Nuair a chloisfeá gáir na Láimhe Deirge in Achadh na Cloiche…

Fíochmhaire, tréine, ocras, crógacht, neamhthrócaireacht – sin na focail is minice a luaitear le peil Thír Eoghain

Nuair a chloisfeá gáir na Láimhe Deirge in Achadh na Cloiche…

Is sothuigthe an rud inniu go gceapfadh duine nach mbeadh ag tarraingt ar aois an phinsin go raibh Tír Eoghain le n-áireamh riamh ar cheann de phríomhchontaetha peile na hÉireann.

Ag tús shéasúr na craoibhe seo agus foirne ag tabhairt faoi Chorn Mhig Uidhir is maith an geall a chuirfinn dá n-iarrfá ar bhainisteoir Chiarraí Peter Keane ainm a chur ar thrí chontae a mb’fhearr leis iad a sheachaint ar a bhealach chuig an mbabhta ceannais go mbeadh an dream atá roimhe inniu ar cheann acu.

Fíochmhaire, tréine, ocras, crógacht, neamhthrócaireacht – sin na focail is minice a luaitear le peil Thír Eoghain, na cinn a fhágann gur dócha nach aréir a fuair an Cathánach an oíche chodlata ab fhearr a fuair sé le fada.

Tá aon phictiúr amháin go cinnte a choinnigh ó shuan é, pictiúr atá ionann is scór bliain d’aois, ach a fhanfaidh stampáilte choíche in aigne mórán Ciarraíoch. Naonúr imreoirí atá sa bpictiúr – ochtar den Lámh Dhearg bailithe timpeall ar Eoin Brosnan bocht atá sínte ar an talamh, seilbh na liathróide aige i gcónaí ach an fear bocht gan chosaint, gan chomrádaí.

Cluiche Leathcheannais na hÉireann 2003 a bhí i gceist, ceann ina raibh an lá le Tír Eoghain (0-13 – 0-6). Cúig seachtaine dár gcionn bhuaigh siad ar Ard Mhacha (0-12 – 0-9), i gcluiche a d’fhág Craobh Shinsir Peile na hÉireann ina seilbh, den chéad uair riamh.

Ní iontas ar bith é dá gceapfadh aon duine atá faoi bhun scór bliain d’aois go bhfuil Tír Eoghain chomh sáite i stair na peile leis na mórchontaetha eile – Áth Cliath, Ciarraí, An Mhí, Cabhán, Maigh Eo agus Gaillimh féin, dá ndéarfainn é.

Ach a dhul siar go dtína fhíorthús feicfidh tú gur chas Tír Eoghain agus Ard Mhacha ar a chéile i gCluiche Ceannais Uladh, ach bhí fanacht 43 bliain ar Thír Eoghain sula ndearna siad amhlaidh arís agus tar éis teipeanna in aghaidh an Chabháin i 1933 agus arís i 1941, b’éigean dóibh fanacht go dtáinig an bhliain 1956 sula raibh sé le rá acu gur bhuaigh siad an comórtas. Bhí tús na Mílaoise tagtha sula raibh siad le háireamh ar na cinn fheadhna.

Ba i 1986 a bhain siad Cluiche Ceannais na hÉireann amach den chéad uair agus b’in an ceann a chuir tús leis an stair atá idir iad agus Ciarraí, a bhuaigh an lá sin 2-17 in aghaidh 1-10.

Art McRory a bhí ina bhainisteoir ar Thír Eoghain a bhuaigh Craobh Uladh cúig huaire, timpeall an ama sin, ach ar chinn arís orthu an bhuaic a bhaint amach nuair a bhuaigh Áth Cliath orthu i gCluiche Ceannais 1995.

Glactar go forleathan leis go mba é comharba Mhic Ruairí, Mickey Harte a rinne múnlú ar na tréithe atá luaite thuas agus a leag síos an stíl imeartha a bhfuil an oiread sin faitís roimpi anois. Tá Harte imithe uathu ach mairfidh lorg a láimhe go ceann fada an lá.

Níos faide arís a mhairfidh a cheangal lena chontae, dála Heffo agus na Dubs, O’ Dwyer agus Chiarraí, Cody agus Cill Chainnigh, Boylan agus an Mhí.

Más é Mickey a chuir an plean le chéile ba é Peter Canavan an té ba mhó ba chúis lena chur i gcrích ar pháirc na himeartha. Gortaíodh rúitín an Cheannabhánaigh sa gcluiche leathcheannais in 2003 agus faoin am a dtáinig leath ama sa gcluiche ceannais in aghaidh Ard Mhacha bhí a sheal tugtha.

Deich nóiméad a bhí fanta – gan de thosach ag Tír Eoghain ach cúpla cúilín, nuair a facthas Canavan ag éirí dá bhinse agus ag déanamh ar an taobhlíne. Dhá fhocal ina chluas ag an mbainisteoir agus chuaigh sé chun comhraic arís.

Tá seans gur chualathas gáir na Láimhe Deirge in Achadh na Cloiche. Mura mbéarfadh sé ar an liathróid aon uair amháin féin, bhí éifeacht lena theacht. Ach ba mhó ná sin a rinne a gcaptaen a chaith a chuid ama timpeall lár na páirce agus an leathlíne chúil – a chuid stuaime ag cinntiú gur choinnigh a fhoireann an tús a bhí acu.

In 2004 tháinig Maigh Eo aniar aduaidh ar Thír Eoghain i mbabhta leathcheannais, ach an bhliain dár gcionn bhaineadar an choróin ar ais de Chiarraí i dtaispeántas a bhí bunaithe ar na tréithe siúd ba thréine acu.

Buailte ag Doire agus ina dhiaidh sin ag Laois sna babhtaí cáilithe in 2006 agus ag contae na Mí i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann 2007, bhain Tír Eoghain an babhta ceannais amach arís in 2008. Rompu arís bhí Ciarraí agus iadsan ar thóir Chraobh na hÉireann don tríú bliain as a chéile. Uair amháin eile rinne na Tuaisceartaigh a gcéilí comhraic a thraochadh.

Sular chas sé thart sa leaba den uair dheireanach aréir, seans go ndúirt Peter Keane leis féin gur beag is fiú imní a bheith ar dhuine faoi chluichí atá imeartha, ní áirím iad siúd a bhfuil sé na déaga de bhlianta ó bhíodar ann – bhí leathshúil dúnta aige nuair a chuimhnigh sé go mba iad a fhoireann féin a bhuaigh dhá bhliain ó shin nuair a d’imríodar a chéile i mbabhta leathcheannais go deireadh.

Ní mba fada a mhair an sásamh a thug sin dó. Láithreach d’ fhógair glóirín i gcúl a chinn go mba chuid den stair sin anois freisin.

Faoi seo ba níos faide ná riamh uaidh a bhí a sheans ar néal – é suite suas sa leaba ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu dá chuid cosantóirí ab fhearr a choinneodh súil ar Darren McCurry, cén straitéis a bheadh ag Niall Morgan leis na ciceanna amach agus cé chomh gar do bharr a mhaitheasa atá Cathal McShane?

Bóthar corrach na bainistíochta.

Fág freagra ar 'Nuair a chloisfeá gáir na Láimhe Deirge in Achadh na Cloiche…'