Níl baol ar bith ann go bhfaighidh an Bhreatnais bás, a deir eolaithe

De réir taighde nua, is amhlaidh go mbeidh leath de mhuintir na Breataine Bige líofa inti faoi 2200, ach níl dóthain cainteoirí líofa te reo Māori ann le go dtiocfaidh sí slán

Níl baol ar bith ann go bhfaighidh an Bhreatnais bás, a deir eolaithe

Ní hamháin nach bhfuil aon bhaol ann go bhfaighidh an Bhreatnais bás, ach is amhlaidh go mbeidh leath de mhuintir na Breataine Bige líofa inti faoi 2200.

Sin an toradh a bhí ar thaighde nua a rinne eolaithe as an Nua-Shéalainn faoina bhfuil i ndán do dhá mhionteanga –an Bhreatnais agus te reo Māori.

Drochscéal a bhí ann don te reo Māori, áfach, agus fuarthas nach bhfuil dóthain cainteoirí líofa inti chun go dtiocfaidh sí slán.

Meastar go bhfuil aon trian de theangacha an domhain i mbaol faoi láthair agus go mbeidh leath acu imithe in éag faoi 2100.

Cheap na heolaithe in Ollscoil Canterbury samhail nua chun scagadh a dhéanamh ar conas mar a athraíonn rátaí líofachta i dteangacha le himeacht ama.

Faoin tsamhail nua sin roinneadh teaghlaigh na Breataine Bige i gcatagóirí éagsúla ó thaobh líofachta agus bunaithe air sin oibríodh amach cén rath a bheadh ar an mBreatnais as seo go ceann cúpla céad bliain.

Meastar go bhfuil Breatnais líofa ag 11% de mhuintir na Breataine Bige agus de réir an taighde bheadh an teanga slán mura mbeadh ann ach 6%. 

Mar sin féin, tá rabhadh tugtha ag údair an taighde, a foilsíodh in The Royal Society, gan talamh slán a dhéanamh de go mbeidh rath ar an mBreatnais.

“Os a choinne sin, in ainneoin go bhfuil an treocht láidir sa bhfadtéarma, beidh an chéad tréimhse athbheochana 50-100 bliain leochaileach go maith maidir le hathruithe foghlama agus seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin agus stádas mionteanga agus fás mall a bheidh i gceist i gcónaí,” a deir lucht an taighde.

Maidir le teanga na Maorach sa Nua-Shéalainn fuarthas nach raibh dóthain cainteoirí líofa aici le go dtiocfadh sí slán agus go gcaithfí gníomhú chun í a shábháil ón mbás. Níl ach 5% den phobal Maorach líofa ina dteanga féin. 

Is deacair a rá go beacht cé mhéad de mhuintir na hÉireann atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge ach cuirfear ceist nua faoi líofacht na Gaeilge sa chéad daonáireamh eile.

Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.

Sa chéad daonáireamh eile beidh focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”. Beidh trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.

Tá an CSO ag súil go gcuideoidh an cheist nua sin le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an phobail”. 

Fág freagra ar 'Níl baol ar bith ann go bhfaighidh an Bhreatnais bás, a deir eolaithe'