Ócáid i gcomhair siamsaíochta agus diabhlaíochta a bhíodh sa tórramh in Éirinn fadó…

Is mór an t-athrú a tháinig ar an tórramh agus ar an tsochraid in imeacht na haimsire sin

Ócáid i gcomhair siamsaíochta agus diabhlaíochta a bhíodh sa tórramh in Éirinn fadó…

Pictiúr: RollingNews

Is gearr a bheas rian ar bith fágtha den chineál tórraimh a chuirtí ar dhaoine in Éirinn ar feadh na mílte bliain. Tá athrú ó bhonn ag teacht ar an tsochraid freisin.

An lá faoi dheireadh d’oscail comhlacht adhlacóirí mhuintir Fanagan luach dhá mhilliún euro de theach tórraimh nua-aimseartha i mBaile Átha Cliath. Dream iad seo atá ag plé leis an gceird le 200 bliain.

Mhínigh siad gur mór an t-athrú a tháinig ar an tórramh agus ar an tsochraid in imeacht na haimsire sin.

Ócáid aon lae a bhíonn sa dá rud le chéile go minic anois. Créamadh a dhéantar ar an tríú cuid de na coirp a láimhsíonn siad.

Bíonn tóir inniu ar sheirbhísí nach mbíonn baint ar bith ag aon reiligiún leo agus ar sheirbhísí daonnachacha. Tá deiseanna sa teach tórraimh nua a chuireann ar chumas gaolta agus cairde an té atá os cionn cláir cuimhneachán a dhéanamh ar an duine sin. Tá fáil ar shruthú gréasáin ann don dream nach bhféadfaidh a bheith i láthair, cuirtear pictiúir as saol an té atá marbh ar scáileán agus cuirtear ceol feiliúnach leo.

Nuair a léigh mé faoin teach tórraimh iontach seo chuimhnigh mé láithreach ar an leabhar den scoth a scríobh Seán Ó Súilleabháin as Ciarraí, Caitheamh Aimsire ar Thórraimh. Léirigh sé sa leabhar sin gur ócáid i gcomhair siamsaíochta agus diabhlaíochta a bhíodh sa tórramh in Éirinn fadó. Bhíodh amhránaíocht ann, cluichí agus comórtais nirt agus aclaíochta. Bhíodh agus iompar a dtabharfaí bligeardaíocht air sa lá atá inniu ann.

Mhínigh an Súilleabhánach cé mar a chuimhnigh sé ar an leabhar a scríobh. Ar thórramh in aice le Béal an Átha a bhí sé sa mbliain 1921 nuair a chonaic sé taispeántas a chuir a dhóthain féin iontais air.

Seo mar a dúirt sé:

“Ghluais isteach an doras fear go raibh aithne ag gach éinne sa cheantar air. Sórt duine le Dia ab ea é: fear bocht saonta simplí nár chaith aon bhróg riamh, agus bhíodh sé ina cheap magaidh ag cuid de na daoine, cé go raibh leathchion acu air san am céanna. Bhí sé cosnocht an oíche sin, leis, agus dob fhada ó bearradh an mothall mór gruaige a bhí ar a cheann. Lig sé é féin ar a ghlúine le hais an mhairbh agus dúirt sé Paidir agus Ábhé os ard, agus a dhá láimh sínte uaidh amach i dtreo an choirp. Chuir a raibh ann de dhaoine cluas orthu féin ag éisteacht leis. Nuair a bhí sé ar tí éirí ansin, labhair fear a bhí i m’aice sa chúinne leis ó ard:

“Abair arís iad, a Sheáin!” ar seisean.

Chuaigh an fear simplí ar a ghlúine arís agus dúirt sé na paidreacha céanna an dara huair de ghuth ard. Bhí scithirí gháirí ag a lán de na daoine óga faoin tráth seo.

Is fiú an sliocht ar fad a fhoilsiú anseo.

Mo ghraidhin chroí thú, a Sheáin!” arsa duine acu. “Abair arís iad!”

Thosaigh an fear bocht ar an bPaidir agus ar an Ábhé an tríú huair, agus is ag dul i dtreise a bhí an gáire agus an sult faoin am sin. Coinníodh Seán bocht deich nóiméid ar a ghlúine, go ndúirt sé na paidreacha céanna sé nó seacht d’uaire sular ligeadh dó éirí. Shuigh sé i gcúinne éigin ansin.

Bhí casadh mór tagtha ar an tórramh ó tháinig an fear simplí isteach. Bhí daoine ag gáirí go tiubh, agus na hógánaigh ag únfairt le chéile ar na stóil. Bhí duine nó beirt acu ina suí ar mhála prátaí i dtóin na cistine, agus níorbh fhada gur rúscadh cnapán de phráta le fear a bhí cromtha síos i gcúinne eile ag caint le duine éigin. D’iompaigh an fear timpeall ach, má dhein, ní raibh fhios aige cé a chaith an práta leis. As san amach, bhí tarraingt mhór ar an mála prátaí, agus iad á scaoileadh le daoine thall is abhus, dé réir mar a d’fhaightí caoi air. Ní raibh de sholas sa chistin ach aon lampa amháin agus na coinnle a bhí le hais an choirp. Agus dob fhurasta do lucht mioscaise a rogha rud a dhéanamh agus ní thabharfaí faoi deara iad.

Ní rabhthas i dtaobh le prátaí amháin a chaitheamh, ach chomh beag. Bhí buicéad uisce in aice leis an driosúr, agus tosnaíodh ar bheith á stealladh soir siar ar dhaoine nach mbeadh ag féachaint sa treo. Na daoine óga nach raibh aon ghnó acu de na píopaí a tugadh dóibh, bhris siad na cosa díobh agus luigh siad ar iad sin a chaitheamh le daoine, go raibh an teach ina liútar éatar acu.

Is é is mó a chuir ionadh orm féin, toisc nach raibh aon taithí agam ar imeachtaí den saghas san ar thórraimh i gCiarraí, nár dhein muintir an tí aon iarracht ar an mí-iompar a stopadh.

Fág freagra ar 'Ócáid i gcomhair siamsaíochta agus diabhlaíochta a bhíodh sa tórramh in Éirinn fadó…'

  • wtf

    Tá na deasghnátha siagaí sin faighte ró-shollúnta agus ró-dhaor anois. Bhíodh na corpáin ar ‘speáint sna cónraí sa teach tórraimh in aice liom féin agus d’éalaíodh gaigí na sráide isteach agus chuireadh feaig (nó dhó) i mbéal an mhairbh mar leithéis. Bhíodh an t-adhlacóir le ceangal ach leanadh den ‘caitheamh aimsire’ dá dhearg-ainneoin. Níor fágadh an t-adhlacóir gan seift áfach. Lá dá raibh, luigh sé féin siar sa chónra ‘ina mharbhán’. Tháinig gaige dá lucht aitheantais isteach agus shleamhnaigh feaig isteach ina bhéal. D’oscail sé leathshúil leis go ndúirt, “An mbeadh deargadh agat de sheans?” Níl an bligeard sráide i gceart ó shin.

  • wtf

    ‘deasghnátha spiagaí”