Tá cúig thionscnamh ainmnithe sa rannóg ‘Tionscnamh Gaeilge Is Fearr’ ag Gradaim Uile-Éireann na bPobal agus na gComhairlí 2025, a bhronnfar in óstán Pháirc Bhaile an Róistigh ar an 22 Feabhra.
Tá comhairlí as na ceithre chúige – agus péire i gCúige Chonnacht – ainmnithe as tionscnaimh dá gcuid a chuir an Ghaeilge chun cinn i gcaitheamh na bliana 2024. Tá roinnt tionscnamh Gaeilge agus Gaeltachta ainmnithe i gceithre rannóg eile freisin.
San iomaíocht don ghradam don Tionscnamh Gaeilge Is Fearr, beidh Comhairle Cathrach Chorcaí agus ‘Flosc’; Comhairle Contae Dhún na nGall agus ‘Líonra Leitir Ceanainn’; Comhairle Contae Shligigh agus ‘Stair Shráideanna Shligigh’; Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ‘Gaillimh le Gaeilge’; agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ‘Turas Óir’.
D’eascair ‘Flosc’ chathair Chorcaí as an gcomharghrúp filíochta Cairde Peann agus Páir a bhíonn ag teacht le chéile i Leabharlanna Chathair Chorcaí. Bhí ócáid ar siúl acu i mí na Samhna seo caite inar léigh filí aitheanta Gaeilge as an gcathair cuid dá saothar go poiblí.
Is é ‘Líonra Leitir Ceanainn’ an ceanneagras atá ceaptha i mbaile Leitir Ceanainn leis an bplean teanga don bhaile seirbhíse Gaeltachta – a fhreastalaíonn ar cheantar mór Gaeltachta iarthuaisceart Dhún na nGall – a chur i bhfeidhm. Eagraíonn siad imeachtaí teaghlaigh, oícheanta sóisialta agus imeachtaí eile do lucht labhartha na Gaeilge sa bhaile féin agus sa cheantar máguaird.
Reáchtáil Comhairle Contae Shligigh an ócáid ‘Stair Shráideanna Shligigh’ mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2024. Thug an Dr Seosamh Mac Muirí turas treoraithe timpeall bhaile Shligigh inar mhínigh sé stair na sráidainmneacha Gaeilge.
Cuireann ‘Gaillimh le Gaeilge’ an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe – go háirithe mar acmhainn eacnamaíochta. Cabhraíonn an eagraíocht le gnólachtaí sa chathair an Ghaeilge a shníomh isteach sa ghnáthlá gnó trí chomharthaíocht, biachláir, suíomhanna gréasáin agus eile a chur i nGaeilge. Cuireann siad labhairt na Gaeilge chun cinn trína n-imeachtaí sóisialta gnó agus lónta Gaeilge.
Comhthionscadal de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Baile Átha Cliath le Gaeilge é ‘Turas Óir’ atá an-chosúil leis an obair a dhéanann Gaillimh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Clár tacaíochta do ghnólachtaí turasóireachta atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus teacht i dtír ar an “spéis dhomhanda” sa Ghaeilge. Tá Turas Óir ainmnithe sa rannóg don ‘Tionscnamh Turasóireachta’ is fearr freisin agus é san iomaíocht le Food Coast Donegal, Limerick Greenway, Queen Maeve Square, agus Waterford City of Lights.
Tá an síneadh a cuireadh le deireanas le Glasbhealach Mór an Iarthair trí Ghaeltacht Acla, ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal, ainmnithe sa rannóg ‘Rian/Uiscebhealach Is Fearr in Éirinn’. Cuireadh cúig chiliméadar leis an mbealach 44km ó Chathair na Mart go Gob an Choire.
Tá togra eile de chuid Chomhairle Cathrach Baile Átha Cliath ainmnithe don Ghradam Tionchar Náisiúnta. Is é aidhm ‘Gaeilge 365’ labhairt na Gaeilge a spreagadh i bpobail na hardchathrach trí “cruthaitheacht a spreagadh le caighdeán úr órga a bhaint amach i gcur chun cinn na Gaeilge”. Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath féin ainmnithe don ghradam ‘Comhairle na Bliana’.
Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta i gCorcaigh an mhí seo chugainn.
Fág freagra ar 'Ócáidí filíochta agus turas treoraithe i measc na dtionscamh Gaeilge atá ainmnithe do ghradam náisiúnta'