Nuair a tháinig an t-imreoir cruicéid ab fhearr sa domhan go Conamara

Níorbh é Eoin Morgan an chéad eachtrannach a rinne gaisce mar chaptaen ar fhoireann cruicéid Shasana

Nuair a tháinig an t-imreoir cruicéid ab fhearr sa domhan go Conamara

As béal m’athar, trócaire air, a chuala mé an chéad trácht riamh ar an gcluiche cruicéad. Ní hé go raibh suim ná spéis aige ann agus ní fhaca sé aon bhuille de riamh ina shaol. Fós bhí sé sa seanchas aige nuair a bhí sé ag éirí aníos i gCarna ina leaid óg go dtáinig an t-imreoir cruicéid ab fhearr sa domhan go Conamara agus go mba Ranji an t-ainm a bhí air.

Bhí an ceart ar fad aige sa dá chás, cé go raibh Ranjitsinhji Vibhaji Jadeja (lena ainm ceart a thabhairt air) éirithe as an gcruicéad le deich mbliana cothrom an ama seo i 1924 nuair a leag sé cos don chéad uair i gCaisleán Bhaile na hInse, atá suite i gceann de na gleannta is deise i gConamara, leath bealaigh idir an Sraith Salach agus an Clochán agus faoi scáth Bheann Leitrí, an dara ceann is lú de na Beanna Beola.

Níorbh é cáil an fhir mar imreoir ná go deimhin a theideal mar rialtóir ar stát Nawangar ar chósta thiar na hIndia a d’fhág gasúr deich mbliana agus ógánaigh eile an cheantair faoi dhraíocht ag a theacht. Is cinnte nár chuala siadsan aon chaint riamh air, ach nuair a scaip an scéal gur cuireadh maidhmitheoirí nó ‘detonators’ faoi rothaí na traenach agus é ag déanamh isteach ar Bhaile na hInse, thug fiú malraigh na haoise sin go mba dhuine faoi leith a bhí tagtha an bealach.

Ag an am bhí an traein as Gaillimh chun an Chlocháin i mbarr a réime agus bhí Baile na hInse ar cheann den leathdhosaen stáisiún a bhí idir an dá áit. Ag an am ba nós ar fud an domhain maidhmitheoirí a chur faoi na rothaí traenach uair ar bith a mbíodh ceo trom sa timpeall. Tráthnóna breá samhraidh a bhí ann nuair a shroich Ranji ceann cúrsa ach ón am a dtáinig sé i bhfoisceacht leathmhíle de cheann cúrsa bhí an pléascadh le cloisteáil ag cur fáilte roimhe go Conamara.

Dá mba dhá bhliain roimhe sin a tháinig sé cheapfaí go mba iad na Black and Tans a bhí leaindeáilte, ach sin scéal eile.

Sa mbliain 1872 a saolaíodh Ranji, ach tá a cháil chomh láidir ina thír dhúchais go fóill gur ina ómós atá ceann de na comórtais chruicéid is iomráití sa tír ainmnithe. Chuile bhliain déanann an 29 stát agus an seacht  gcríoch eile ar bunaíodh stát na hIndia orthu i 1947 iomaíocht ar an Ranji Trophy.

Mac feirmeora ab ea é ach go raibh gaol aige le rialtóir a cheantair. A mhac siúd a bhí le theacht i gcomharbacht , ach nuair a shíl seisean a athair a mharú socraíodh an ceannas a thabhairt do thaobh eile den chlann. Ranji a fuair an cúram, cé nach raibh sé soiléir ar uchtaíodh to hoifigiúil é nó nár déanadh, rud a tharraing achrann air ina dhiaidh.

D’fhreastail sé ar Ollscoil Cambridge i Sasana agus ba ansin a tháinig a chumas mar imreoir cruicéid chun solais. Ba ghearr go mba mhó a shuim sa chruicéad ná a bhí aige ina chuid staidéir agus é ag imirt ag an leibhéal is airde – an leibhéal idirchontae. Bhí sé soiléir go raibh áit ag dul dó freisin ar fhoireann Shasana, rud nach bhfuair sé go ceann cúpla bliain. Meastar baint a bheith ag ciníochas agus an drogall a bhí ar lucht ceannais áit a thabhairt do duine nach mba den chine geal é ba chúis leis sin.

Bhí sé 24 bliain d’aois nuair a fuair sé áit ar fhoireann Shasana den chéad uair agus faoin am ar éirigh sé as i 1920

bhí a cháil i bhfad agus i ngearr. Níor sáraíodh ceann de na curiarrachtaí a bhí aige mar shlacaí nó ‘fear bata’ go dtí 1986.

Agus é ina neart mar imreoir bhí drochobair ar bun ina cheantar dúchais agus daoine ag iarraidh é a chur as seilbh a theidil – duine muinteartha dá chuid agus garmhac don té a bronn an chumhacht ar Ranji i dtús báire ar dhuine acu. Faoi dheireadh agus cásanna cúirte go leor éiste, rialaigh an Raj Briotanach go mba do Ranji a bhí an dliteanas.

Suim san iascaireacht slaite agus go háirid in iascaireacht na cuileoige a thug go Baile na hInse den chéad uair é, cuairt inar chas sé ar Uachtarán an tSaorstáit W.T Cosgrove agus inar fhreastail sé ar Chluichí Tailteann sular fháiltigh an pléascadh roimhe chuig ceann de na locha iascaireachta ab fhearr in Iarthar Éireann.

Thit sé i grá leis an áit agus cheannaigh an caisleán, an abhainn, an loch agus 30,000 de thalamh sléibhe ón dream a mba leo é.

Idir Nawanger agus Baile na hInse a chaith sé na naoi mbliana ina dhiaidh sin agus d’fhreastail cuid dá mhuintir ar an meánscoil a bhí ag na Siúracha Beinidicteacha i Mainistir na Coille Móire. Bhí cuairt eile leagtha amach aige nuair a bhásaigh sé in Aibreán na bliana 1933.

Dé Domhnaigh seo caite rinne eachtrannach eile gaisce agus é ina chaptaen ar fhoireann cruicéid Shasana a bhuaigh Corn an Domhain, ach níor mhór duit a dhul i gcomhairle le meáin na hÉireann sula dtuigfí duit go mba sa tír seo a saolaíodh Eoin Morgan.

Kumar Dharmasena agus Eoin Morgan. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Bhí forlíonadh faoi leith ag an nuachtán The Times faoin gcluiche ar an Satharn – dhá leathanach nach mór ag cur síos ar Morgan. Uair amháin féin níor luadh an tír seo ná gur imir sé d’Éirinn ar feadh sé bliana sular thug an fonn a bhí air iomaíocht a dhéanamh ag an leibhéal ab airde go Sasana é.

Ba é Morgan a bhí ina chaptaen freisin ceithre bliana ó shin nuair a chinn ar Shasana dul thar réamhbhabhtaí Chraobh an Domhain agus nuair a bhuaigh an Astráil, an Nua-Shéalainn, Srí Lanca agus an Bhanglaidéis orthu. Ba ar Albain agus ar an Afganastáin amháin a fuaireadar an ceann ab fhearr.

Nuair a tháinig siad abhaile agus na cleití síos leo ba dheacair alt a léamh gan dúchas an Mhorgánaigh a bheith luaite ann.

Sin scéal eile freisin.

Fág freagra ar 'Nuair a tháinig an t-imreoir cruicéid ab fhearr sa domhan go Conamara'