Oíche fhada roimh na hÉireannaigh i bPáras d’uireasa Ferguson

Buaileadh buille ollmhór ar fhoireann Stephen Kenny nuair a fógraíodh go raibh Evan Ferguson gortaithe do na cluichí móra cáilithe

Oíche fhada roimh na hÉireannaigh i bPáras d’uireasa Ferguson

Pictiúr: INPHO.IE

Mhair an dóchas trí lá. Tar éis do Evan Ferguson trí chúl a scóráil i bPríomhroinn Shasana tráthnóna Dé Sathairn, bhí sé de mhisneach ag lucht tacaíochta na hÉireann a bheith ag smaoineamh go n-éireodh leis an bhfoireann toradh maith a fháil in aghaidh na Fraince i bPáras anocht.

Dhírigh an chaint ar cén chaoi go mbeadh na Francaigh in ann stop a chur le gaiscíoch óg na hÉireann seachas muid a bheith ag déanamh imní faoi cén chaoi a chuirfeadh foireann s’againne stop le Kylian Mbappé.

Cuireadh deireadh tobann leis an aisling roimh am lóin Dé Máirt, áfach, nuair a tháinig an scéal nach mbeadh Ferguson ag dul chun páirce ar chor ar bith sa Parc des Princes. D’fhógair an FAI gur gortaíodh a ghlúin sa bhua sin ag Brighton & Hove Albion ar Newcastle Utd ag an deireadh seachtaine agus go gcaillfeadh sé cluichí na hÉireann sa bhFrainc agus in aghaidh na hÍsiltíre Dé Domhnaigh.

Ó chaill Éire an cluiche mór sin sa Ghréig mí an Mheithimh is beag duine a shíleann go n-éireoidh linn áit a bhaint amach ag EURO 2024 trí na cluichí cáilithe seo.

An t-aon sólás a bhí ann ná go bhfeicfeadh muid Ferguson, duine de na himreoirí óga is fearr ar domhan, ag teacht in aibíocht i ngeansaí na hÉireann agus, b’fhéidir, ag scóráil cúpla cúl freisin.

Diabhal mórán d’údar faoisimh atá againn anois, áfach, agus muid buartha arís faoi Mbappé agus a chomrádaithe. Mar bharr ar an donas, tá Séamus Coleman agus Matt Doherty, an bheirt is fearr againn a d’oirfeadh chun súil a choinneáil ar Mbappé, ar iarraidh anocht chomh maith – Coleman fós ag teacht chuige féin ó ghortú agus Doherty ar fionraí tar éis dó a bheith curtha den pháirc san Aithin ag tús an tsamhraidh.

Tá cinntí le déanamh ag Stephen Kenny mar sin faoi ionaid ar fud na páirce. Nuair a d’fhógair sé an scuad ar dtús, ní raibh Andrew Omobamidele ainmnithe i measc na gcosantóirí ar chor ar bith. Tá an fear óg ó Léim an Bhradáin, a d’aistrigh ó Norwich City go dtí Nottingham Forrest le gairid, tugtha isteach anois agus imní ann faoi John Egan a bhfuil gortú ag cur as dó.D’fhéadfadh gurb é Omobamidele an t-aon chosantóir atá againn a bhfuil an luas aige chun coinneáil le Mbappé. D’fhéadfadh Festy Ebosele, atá ag imirt san Iodáil le Udinese, a chéad chluiche a imirt d’fhoireann shinsir na hÉireann freisin, ach tús thar a bheith crua a bheadh ann dó.

Ar an taobh eile den pháirc agus muid d’uireasa Ferguson, is mó seans go dtosóidh Adam Idah anocht agus tacaíocht á fháil aige ó Chorcaíoch eile, Chieodzie Ogbene. Baineadh Idah den pháirc ag leath ama in aghaidh na Gréige ach tá sé ag imirt agus ag scóráil do Norwich i láthair na huaire, rud nach bhféadfaí a rá i gcónaí faoi le cúpla bliain anuas. Nuair a bhíonn sé ag imirt go maith, tá Idah breá ábalta seilbh a choinneáil ar an liathróid, bua a bheidh ag teastáil in aghaidh na Fraince agus an chuid eile den fhoireann ag titim siar ag cosaint.

Bhí mí-ádh ar Éirinn gan comhscór a fháil in aghaidh na Fraince nuair a chas na foirne ar a chéile mí an Mhárta. Rinne cúl báire na Fraince sábháil dhochreidte chun iarracht ó Nathan Collins ag fíordheireadh na himeartha a choinneáil amach. D’fhág sin gurb é an cúl a scóráil Benjamin Pavard ag tús an dara leath an t-aon cheann a scóráladh sa chluiche.

Tháinig an cúl sin ó bhotún ó Josh Cullen ach bhí cosaint na hÉireann ar fheabhas an oíche chéanna. Teastóidh taispeántas níos fearr fós chun na Francaigh a choinneáil ó dhoras i bPáras.

Fág freagra ar 'Oíche fhada roimh na hÉireannaigh i bPáras d’uireasa Ferguson'