad neodrach oibre” arsa Stephen Moutray?
    Anois agus thú ag caint ar chearta teanga Stephen, céard faoi cheart na nGaeil ar neodracht ina n-ionaid oibre? An gcuidíonn úsáid an Bhéarla amháin le neodracht?