Níos éasca áit a fháil ar chúrsa oiliúna múinteoirí má bhíonn Gaeilge mar ábhar agat

Agus géarchéim múinteoirí Gaeilge ann, tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar a dtabharfar tosaíocht dóibh do chúrsaí oiliúna múinteoirí iarbhunscoile i gcóras an CAO in 2019

Níos éasca áit a fháil ar chúrsa oiliúna múinteoirí má bhíonn Gaeilge mar ábhar agat

Tá an Ghaeilge i measc na n-ábhar a dtabharfar tosaíocht dóibh do chúrsaí oiliúna múinteoir iarbhunscoile.

Gaeilge, Matamaitic, Matamaitic Fheidhmeach, Ceimic, Fisic, Fraincis, Gearmáinis, agus Spáinnis na hábhair is mó a bhfuil sé deacair múinteoirí cáilithe a fháil iontu faoi láthair agus le céimithe a mhealladh ina dtreo tá An Lár-Oifig Iontrála (CAO) agus ceithre ollscoil tar éis tosaíocht a thabhairt do na hábhair sin sna hiarratais a dhéanfar ar chúrsaí iarchéime oiliúna múinteoirí ar an CAO in 2019.

Caithfidh gach iarrthóir ar na cúrsaí iarchéime seo céim 2.2 a bheith acu sna hábhair chuí agus tabharfar tosaíocht d’iarrthóirí ar mian leo aon phéire de na hábhair a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh a theagasc.  

Táthar ag súil go dtabharfaidh an tosaíocht sin ugach breise do dhaoine a bhfuil spéis acu sa teagasc mar ghairm cur isteach ar na cúrsaí, mar gur líon teoranta áiteanna a bhíonn ar fáil.

An 29 Feabhra 2019 an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh ar na sainchúrsaí iarchéime múinteoireachta sa cheithre ollscoil atá i gceist – Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Maigh Nuad.

Tá go leor cainte tarraingthe ag an deacracht atá ann múinteoirí Gaeilge a fháil agus is measa an fhadhb ag scoileanna lán-Ghaeilge a chaithfidh múinteoirí atá líofa i nGaeilge a fháil do na hábhair uilig.

Tá ráite arís ag eagraíochtaí múinteoirí gurbh iad na ciorruithe pá agus foirne le linn na déine is cúis le daoine a bheith ag tréigean ghairm na múinteoireachta. Ní chuidíonn sé ach an oiread, a deirtear, go bhfuil múinteoirí gann i dtíortha eile chomh maith, gan ach an Bhreatain a lua, rud a chuireann deiseanna oibre ar fáil do na daoine a bhfuil fonn orthu tabhairt faoin gceird sin.

Tá roinnt moltaí á bplé ag an Roinn Oideachais faoi láthair, múinteoirí iarbhunscoile a dhéanamh de mhúinteoirí bunscoile, cainteoirí dúchais sna teangacha eachtrannacha a oiliúint mar mhúinteoirí agus cuidiú airgid a chur ar fáil do mhic léinn a thabharfadh faoi chúrsaí oiliúna múinteoireachta iarchéime a chosnaíonn idir €10,000-15,000.

Tá príomhoidí bunscoile ag iarraidh ar an Aire Oideachais painéal múinteoirí ionadaíochta a chur le chéile le folúntais shealadacha a líonadh agus na múinteoirí ar an bpainéal sin a íoc ionas go mbeidís ar fáil nuair a bheadh cruóg i scoil.

Deir na ceardchumainn múinteoirí go bhfágann roinnt múinteoirí an post de bharr strus agus brú oibre is riaracháin agus meastar nach gcuidíonn an spailpínteacht ócáideach a bhíonn ar mhúinteoirí óga a dhéanamh le hatmaisféar sásta na foghlama a chruthú do dhaltaí ná don fhoireann.

D’iarr an tAire Richard Bruton ar scoileanna gan sos gairme a cheadú do mhúinteoirí sula mbeadh ionadaí sásúil aimsithe acu agus é á mhaíomh ag go leor go raibh mí-úsáid á baint as an scéim sin.

Fág freagra ar 'Níos éasca áit a fháil ar chúrsa oiliúna múinteoirí má bhíonn Gaeilge mar ábhar agat'

  • Seán Mac Gearailt

    Shíl mé riamh go mba chóir níos mó airgid a íoc le múinteoirí chun “na daoine is fearr” a mhealladh . Ar an athsmaoineamh ní go rómhaith a d’éirigh leis an gcur chuige sin i gcás na bpolaiteoirí féin, bainisteoirí na n-ospidéal, lucht na mbanc agus go leor eile nach iad.

  • Magaoidh

    Ní post tarraingteach é do bheith i do mhúinteoir Gaeilge agus ní leigheasfaidh an CAO an fhadhb sin. Bíonn doicheall ar dhaltaí go leor roimh na Gaeilge agus iad teacht isteach sa mheánscoil. Bíonn siad ar stailc ar chúl an ranga ar feadh sé bliana agus teipeann urthu san Ardteist (rud atá deacair) nó bíonn díolúine acu. Bíonn deacrachtaí go leor ag múinteoirí Gaeilge déileáil leis an céatadán suntasach sin nach nglacann páirt sa rang.
    Ní mór doicheall na ndaltaí seo roimh na Gaeilge a fhiosrú go macánta agus tabhairt faoi é a leigheas seachas an díolúine ón Ghaeilge a cháineadh.