Tá Donald Trump ag cur brú ar Volodymyr Zelensky agus na hÚcránaigh a mbeannacht a thabhairt do mhargadh a mbeadh aitheantas Mheiriceá do fhlaitheas na Rúise ar an Úcráin mar réamhchoinníoll ag an Rúis sula n-aontóidís go stopfaidís ag marú Úcránach. Ach deir Donald Trump nach bhfuil éinne ag cur iachall ar an Úcráin féin aitheantas a thabhairt do fhlaitheas na Rúise ar an Úcráin. Cad í an fhadhb mhór don Úcráin mar sin?
Tar éis an tsaoil is cuid den Úcráin í an Chrimé de réir an dlí idirnáisiúnta agus ní athróidh aitheantas Mheiriceá do fhlaitheas na Rúise uirthi é sin, díreach ar an tslí nár athraigh aitheantas don Chóiré Thuaidh nó an Bhéalarúis nó Cúba é. Ach tuigeann na hÚcránaigh go maith gur bobghaiste é seo. Chun a thuiscint cén fáth, casaimis an cheist timpeall. Cén fáth go bhfuil beannacht na hÚcráine de dhíth ar Mheiriceá chun aitheantas a thabhairt do smacht na Rúise ar an gCrimé?
Is féidir le Meiriceá aitheantas a thabhairt do fhlaitheas na Rúise ar an gCrimé beag beann ar an Úcráin. D’fhéadfadh Trump an fhoráil sin a bhaint amach as an bplean seacht bpointe a bhfuil sé ag iarraidh ar Zelensky agus Putin glacadh leis. Ansin d’fhéadfadh sé aontú díreach le Putin go ndéanfadh Meiriceá agus an Rúis an socrú sin eatarthu fhéin sa chás go n-aontaíonn Putin agus Zelensky ar na 6 pointe eile. Ach ní hé sin atá á dhéanamh aige. Cén fáth?
An freagra – mar gur bealach é seo chun dlisteanú agus beannacht idirnáisiúnta a fháil don phacáiste iomlán, pacáiste a dhéanfadh scrios i ndeireadh na dála ar theorainneacha aitheanta idirnáisiúnta na hÚcráine. Tá sé réasúnta a bheith ag súil leis go mbeidh an Rúis, le tacaíocht Mheiriceá, ag iarraidh an comhaontú síochána seo a chur faoi bhráid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus a mbeannacht siúd a fháil dó – mar a dhéantar go minic le comhaontuithe den chineál seo.
Beidh foráil san chomhaontú seo ina dtugann Meiriceá aitheantas do fhlaitheas na Rúise ar an Úcráin. Ansin beidh an Rúis agus Meiriceá araon ábalta a rá leis an gComhairle Slándála – féach tá an Úcráin fhéin tar éis aontú leis an socrú seo – vótálaigí ar son na síochána! Agus ansin déarfaidh Meiriceá agus an Rúis leis an domhan mór, bunaithe ar Rún na Comhairle Slándála, go bhfuil aitheantas idirnáisiúnta ag an gCrimé mar chuid den Rúis.
Dar ndóigh ní aontóidh an Úcráin leis seo. Ach cuir an cheist ort fhéin, sa chás seo, cé acu léirmhíniú ag a mbeidh an lámh in uachtar? Faoi láthair ní thugann fiú roinnt comhghuaillithe de chuid Mhoscó, ar nós na Síne nó na hIaráine, aitheantas oifigiúil do fhlaitheas na Rúise ar an gCrimé mar nach bhfuil aon bhunús inchreidte dlíthiúil lena dhéanamh agus is tíortha iad sin a leagann an-bhéim ar fhlaitheas náisiúnta ar a gcúiseanna polaitiúla fhéin. Anois beidh leithscéal acu lena rá go bhfuil bunús dlíthiúil ann le haitheantas a thabhairt do fhlaitheas na Rúise ar an leithinis.
Fiú dá dtacódh an Eoraip le léamh na hÚcráine ar an scéal, le Meiriceá, an Rúis agus an tSín ag cur brú ar thíortha an domhain taobhú lena leagan siúd den scéal, bheadh an Eoraip agus an Úcráin ag snámh in aghaidh easa. Ní deacair a shamhlú cén taobh den argóint a mbeadh an lá leis. Agus má thacaíonn níos mó den domhan le haitheantas a thabhairt d’fhlaitheas na Rúise ar an gCrimé ná mar a thacaíonn le flaitheas na hÚcráine ar an leithinis sin, is ionann sin i ndáiríre agus an cath a bheith caillte ag an Úcráin agus a teorainneacha idirnáisiúnta a bheith athraithe in aghaidh a tola, mar gheall ar chomhaontú ar chuir Zelensky a ainm leis.
Is é seo an fáth gur botún straitéiseach a bheadh ann don Úcráin aontú lena leithéid de shocrú, go háirithe agus gan aon chomhghéilleadh substaintiúil á thairiscint ag an Rúis. Rinne an Úcráin botún straitéiseach ollmhór nuair a shínigh siad meamram Bhúdapeist i 1994, socrú faoinar thoiligh an tír a hairm núicléacha a thabhairt suas ar mhaithe le barántas ón Rúis, ó Mheiriceá agus tíortha eile i dtaobh a teorainneacha idirnáisiúnta.
Tá breith ar a n-aiféala acu ó shin agus tá drogall orthu an botún céanna a dhéanamh arís. Agus ar nós meamram Bhúdapeist níl sa mhéid a deirtear faoi bharántas slándála i bplean Trump ach caint ghinearálta gan aon gheallúint shoiléir. Níl muinín ar bith ag an Úcráin sna geallúintí doiléire seo tar éis ar tharla dóibh le meamram Bhúdapeist. Tá gach Úcránach a bhfuilim tar éis labhairt leo cinnte de go dtiocfaidh Putin ar ais ag iarraidh tuilleadh mura mbeidh barántas slándála éifeachtach acu.
Tá na hÚcránaigh ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh níos mó ná dream ar bith eile agus glacann siad leis nach féidir leo na críocha gafa a athghabháil leis an lámh láidir. Tá siad sásta glacadh le sos lámhaigh gan réamhchoinníoll. Ach b’fhearr leo leanúint ar aghaidh ag troid seachas aontú le socrú arbh ionann é – dar leo – agus géilleadh don Rúis. Feictear dóibh gur ionann géilleadh agus deireadh le dóchas. Agus dar leosan, a fhaid is atá siad ag troid i gcoinne an ionraidh, fiú más ag snámh in aghaidh easa atá siad, tá dóchas ann i gcónaí.
sderóiste
Dearmad mór amhain ag Fachtna. Ba chuid den Ruis é an Chrimé ó dheire an 1700i go dti 1954 nuair a’tugadh’ don Úcráin é toisc go raibh sé níos éasca san Aontas Soivéadach é a chenagal le seirbhisí uisce is leitreachas is eile ón Úcrain. Ní raibh móramh riamh ag Úcráinigh sa gCrimé, agus móramh ollmhór Rúisigh ó lar na 1800í. Ní nach ionadh gur votáil móramh ollmhór eile sa gCrimé filleadh ar an Rúis i 2014.
Fachtna ODrisceoil
Ní raibh tromlach Rúiseach sa Chrimé go dtí gur dhíbir Stalin an pobal dúchais i 1944. An t-eolas cruinn anseo: https://tuairisc.ie/ta-braithreachas-fola-anois-idir-na-tataraigh-agus-na-hucranaigh/