Níor chóir go dtiocfadh aon scaoll ar mhuintir Luimnigh agus ceachtanna eile an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceisteanna móra a d’eascair as cluichí móra CLG an deireadh seachtaine

Níor chóir go dtiocfadh aon scaoll ar mhuintir Luimnigh agus ceachtanna eile an deireadh seachtaine

Gearóid Hegarty Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Ceann de na tréithe ba shuaithinsí a léirigh foireann óg Luimnigh go dtí seo i mbliana ná an cumas a bhí iontu guaim a choimeád orthu féin bíodh an imirt ag rith leo nó ná bíodh.

Ba léir an méid sin ina gcluichí sraithe i gcoinne chontae an Chláir agus Tiobraid Árann, mar shampla, agus is cinnte gur léirigh siad an-mhisneach i láthair an mhí-áidh nuair a d’éirigh leo comhscór a fháil in aghaidh Chorcaí sa chraobh in ainneoin iad a bheith i dtaobh le 14 imreoir don dara leath ar fad.

Is géire ná riamh a theastaíonn an aigne staidéartha sin uathu anois agus tuisle bainte astu den chéad uair i gcraobhchomórtas na bliana seo.

Ghéill a mbainisteoir John Kiely go raibh contae an Chláir níos fearr ná a fhoireann Dé Domhnaigh, agus cé gur thagair sé don mhíbhuntáiste a bhaineann le bheith ag imirt don tríú seachtain as a chéile níor mhaith leis, a dúirt sé, an méid sin a bheith mar leithscéal aige.   

Mar sin féin, ábhar sóláis do lucht leanúna Luimnigh na fíricí faoi chraobh na bliana seo. As an 12 cluiche i mbliana ina raibh foireann ag imirt den tríú nó den cheathrú deireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, níor éirigh ach le ceann amháin de na foirne sin an bua a fháil. B’in curaidh na hÉireann, an Ghaillimh, ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche nach raibh aon ní ag brath air.

Blianta eile bheadh an duairceas agus an t-éadóchas go mór sa treis i measc lucht leanúna Luimnigh i ndiaidh a leithéid de bhuille a fháil, ach fiú má tá díomá inniu orthu tuigfidh siad nach bhfuil an scéal chomh dona sin ar fad.

Seachas an gus agus an gaisce a bhí ina gcuid imeartha go dtí seo i mbliana, ceann de na cúiseanna is mó go bhfuil an fhoireann óg seo as Luimneach dulta chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine ná a neamhchorrabhuaisí is a bhíonn a gcur chuige.

Níor chóir go dtiocfadh aon scaoll ar mhuintir Luimnigh mar sin, mar bunaithe ar an bhfianaise go nuige seo ní thiocfaidh a leithéid ar an bhfoireann seo ná ar a lucht bainistíochta.

Damien Comer na Gaillimhe agus Niall McInerney ó Ros Comáin ©INPHO/Niall Dickson

Níl Gaillimh i measc na mboc mór go fóill

Is iad Gaillimh an chéad fhoireann a bhfuil áit bainte amach acu sna ‘Super 8s’ tar éis dóibh Ros Comáin a bhualadh i gcluiche ceannais Chonnacht Dé Domhnaigh ach múslaíonn taispeántas na mbuaiteoirí ceisteanna faoi cé chomh maith agus atá siad.

Ó bhain foireann Kevin Walsh cluiche ceannais na sraithe amach san earrach, táthar á lua mar fhoireann a d’fhéadfadh cluiche leathcheannais nó fiú cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach. Níor thuill a dtaispeántas i bPáirc de hÍde Dé Domhnaigh an moladh céanna áfach.

Cé go raibh cóir na gaoithe acu sa chéad leath, thit na Gaillimhigh siar agus lig siad do Ros Comáin seilbh na liathróide a bheith acu. Bhí an fhoireann baile i bhfad níos láidre i lár na páirce agus dá mbeadh siad beagáinín níos tomhaiste os comhair an chúil, bheadh siad níos faide chun cinn ag leath ama.

Lena gceart a thabhairt do na Gaillimhigh, d’fheabhsaigh siad go mór sa dara leath. Cé go raibh an oiread céanna imreoirí thiar i mbun cosanta acu, chuir a gcuid tosaithe Ros Comáin faoi bhrú agus bhain siad an liathróid díobh arís agus arís eile.

Má thugann siad an spás céanna d’fhoirne atá níos fearr ná Ros Comáin i rith na ‘Super 8s’ áfach, díolfaidh an Ghaillimh i bhfad níos daoire as.

An réiteoir, James Owens, a bhí i gceannas ar an gcluiche idir Luimneach agus An Chlár. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Réiteoireacht fhíschuidithe ag teastáil?

Tá Corn an Domhain faoi lán seoil anois sa Rúis agus roinnt samplaí den réiteoireacht fhíschuidithe nó VAR feicthe againn cheana féin. Agus an VAR in úsáid sa chomórtas den chéad uair, bhí amhras ann faoi cén tionchar a bheadh aige ar na cluichí ach, go dtí seo, tá ag éirí go maith leis.

Beidh daoine anois ag iarraidh go dtabharfaidh CLG córas dá leithéid isteach, go háirithe agus cúpla drochchinneadh feicthe againn ó réiteoirí agus maor cúil le coicís anuas.

Inné, cuireadh David Reidy an Chláir den pháirc i gcoinne

Luimnigh cé gurbh léir ón athfhéachaint nach raibh tada as bealach déanta aige. Coicís ó shin, sa chluiche idir Tiobraid Árann agus Port Láirge, bronnadh cúl tábhachtach ar Thiobraid Árann cé go raibh sé soiléir ón gcraoladh teilifíse nach raibh an sliotar imithe thar an líne.

Ní den chéad uair é, ach d’fhéadfadh CLG ceacht a fhoghlaim ó pheil na mban sa chás seo. Nuair a chraoltar cluiche peile na mban ar TG4, má bhíonn amhras ann faoi scór, is féidir le réiteoir athfhéachaint a thabhairt ar an gcraoladh teilifíse chun cinneadh a dhéanamh. 

D’fhéadfaí gearán a dhéanamh nach mbeadh an córas céanna ar fáil do gach dream nuair nach mbíonn na ceamaraí i láthair do gach cluiche, ach tá an rud céanna fíor faoi Hawk-Eye, córas nach bhfuil á úsáid ach i bPáirc an Chrócaigh agus i nDurlas.

Fág freagra ar 'Níor chóir go dtiocfadh aon scaoll ar mhuintir Luimnigh agus ceachtanna eile an deireadh seachtaine'

  • Píotar

    Bhí na Luimnígh tugtha tnáite sa chluiche i gcoinne na gCláiríneach. Is maith mar a thuigim dóibh. Tá siad i bhfad níos fearr ná sin. Daoine nár imir an cluiche riamh ag an leibhéal sin ní thuigeann siad. Traenálaithe ag cuir ar na himreoirí go síoraí seasta. Faigheann leaids óga dóthanach den gcraic, bíonn sos ag teastáil ón gcamán agus óna chéile. An intinn a thuirsíonn ar dtúis ….tagann col ort leis an gcamán féin. Tá marú ag baint leis an iomarca aclaíochta….an iomarca d’aon rud!