Ó DHÚCHAS: Mar a bhí sa tairngreacht daoine a bádh a d’iompair an chéad traein go hAcaill

 I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol, an mí-ádh mór a bhuail muintir Acla atá againn an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS: Mar a bhí sa tairngreacht daoine a bádh a d’iompair an chéad traein go hAcaill

Is iomaí sin cruatan a d’imigh muintir an cheantair seo tríd leis na blianta fada. Chuala mé na daoine atá ina gcónaí thart ar an áit seo ag inseacht scéal uafásach faoi longbhriseadh a deineadh anseo in Acaill ins an bhliain 1894 ar an ceathrú lá déag de mí an Mheithimh.

Tharla sé taobh amuigh de chéibh Chathair na Mart. Dúirt na seandaoine liom gurb é seo an chaoi ar tharla sé. Bhí an criú a’ teacht isteach go dtí an chéibh agus ba é Seán hEilidh a bhí ag treorú an bháid. [húicéir, an Victory]

Nuair a bhí siad réidh le bheith istigh dúirt Seán leo an t-airgead a fháil réidh lena thabhairt dó. Chuaigh siad uilig go dtí aon taobh amháin den bhád agus céard a rinne sé ach tiontú agus thit na daoine go léir isteach ins an fharraige. Sábháladh céad paisinéir agus chuaigh tríocha a dó acu síos go dtí an tóin.
Ba ag dul go dtí Albain a bhí na daoine. Ní raibh aon traein ag dul ó Acaill go dtí Cathair na Mart san drochuair sin agus bhí ar na daoine bochta dul suas go dtí Cathair na Mart i mbáid. Bhí bean as Poll Raithní ar an mbád agus beirt fhear as Béal Feirste [Buiríos Umhaill] chomh maith. Bhí fear ann as Poll Raithní darbh ainm dó Séamus Mac Eilidh, agus ní raibh ann ach gur sábháladh é. Tháinig sé aníos ceithre huaire ar mhullach na farraige ach ní bhfuair sé aon chabhair lena shábháil. Bá é fear as an Chorráin a shábháil é ins an deireadh.
Sábháladh cuid mhaith de na daoine le cabhair báid bheaga a bhí istigh ag long i gcéibh Chathair na Mart. Bhí Micheál Ó Ceachmharchaigh as Béal Feirste ar an mbád báite chomh maith. Shábháil sé Cáit Ní Chuanga as Poll Raithní. Bhí sí thíos ins an bhfarraige agus ní raibh le feiceáil ach a cuid gruaige. Rug sé greim ar a cuid gruaige agus tharraing sé aníos í. Ní raibh ach ceathrar fear agus dhá bhuachaill óg báite. Bhí ceathrar as muirín amháin agus níor sábháladh aoinne acu.
Bhí seanPhadraig Ó hÉilidh as Béal Feirste ann chomh maith agus rug sé greim ar bharr an chrainn agus d’éirigh leis dul isteach go dtí bád beag. Do bádh Áine Ní Phiotain, Padraig Seoighe agus Seán Ó Piotáin as Maigh Mhuilinn. Do bádh aint le mo mháthair. D’imigh na daoine ar bádh a muintir abhaile agus na daoine nár bádh aon duine leo d’imigh siad go dtí Albain. Bhí chuile dhuine anseo in Acaill trína chéile nuair a tháinig an scéal seo chucu faoin mbád báite agus bhí chuile duine ag ceapadh go raibh a muintir féin báite.
Nuair a cuireadh an scéal anall go dtí an áit seo ar dtús níor cuireadh ainm ar na daoine a bhí báite agus ní raibh fios ag duine ar bith cé mhéid a bhí báite. Ní raibh aon airgead ag na daoine ar mhaith leo dul go dti Albain agus fuair siad saorthuras go dtí Albain. Fuair siad éadach ó mhuintir Chathair na Mart agus nuair a tháinig siad go dtí Baile Átha Cliath fuair siad níos mo éadaigh ó dhaoine ansin agus fuair siad go leor bia ó mhuintir Bhaile Átha Cliath chomh maith.
Cruinníodh airgead dóibh in Albain agus in go leor áiteacha ar fud na hAlban. Ba é an chéad (duine) traein a tháinig isteach go dtí Acaill an ceann a tháinig isteach go dtí Gob an Choire leis na coirp. Na blianta fada sula raibh a fhios ag muintir na háite seo go dtiocfadh traein isteach go dtí Acaill bhí sé ráite ins an tairngreacht go dtiocfadh ceann isteach agus gur le daoine a bádh a thiocfadh sí ar dtús.

Áine Ní Ghallachobhair, Scoil Bhéal Feirste in Acaill a scríobh an cuntas seo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mar a bhí sa tairngreacht daoine a bádh a d’iompair an chéad traein go hAcaill'