Ó DHÚCHAS: Ní fhanfaidh mise le ‘come in the afternoon’…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo cúpla scéilín grinn as Maigh Eo atá againn…

Ó DHÚCHAS: Ní fhanfaidh mise le ‘come in the afternoon’…

Bhí fear agus bean ann fadó agus bhídís ag comórtas cé acu a chóireodh an leaba. Dúirt an fear an lá seo ‘an chéad duine a labhróidh caithfidh an duine sin an leaba a chóiriú go ceann bliana’. 

Tháinig comharsa isteach agus labhair sé leo ach níor labhair siad leis agus chuaigh sé amach aríst. 

Tamall ina dhiaidh sin chuaigh an fear go dtí an leaba, thóg sé amach an phluid agus bhí sé go díreach á cur ar an tine nuair a labhair an bhean agus dúirt sí: ‘Ó, a bhastaird, ná dóigh an phluid!’ 

B’éigean di féin an leaba a chóiriú go cionn bliana.

Bhí Éireannach, Albanach agus Sasanach ann uair amháin. Bhí siad ag imeacht thart le chéile ag trumpadóireacht. Casadh fear leo agus thosaigh sé ag magadh fúthu mar bhí drochéadaí orthu. 

Mharaigh siad an fear ar áit na mbonn. Tugadh os comhair cúirte iad agus bhíodar lena gcrochadh. San am sin ar chrainn a chaithfí iad a chrochadh. 

Fiafraíodh díobh cén crann ab fhearr leo. Dúirt an Sasanach gur crann eo {iúr] a rogha. Crann darach a roghnaigh an tAlbanach. Nuair a fiafraíodh den Éireannach cén crann ab fhearr leis, dúirt sé crann spíonán. Dúirt an breitheamh leis: ‘Ní choinneoidh an crann sin suas thú’. ‘Bhuel fanfaidh mé go bhfásfaidh sé,’ a deir an tÉireannach.

 Crochadh an tAlbanach agus an Sasanach ach níor crochadh an tÉireannach.

Bhí beirt fhear ann fadó agus ghoid siad mála úllaí. Chuaigh siad isteach sa reilig go roinnfidís iad. Chaith siad amach ar an talamh iad agus bhí siad á gcomhaireamh, ‘seo é mo cheann-sa, seo é do ceann-sa’. 

Bhí beirt ghasúr ag éisteacht leo. Ansin dúirt an bheirt a bhí ag roinnt na n-úll ‘cad mar gheall ar an gceann a chaill muid ag an ngeata?’. Nuair a chuala an bheirt ghasúr iad rith siad abhaile agus dúirt siad go raibh Dia agus an diabhal ag roinnt anamacha na marbh.

Bhí beirt fhear as Acaill fadó i Sasana. Sé an t ainm a bí orthu Micí Dan agus Micilín Thomáis Mhóir. Bhí siad ag iarraidh obair agus fuair siad mí ag feilméaraí timpeall leathmhíle óna chéile. Chríochnaigh Micilín leath lae roimh Mhicí Dan ag a fheilméara féin. 

Thosaigh Micilín ag iarraidh obair an leathlae sin a fháil.

Chuaigh sé go dtí doras an tí seo. D’iarr sé obair. Dúirt an fear leis ‘come in the afternoon’. D’fhill Micilín ar ais go dtí an áit a raibh Micí Dan ag obair. 

‘Is breá luath atá tú réidh, a Mhicilín,’a dúirt Micí leis.

 ‘Thug m’fheilméara an leath lae seo dom le obair eile a chuartú. Fuair mé obair ach cén t-am den bhliain a thigeann ‘come in the afternoon’?’

 ‘Tá barúil agam,’ arsa Micí Dan ‘gur idir Féile Michíl agus an tSamhain a thigeann sé.’

 Ní raibh Béarla ag ceachtar acu. 

‘Go hifreann leis féin agus a chuid oibre. Ní fhanfaidh mise le ‘come in the afternoon’.’

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní fhanfaidh mise le ‘come in the afternoon’…'