Oirthear na hÚcráine faoi ionsaí ag fórsaí na Rúise ar fhronta 300 míle

Mhaígh lucht na Creimile gur buaileadh breis is 1,000 sprioc aréir agus dúirt gobharnóir Kreminna, cathair bheag san oirthear, go raibh an áit gafa ag trúpaí na Rúise

Oirthear na hÚcráine faoi ionsaí ag fórsaí na Rúise ar fhronta 300 míle

Tá oirthear na hÚcráine faoi ionsaí ag fórsaí na Rúise ar fhronta 300 míle sa Donbas.

Dúirt gobharnóir Kreminna, cathair bheag san oirthear, go raibh an áit gafa ag trúpaí na Rúise.

D’fhágfadh sin Kreminna ar an gcéad chathair a bheadh gafa ag an Rúis mar chuid dá mórionsaí nua.

Chuir an Rúis tús lena mórionsaí san oirthear i ndiaidh dóibh cúlú ó cheantar na príomhchathrach Kyiv agus ceantair eile sa tír.

Mhaígh lucht na Creimile gur buaileadh breis is 1,000 sprioc aréir.

“Tá tús á chur le céim eile san oibríocht seo,” a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergey Lavrov.

Dúirt údaráis na hÚcráin go raibh an ceantar á chosaint go tréan acu. Maíodh gur éirigh le fórsaí na hÚcráine seacht n-ionsaí de chuid na Rúise a bhrú siar agus 10 tanc agus 18 feithicil armúrtha a scrios.

Dhearbhaigh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky aréir go raibh “troid ar son an Donbas” tosaithe.

Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig oirthear na tíre, arsa Zelensky.

De réir lucht an Pentagon tá 11 grúpa cathláin eile seolta cheana féin ag an Rúis go dtí oirthear na tíre. B’ionann sin, a dúradh, agus 8,000-11,000 saighdiúir breise.

Dúirt Rialtas na hÚcráine gur fhág an cath in oirthear na tíre nach bhféadfaí sibhialtaigh a thabhairt slán ó na ceantair atá i mbaol agus go raibh na céadta míle duine teanntaithe.

Tá an dá mhórcheantar, Luhansk agus Donetsk sa Donbas, a shíneann ó lasmuigh de Mariupol sa deisceart go dtí an teorainn ó thuaidh.

Ceantar ina labhraítear Rúisis is ea an Donbas agus i súile lucht na Creimile, tá sé níos dílse don Rúis ná don Úcráin.

Is minic a bhíonn Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, ag maíomh go bhfuil cinedhíothú déanta ag an Úcráin san oirthear, líomhain gan bhunús.

Tá cogadh ar siúl sa Donbas le hocht mbliana anuas idir an Úcráin agus scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu. Roimh ionradh na Rúise, bhí dhá thrian de cheantair an oirthir faoi smacht na hÚcráine agus stáit bheaga a raibh tacaíocht na Rúise acu a bhí sa chuid eile.

Dá n-éireodh leis an Rúis smacht iomlán a fháil ar Luhansk agus Donetsk thabharfadh sé údar gaisce de shórt do Vladimir Putin i dtaobh an ionraidh.

Dá n-éireodh leis an Rúis sin a dhéanamh is é a shíltear a dhéanfadh an Rúis ansin ná an Donbas a ionghabháil, mar a rinneadh sa Chrimé in 2014.

Ceantar an-mhór atá an-chasta ó thaobh na tíreolaíochta é an Donbas, áfach, agus meastar go mbeadh sé deacair é a choimeád faoi smacht i ndiaidh na hionghabhála.

Idir an dá linn, tá nach mór cúig mhilliún duine teite ón Úcráin ó cuireadh tús le hionradh fuilteach na Rúise mí Feabhra. Tá na mílte sibhialtach maraithe, mórscrios déanta ar cheantair ar fud na tíre agus coireanna cogaidh curtha i leith na Rúise.

Fág freagra ar 'Oirthear na hÚcráine faoi ionsaí ag fórsaí na Rúise ar fhronta 300 míle'