Cé a dúirt go bhfuil deireadh leis an ngrá? Ba dheas a bheith ar cipíní Lá Fhéile Vailintín…

Ná bí ag brath i gcónaí ar bhláthanna, is iomaí bealach leis an ngrá a léiriú. Cipíní seargtha nó pictiúr de bhláthanna, mar shampla,,,

Cé a dúirt go bhfuil deireadh leis an ngrá? Ba dheas a bheith ar cipíní Lá Fhéile Vailintín…

‘Duitse é seo, Mamaí,’ arsa an Babaí agus é ag iarraidh bronntanas beag a tharraingt amach as a phóca. Chonaic mé é ag stracadh leis an éadach ar an bpóca is é ar a mhíle dicheall iontas éigin a tharraingt amach as.

Sa deireadh, d’imigh a lámh de léim amach agus chonaic mé an féirín. ‘Le haghaidh Vailintín,’ a dúirt sé agus shín cipín beag chugam a raibh an chuma air nár réitigh sé go rómhaith leis a bheith sáite síos i bpóca naíonáin.

‘Fuair mé an cipín seo duit,”’a dúirt sé agus áthas le feiceáil ina éadan. Cé a cheapfadh go dtabharfadh sé ardú croí duit cipín beag briste a fháil don Vailíntín.

Ansin chuimhnigh sé air fhéin. ‘Ó, agus…,’ a dúirt sé is thosaigh sé ag cartadh sa bpóca eile ar nós draíodóra stáitse faoi oiliúint, nach mbeadh cleasaíocht láimhe na ceirde baileach aige, is é ag iarraidh glac bláthanna a tharraingt amach as a mhuinchille.

‘É seo freisin!’ a d’fhógair sé sa deireadh agus shín sé an t-iontas in airde chugam. Cipín eile, é beagáinín croite, is duilleog shíorghlas chróga amháin i ngreim an fhir bháite ann.

Níl mé a rá nach maith liom rósanna agus bláthanna, ach cén chaoi ar roghnaíodh iad mar chomhartha an ghrá d’fhéile Vailintín? Is mór an t-iontas nuair a chuimhníonn tú air, gurb iad na bláthanna an bronntanas traidisiúnta Lá Vailintín. Seachas corrlus an chromchinn anseo is ansiúd, tá bláthanna an-ghann i ngarrantaí na hÉireann.

Rud eile, ní hé chuile dhuine a dtaitníonn bláthanna leo agus, cé nach bhfuil aon chúis mhaith leis dáiríre, ceapaim go mbreathnódh an chuid is mó de na fir cam ort dá dtabharfá glac bláthanna dóibh mar bhronntanas le haghaidh Lá Vailintín, ná aon lá eile ach an oiread leis.

Tá cúinne sa gclós ar chúl an tí a dtugann muid ‘coirnéal na mbláthanna’ air le teann dóchais go dtuigfidh an chréafóg go bhfuil muinín againn aisti agus go dtosódh sí ag táirgeadh bláthanna.

Dá mbeadh muid ionraic faoi, coirnéal an phuitigh ba cheart dúinn a bhaisteadh air. ’Séard atá againn, dáiríre, ná coirnéal sa ngairdín a líon muid le créafóg agus atá á úsáid ag cait an bhaile agus ag seilidí ó shin.

Goilleann sé orm é seo a rá amach, ach ceapaim go bhfuil sé in am againn a admháil nár fhás aon bhláth riamh ann agus slán a fhágáil ag coirnéal na mbláthanna agus binse as IKEA a chur ina áit agus téidín soilse beaga LED a chrochadh air.

Tá siad go deas, ach ní hiad bláthanna bun agus barr Lá Fhéile Vailintín, ar ndóigh. Tá tábhacht le cipíní beaga seargtha freisin agus is fiú cuimhneamh chomh maith ar phictiúirí de bhláthanna.

Mura n-éiríonn leat bláthanna a fháil ná cipíní beaga a aimsiú ar thaobh an bhóthair, ar chuimhnigh tú pictiúirí de bhláthanna a tharraingt nó a ghearradh amach le siosúr as irisleabhar agus a ghreamú anseo is ansiúd ar bhallai an tí?

Creid é nó ná creid, d’ardódh sé do chroí, ballaí na cistine a fheiceáil agus iad breac le pictiúirí beaga de bhláthanna a stróiceadh amach as irisleabhar agus a greamaíodh suas ar na ballaí le sellotape.

Cé a dúirt go bhfuil deireadh leis an ngrá?

Fág freagra ar 'Cé a dúirt go bhfuil deireadh leis an ngrá? Ba dheas a bheith ar cipíní Lá Fhéile Vailintín…'