Níl cúis ar bith nach mbuafadh Éire anocht, ach seachain an dragún agus é gonta!

Níl cúis ar bith nach mbeadh a séú bua in Caerdydd ó 2001 ag foireann na hÉireann anocht, ach caithfear a bheith san airdeall ar an dragún agus é gonta

Níl cúis ar bith nach mbuafadh Éire anocht, ach seachain an dragún agus é gonta!

Ní chuirfidh am an chluiche idir na Gaeil agus na Breatnaigh anocht as rómhór do lucht leanúna dílis rugbaí na hÉireann atá ag taisteal ina sluaite go Caerdydd. Agus is cinnte go mbeidh na céadta míle eile ag tabhairt aghaidh ar thithe ósta nó ag breathnú ar an gcluiche ina gcuid tithe féin.

Mar a sheasann cúrsaí ar thábla Chomórtas na 6 Náisiún, níl seans ar aon bhrabach ag na Breatnaigh.  Sa gceathrú háit atá siad agus dhá chluiche as trí cinn caillte acu cheana féin, ceann i gcoinne Shasana agus ceann eile, coicís ó shin, i gcoinne na hAlban. Seans go raibh an mí-ádh orthu nuair a theip orthu sa mbaile i gcoinne Shasana (16 – 21), ach is údar mór náire dá lucht leanta an chaoi ar chaill siad (29 -13) i Murrayfield.

Díoltas amháin a bheas uathu in aghaidh na foirne sin againne anocht.  Níl tada eile i gceist mar go bhfuil siad as chuile rás anois, an Choróin Thriarach, an Grand Slam agus an Comórtas 6 Náisiún féin.

Mar sin féin, tá ceist bróid agus foireann na Leon go mór i gceist, cé gur léir go bhfuil comhartha ceiste mór maidir le himirt chuid de laochra móra na Breataine Bige go dtí seo sa gcomórtas. Bíodh sin mar atá, seans gurb é seo an deis is fearr atá acu chun a chruthú go áit tuillte acu ar thuras chuig an Nua Shéalainn, mar gur as baile, i gcoinne na bhFrancach, a bheas siad sa gcluiche deiridh den chomórtas seo.

Maidir le cás na hÉireann, is cinnte gurb iadsan rogha na coitiantachta don chluiche seo. Ní dhearna Joe Schmidt athrú amháin féin fiú ar an bhfoireann a fuair an lámh in uachtar ar na Francaigh coicís ó shin. Éiríonn go maith linn i gcoinne na mBreatnach in Caerdydd níos minice ná a mhalairt na laethanta seo agus cúig bhua againn ann ó 2001. Níl cúis ar bith nach mbeidh muid in ann tógáil air sin anocht, ach caithfidh muid a bheith san airdeall ar an dragún agus é gonta.

Beidh na Francaigh sa Róimh amárach, Dé Sathairn, agus iad ag cur le crá croí na nIodálach, seans. Is cinnte go bhfuil chuile dhuine, seachas na Francaigh ar ndóigh, ag súil agus ag guí ar son bua d’fhir Chonor O’Shea ach is deacair bua a thuar dóibh, sin muna dtarlóidh míorúilt.

I Londain a bheas cluiche mór an tSathairn seo agus Alba, atá sa tríú háit ar an tábla, ag tabhairt dúshlán na foirne atá ag barr an tábla, Sasana. Tá an choróin thriarach ar fáil do bhuaiteoirí an chluiche seo, ach is iad fir an bhaile an rogha.  Mar sin féin, ní féidir Alba a chur as an áireamh. Bhí siad thar barr i gcoinne na hÉireann sa gcéad chluiche den chomórtas, díreach mar a bhí siad coicís ó shin agus iad ag fáil an lámh in uachtar ar an mBreatain Bheag.

Go deimhin, is fíor a rá go raibh an mí-ádh orthu i mBabhta 2 agus iad i gcoinne na bhFrancach i bPáras.  Níor scar ach sé phointe an dá fhoireann ag deireadh an chluiche sin.

Is cinnte go mbeidh siad lán de dhóchas agus de mhuinín i dTwickenham agus beidh gá le himirt níos fearr ó na Sasanaigh más fúthu an lá a thabhairt leo.

Meas tú an ndéanfaidh Alba gar dúinn?   

Ní dóigh liom é, faraor.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach mbuafadh Éire anocht, ach seachain an dragún agus é gonta!'