‘Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta’ — Ó Cuív

Aontaíonn Ó Cuív gur cheart do choistí pleanála teanga na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil dóibh

‘Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta’ — Ó Cuív

Níl i ndán don phleanáil teanga sa Ghaeltacht ach “teip” mura gcuirtear an maoiniú a lorgaíodh ar fáil, dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie nach fiú a bheith ag caint ar phleananna teanga mura mbíonn an maoiniú agus an tacaíocht ón Stát dóthanach leis na pleananna sin a chur i bhfeidhm “mar a scríobhadh iad”.

“Ní féidir dul ar aghaidh leis an bpleanáil teanga mura bhfuil airgead mór agus tacaíocht an-láidir stáit ar fáil. Is féidir linn a bheith ag scríobh pleananna go brách ach níl aon mhaith ansin mar ní féidir iad a chur i bhfeidhm. Ní fiú tada pleanáil gan an maoiniú.

“Cé mhéad teach a tógadh riamh a raibh pleanáil mhaith aige ach nach raibh aon mhaoiniú ar fáil lena aghaidh? Is mar a chéile é leis an bpleanáil teanga,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta go raibh “an ceart iomlán” ag Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, nuair a dúirt sé gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt Mac Con Iomaire, iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc.ie nach bhfuil an t-airgead atá á lua le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga “dóthanach ar chor ar bith” leis an bplean a réitíodh don Cheathrú Rua a chur i bhfeidhm.

Thug Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i gConamara le fios nuair a seoladh na pleananna go hoifigiúil níos luaithe an mhí seo nach bhféadfaí an plean teanga a d’ullmhaigh siad a chur i bhfeidhm gan maoiniú agus acmhainní breise agus dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Thug urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le fios do Tuairisc.ie nár leor an maoiniú €100,000, atá á chur ar fáil do gach plean teanga, chun plean an cheantair sin a chur i bhfeidhm agus go dteastódh ar a laghad dhá oiread an méid sin chun go mbainfí a spriocanna amach.

Chuir Údarás na Gaeltachta “fáilte mhór” roimh sheoladh na gcéad phleananna teanga faoin bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht, dúradh gur “céim shuntasach eile í seo atá á tógáil sa bpróiseas pleanála teanga”.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis Anna Ní Ghallachair gur leor an maoiniú €100,000 chun tús láidir a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga.

Fág freagra ar '‘Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta’ — Ó Cuív'

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí sé riamh mar sin!
    Abair arís é!
    Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta.
    Arís más é do thoil é!
    Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta
    Arís!
    Níl i ndán don phleanáil teanga ach teip cheal maoinithe agus tacaíochta
    Etc.

  • Mánus

    Níl Plean Réadúil ag rialtas FFFG chun an Ghaeilge a thiontú ina theanga phobail arís sa “Ghaeltacht Oifigiúil”. Obair dheonach faoi stiúr Státchórais bhréagach atá sa Phleanáil teanga.

  • Frainc

    Is é an maoiniú is tábhachtaí ar fad ná an duine prinseapálta, teann, diongbháilte agus cá bhfuil se siúd anois ó cuireadh Ó Laoghaire san úir?

  • Frainc

    féach an maoiniú agus an tacú atá le fáil ag an teanga san Eoraip! an gaire don Bhruiséal nó da SAM sinn?