‘Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen’ – muintir Nualláin faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille

Cuirfear tús tráthnóna in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad le ‘Léachtaí Cholm Cille’ a dhéanfaidh cíoradh ar shaol agus ar shaothar mhuintir Nualláin

‘Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen’ – muintir Nualláin faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille

Cuirfear tús tráthnóna in Ollscoil Mhaigh Nuad le ‘Léachtaí Cholm Cille’.

‘Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen: Saol agus Saothar Mhuintir Nualláin’ is ea téama na bliana seo. 

Tá cáil mhór ar Bhrian Ó Nualláin ar fud an domhain as a shaothar i mBéarla go háirithe, ach scríobh sé ceann de mhór-úrscéalta na Gaeilge chomh maith, An Béal Bocht.

Cé go raibh Brian Ó Nualláin ar an scríbhneoir ba aitheanta sa teaghlach, bhí féith na scríbhneoireachta go láidir i muintir Nualláin trí chéile. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dr Fionntán de Brún, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, gur “beag teaghlach” a raibh “tionchar chomh mór sin” ar shaothrú na Gaeilge acu is a bhí ag muintir Nualláin.

Dúirt an tOllamh de Brún, fear eagair Léachtaí Colm Cille, go bhfuil áthas air go mbeidh aird á tarraingt i mbliana ar an “teaghlach tábhachtach seo” i scéal na hathbheochana.

“Ní hamháin go bhfuil tábhacht ag baint lena gcuid saothar ach tá cúlra an teaghlaigh iontach suimiúil. Ba rud iontach radacach a bhí ann páistí a thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ag beirt nár chainteoirí dúchais iad,” ar sé.

Le linn na comhdhála, pléifear saol agus saothar athair na Nuallánach, Micheál, nó Michael Victor Nolan, agus uncail leo, An tAthair Gearóid Ó Nualláin, chomh maith leis na deartháireacha, Brian, Ciarán agus Caoimhín.

I measc na gcainteoirí ag Léachtaí na bliana seo, tá Louis de Paor, Fionntán de Brún, Brian Ó Conchubhair, Brian Ó Catháin, Nioclás Mac Cathmhaoil, Ian Ó Caoimh agus Aisling Ní Dhonnchadha. 

Cuirfear tús le himeachtaí l léacht Louis de Paor, ‘An té a bhíonn ag gáire, bíonn a leath faoi fhéin: an tAthair Peadar, an tAthair Gearóid agus Brian Ó Nualláin’, ag 7.30pm anocht.

Seolfar an leabhar Léachtaí Cholm Cille XLVIII: An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta: Saol agus Saothar, in eagar ag an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, ina dhiaidh sin agus leanfaidh na léachtaí ar aghaidh amárach, Dé Sathairn.

Is féidir clárú don chomhdháil ar an suíomh anseo nó roimh an gcomhdháil féin.

Fág freagra ar '‘Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen’ – muintir Nualláin faoi chaibidil ag Léachtaí Cholm Cille'