Níl sé éasca a bheith in aontíos le duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Is féidir le rudaí beaga bídeacha racht goil nó racht feirge a spreagadh i ndaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu

Níl sé éasca a bheith in aontíos le duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi…

Tá mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ag stopadh liom faoi láthair sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm. Na físghlaonna laethúla as an áireamh, tá os cionn ráithe ann ó chonaic mé í; mar sin féin, is beag athrú atá tagtha uirthi ón uair dheireanach go raibh mé féin sa bhaile, san Ísiltír. Deir an t-oibrí sláinte a choinníonn súil ar mo mháthair an rud céanna: tá iontas ar chuile dhuine nach bhfuil mo mháthair ag dul in olcas ach go fíor-fíormhall.

Is iontach an rud é sin, ar ndóigh, ach ciallaíonn sé go bhfuil mo mháthair go fóill sa staid dheacair sin go dtuigeann sí féin go bhfuil galar Alzheimer uirthi. Agus tugaim faoi deara go bhfuil sé sin ag cur as di níos mó ná mar a bhíodh.

Is iomaí uair le coicís anuas gur rug mé uirthi ag caoineadh go ciúin. Rudaí fánacha is cúis leis na taomanna beaga seo den chuid is mó: spéaclaí nach mbíonn sí in ann a aimsiú, focail shimplí nach bhfuil sí in ann cuimhneamh orthu, nó uirlisí cócaireachta nach dtuigeann sí a bhfeidhm a thuilleadh.

Ach an lá cheana tháinig racht goil uirthi nach bhfaca mé a leithéid fós. San árasán ina bhfuil cónaí orm, ní féidir an t-uisce a thagann amach as an sconna a ól. Tá taiscumar beag i ndoras an chuisneora ina gcoinním uisce le hól; brúnn tú cnaipe ar an doras agus tagann an t-uisce amach. Bhí an cnaipe seo á bhrú ag mo mháthair arís is arís eile, ach níor tháinig aon uisce amach. Bhris an gol uirthi agus thóg sé cúpla nóiméad orm í a cheansú. 

‘Tá mé chomh dúr sin!’ a bhéic sí. ’Níl mé in ann gloine uisce a líonadh fiú amháin!’

D’oscail mé doras an chuisneora agus tháinig náire an domhain orm. Ní ar mo mháthair ná ar an ngalar atá uirthi a bhí an locht ach ormsa. 

Bhí an taiscumar i ndoras an chuisneora folamh; bhí dearmad déanta agam é a líonadh.

Níl sé éasca teach a roinnt le duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi. Is féidir le rudaí beaga bídeacha racht goil nó racht feirge a spreagadh a mhillfidh an t-atmaisféar ar feadh cúpla uair an chloig, ach dá mhíréasúnta iompar an othair, ní féidir locht a fháil air nó uirthi; is é an galar agus ní an duine is cúis leis an iompar. 

Fág freagra ar 'Níl sé éasca a bheith in aontíos le duine a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi…'

  • Mise Áine

    @ is é an galar agus ní an duine is cúis leis an iompar.

    Sin bun agus barr an scéil, a Alex, ach is minic go mbíonn deacracht ag daoine é sin a thuiscint. Bíonn sé crua ar chuile dhuine, ach go háirithe ar an othar bocht.

    Ní maith liom do thrioblóid, a chara. Bhí duine leis an ngalar sin faoinár gcúram in Inis Eoghain ar feadh blianta fada, mar sin tuigim do chás. Tugtar ‘An Bás Beo’ ar an ngalar (The Long Goodbye i mBéarla), agus, faraor, is maith a fheileann a ainm dó, mar ghalar.