Is iad an Ghaeltacht curaidh chraobh idirmheánach Chiarraí i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil inniu ar an bhFosadh i bPáirc Aibhistín de Staic.
An Fosadh a bhí mar rogha na coitiantachta don chluiche ceannais toisc David agus Paudie Clifford a bheith acu, ach duine eile de laochra Chiarraí, Brian Ó Beaglaoich, a bhí ar an imreoir ab fhearr ar an bpáirc.
Ceithre scór dhá phointe agus pointe a fuair an cosantóir sa chéad leath i gceann de na taispeántais is fearr a tugadh riamh in aon chluiche ceannais i gCiarraí.
Ach bhí gaiscígh ag an nGaeltacht ar fud an ghoirt, ina measc na hógánaigh Éanna Ó Beaglaoich agus Seán Ó Coinn nach bhfuil ach 18 bliain agus seanfhondúirí amhail Aidan Walsh agus Pádraig Ó Sé.
Má bhí Brian Ó Beaglaoich ina mháistir ba thaispeántas foirne den scoth a bhí lán díocais agus spioraid, a d’fhág gur ar Franz Sauerland, captaen na Gaeltachta a raibh marcáil David Clifford mar chúram chomh maith air, a bronnadh an corn tráthnóna.
Seacht bpointe a fuair draíodóir An Fhosaidh, ach dhein Sauerland jab chomh maith air is a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis.
Ba iad An Fosadh an ceathrú foireann as a chéile ó Chiarraí thoir ar éirigh leis an nGaeltacht an ceann is fearr a fháil orthu sa chomórtas seo agus níor bhuaigh éinne ar fhoireann Fheargail Uí Shé ó mhí Aibreáin seo caite.
Ní fhéadfadh aon ghearán a bheith An bhFosadh, cé go mba léir go raibh Paudie Clifford ag imirt agus é gortaithe. Bhí an Ghaeltacht i bhfad níos fearr ó thús deireadh agus taispeántas stuama seiftiúil tugtha acu leis an ngaoth sa chéad leath agus ina coinne sa dara leath.
Beidh foireann na Gaeltachta ag imirt ag grád na sinsear arís an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó 2018, ach idir an dá linn tabharfaidh siad aghaidh ar Chúige Mumhan agus i ndiaidh an éachta atá déanta i gCiarraí acu, ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá rachaidís níos faide ná sin.
Fág freagra ar 'Ó Beaglaoich ina mháistir agus gaiscígh na Gaeltachta ina gcuraidh ar Chiarraí'