Is mairg a dhiúltódh scoláire bocht faoi ghráinne tobac, mar a fuair bean an tsiopa amach in Uíbh Ráthach
Múinteoir nó scoláire bocht ar a dtugtaí Spelling-Spillane a bhí i bhfeighil scoile scairte na Faille Móire a chuir scoláire leis go dtí An Chrois ag iarraidh caisnín tobac ar an siopadóir a bhí ann ach ní bhfuair an garsún tobac ná snaois is thug an scoláire bocht (an máistir) an íde seo uirthi:
A Neil do mheall an saol thú
Níor chaithis do scilling ná pingin le féile
Do sparáinín ceangailte in íochtar do léine
Le seacht gcordaí teanchair casta ar a chéile
Nuair a chuirfear síos sa talamh thú id sheanbhean liath
Beidh do chuid óir á scaipeadh go leanbaí id dhiaidh
Ní dhéarfaidh siad paidir na salm le dúthracht
Ar luí dóibh ar leaba ná ar maidin ar múscailt.
Faisnéiseoir: Pádraig Ó Leidhin (85),
An Fhaill Mhór,
Cathair Saidhbhín,
Co Chiarraí.
Bailitheoir: Pádraig Ó Fiannachta, múinteoir sna Cealla in Uíbh Ráthach.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘Scoil Scairte sna Corra’'