Níl gá le méadú na Dála arís agus arís eile

Cé mhéad Teachta Dála a theastaíonn uainn dáiríre?

Níl gá le méadú na Dála arís agus arís eile

Toghfar dhá chéad Teachta Dála, in áit 160 mar atá sa Dáil reatha, faoi cheann tríocha bliain má théann daonra an stáit i méid mar atá á thuar.

Ní cheadaíonn an Bunreacht coibhneas níos airde ná Teachta Dála amháin in aghaidh gach 30,000 duine i ngach dáilcheantar. Léirigh réamhthorthaí an daonáirimh a foilsíodh Déardaoin áfach go bhfuil an coibhneas á shárú i ngach dáilcheantar sa stát ach amháin i gcontae Luimnigh.

Léirigh na figiúirí freisin a thapúla is atá an daonra ag fás. In olltoghchán 2016, toghadh Teachta Dála ar an meán mar ionadaí ar 29,762 duine. Tá ionadaíocht ar 32,022 duine sroichte anois de réir na réamhfhigiúirí.

Nuair a fhoilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh a tuairisc dheireanach ar an daonáireamh mar sin, cuirfidh riail ionadaíochta an Bhunreachta iachall ar an Oireachtas reachtaíocht a rith a cheadóidh méadú ar bhallraíocht na Dála ó 160 go dtí 171 ar a laghad sa chéad Dáil eile.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ndéarfaidh mórán comhaltaí den 33ú Dáil gur chóir an riail a éilíonn síormhéadú na Dála a athrú. Dhéanfadh an méadú maolú ar an dúshlán a chuirfidh imní orthu go léir idir seo agus an chéad olltoghchán eile.

 

Ní féidir a bheith lánchinnte cén cruth a bheidh ar dháilcheantair de thoradh an athchóirithe a bheidh riachtanach. Is dóichí ná a mhalairt áfach go dtabharfar suíochán sa bhreis do na dáilcheantair seo a leanas: Fine Gall, ina bhfuil an coibhneas ionadaíochta is airde idir Teachtaí Dála agus daoine (Teachta Dála amháin in aghaidh gach  34,138 duine), Lú, Ceatharlach-Cill Chainnigh, Cill Dara Thuaidh, Baile Átha Cliath Thiar agus Tiobraid Árann.

Beidh Teachtaí Dála i ndáilcheantair eile – Dún na nGall mar shampla – ag súil go méadódh atarraingt ar limistéir an daonra áitiúii ionas go mbeidh siad i dteideal Teachta Dála breise.

Ní cóir go mbeadh athmhachnamh ar an bhforáil a bhaineann le coibhneas ionadaíochta in airteagal 16.2.2 den Bhunreacht ag brath go hiomlán ar leas agus ar thuairimí pearsanta na dTeachtaí Dála.

De réir réamhaisnéis ‘mheasartha’ na Príomh-Oifige Staidrimh faoi fhás an daonra amach anseo beidh sé mhilliún duine ina gcónaí sa stát faoi 2050, seachas cúig mhilliún mar atá faoi láthair.

Ní 160 Teachta Dála ach 200 ar a laghad a bheidh i nDáil Éireann faoin am sin, is é sin mura n-athrófar an riail ionadaíochta sa Bhunreacht idir an dá linn. Buille faoi thuairim: dá bhfiafrófaí de vótálaithe am ar bith ar shíl siad go rachadh síormhéadú seo na Dála chun tairbhe dóibh nó don tír, is dócha go ndéarfadh móramh nach rachadh.

B’fhéidir go dtabharfar deis do thionól saoránach an t-ábhar a phlé amach anseo, ach is léir nach réiteoidh comparáid an bhuncheist a bheadh orthu a mheá.

Déanann triúr Teachtaí Dála ionadaíocht ar an meán faoi láthair ar 100,000 duine – ráta ionadaíochta atá i bhfad níos airde ná mar atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus sa Spáinn, áit nach ndéanann ach thart ar fheisire parlaiminte amháin ionadaíocht ar gach 100,000 duine.

Ar an taobh eile den scéal, tá ráta ionadaíochta níos airde i bhfeidhm i mórán tíortha eile: an tSlóivéin (ceathrar in aghaidh gach 100,000 duine) mar shampla, an Liotuáin (cúigear), an Chipir (seisear) agus Málta ina bhfuil an ráta is áiféisí san AE: 14 ionadaí in aghaidh gach 100,000 saoránach.

Dáiríre is ceist do mhuintir na hÉireann í: ar chóir cloí le riail ionadaíochta a cuireadh sa Bhunreacht i 1937 nuair a bhí an daonra ag síorlaghdú sa ré atá romhainn ina mbeidh an daonra ag dul i líonmhaire go leanúnach agus go gasta?

Ar ndóigh oireann seachaint na ceiste seo dár n-ionadaithe i dTeach Laighean ar bhonn pearsanta, ach ní cóir go gcuirfeadh a dtuairimí bac ar an athbhreithniú (ar a laghad) atá riachtanach.

Is ábhar misnigh do dhuine ar bith a shíleann gur chóir an riail a athrú é toradh reifrinn san Iodáil in 2020 inar moladh laghdú (ó 643 go dtí 400) ar líon na gcomhaltaí i dteach íochtarach na parlaiminte sa Róimh. Vótáil os cionn dhá thrian i bhfabhar an leasaithe.

Níl laghdú ar bhallraíochta na Dála á mholadh abhus, ach tá sé thar am fiúntas a síormhéaduithe a phlé.

 

Fág freagra ar 'Níl gá le méadú na Dála arís agus arís eile'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ní gá ach an leath san tírín beag seo.