Níor mhaith liomsa a bheith ag imirt do Castres i Luimneach amárach!

Tá sé chomh simplí leis seo, má bhíonn an bua ag Cúige Mumhan ar Castres na Fraince is iad a bheas ar bharr Ghrúpa 4 de Chorn na gCuradh

Níor mhaith liomsa a bheith ag imirt do Castres i Luimneach amárach!

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá sé chomh simplí leis seo, má bhíonn an bua ag Cúige Mumhan ar Castres na Fraince is iad a bheas ar bharr Ghrúpa 4 de Chorn na gCuradh.

Níl aon dabht ach go mbeidh díomá ar na Muimhnigh agus ar na Connachtaigh gur scaoil siad le deis iontach a ngreim a fháisceadh ar bharr a gcuid grúpaí an deireadh seachtaine seo caite. Mar sin féin níl a rás rite fós agus tá deis iontach cúrsaí a chur ina cheart an deireadh seachtaine seo agus an dá fhoireann ag imirt sa mbaile, os comhair a lucht leanta féin.

Tá sé chomh simplí leis seo, má bhíonn an bua ag Cúige Mumhan ar Castres na Fraince is iad a bheas ar bharr Ghrúpa 4 de Chorn na gCuradh: beidh áit go cinnte acu sna babhtaí ceathrú ceannais. Go deimhin, má éiríonn leo pointe bónais a fháil agus ag brath ar thorthaí eile ní féidir cluiche ceathrú ceannais baile a chur as an áireamh fós. Sin comhrá do lá éicint eile, áfach. Bua ar Castres an chéad sprioc a bheas ag Cúige Mumhan an Domhnach seo. Mar sin féin, tá baol ann fós maidir le Racing Metro. Tá siadsan pointe amháin taobh thiar de Chúige Mumhan ar Thábla Ghrúpa 4 ar 15 pointe. 

Má bhíonn an bua acu le pointe bónais ar Leicester Tigers beidh siad cothrom le Cúige Mumhan, mura n-éireoidh le foireann Luimnigh pointe bónais a aimsiú iad féin. Níor mhaith liomsa a bheith ag imirt do Castres i Luimneach an Domhnach seo! Bua le ceithre úd ar a laghad do na Muimhnigh.

Is ionann an cás ag na Connachtaigh é agus iadsan ag imirt ar an mBóthar Beag i gcoinne Oyinnax na Fraince an Satharn seo. Tá fir an iarthair cinnte cheana féin dá n-áit i gcluichí ceathrú ceannais an chomórtais shóisearaigh, ach tá deis iontach acu cluiche ceathrú ceannais baile a chinntiú ach an bua a fháil ar Oyinnax an Satharn seo. ’Sea, bua le pointe bónais do Chúige Chonnacht atá á thuar agam sa gcoimhlint seo.

Tá dúshlán de chineál eile roimh na hUltaigh agus na Laighnigh an deireadh seachtaine seo agus iad as baile i mBabhta 6. Ar an Satharn beidh Cúige Laighean ag imirt i gcoinne Montpellier, foireann a bhuail siad (24-17) i mBabhta 1. Ach tá na Laighnigh cáilithe do chluichí ceathrú ceannais cheana féin agus cúig bhua as cúig chluiche acu. Beidh Cúige Laighean ag iarraidh an churiarracht sin a chosaint go cinnte, ach, mar sin féin, ní dóigh go gcuirfidh an bainisteoir Leo Cullen mórán dá chuid imreoirí chéad rogha i mbaol a ngortaithe i gcluiche nach mbeidh tada seachas bród dá bharr.

Ar an Domhnach beidh na hUltaigh i Londain le tabhairt faoi iarchuraidh an chomórtais seo, Wasps, foireann nach bhfuil ach fíor-dhrochsheans acu áit a aimsiú sna cluichí ceathrú ceannais. Má bhíonn an lá leis na hUltaigh agus go háirithe má éiríonn leo pointe bónais a fháil, beidh siad cinnte dá n-áit sna cluichí ceathrú ceannais. Gan an pointe bónais beidh siad i mbaol ó leithéidí La Rochelle na Fraince, foireann nach bhfuil ach pointe amháin taobh thiar díobh faoi láthair. Bí ag súil le sár-iarracht ó na hUltaigh, tá an séasúr sin s’acusan ag brath air.

Fág freagra ar 'Níor mhaith liomsa a bheith ag imirt do Castres i Luimneach amárach!'

  • léitheoir

    Déanfar castróvaics díobh…..nó rud níos measa fós!