Tháinig an teachtaireacht gan choinne.
‘An cuimhin leat ár gcomhrá sa Veinéis in 2018?’ a d’fhiafraigh sí. ‘Tá an tuar ag teacht faoin tairngreacht a rinne mé ag an dinnéar an oíche sin.’
Ba chuimhin liom an oíche úd ceart go leor ach céard faoi a raibh sí ag caint? Ba chuimhin liom gur labhair muid faoi chúrsaí póilíneachta i Meiriceá, faoin FBI, faoi ghabháil Whitey Bulger – ach cén tairngreacht a rinne sí? (Scríobh mé colún faoinár gcomhrá ar Tuairisc.ie ag an am).
Oifigeach sna póilíní in California a bhí inti agus baint mhór aici le geaingeanna agus gabháil teifigh a bhí éalaithe ó na póilíní.
Chuir mé teachtaireacht díreach ar ais chuici ar Twitter (an modh cumarsáide a roghnaigh sí féin).
‘Deas cloisteáil uait, ach cén tairngreacht a rinne tú an oíche úd?’
Tháinig an freagra ar ais an-sciobtha. Seo bean nach raibh i dteagmháil liom le beagnach trí bliana.
‘Labhair muid faoi Trump agus na Rúisigh ag cur a ladar san Olltoghchán. Le bliain anuas, bhí faitíos orm go dtarlódh rud mór gránna i Meiriceá de bharr an tacaíocht a thug Trump do na ‘white supremacists’ i rith a thréimhse Uachtaránachta.’
Agus ansin ar deireadh dúirt sí – ‘d’éirigh mé as na póilíní i mí na Samhna agus anois tá mé ag dul a bheith im’ bhleachtaire príobháideach.’
Ba léir go raibh an scéal ar fad faoi céard atá i ndán do Mheiriceá faoin Uachtarán Biden ag dó na geirbe aici. Chuireas glaoch WhatsApp uirthi an oíche sin.
Tríocha bliain a chaith sí leis an tseirbhís póilíneachta in Sacramento, California. Bhí sí i gceannas ar ghabháil teifeach: ba í an ‘Head of Fugitive Apprehension for the Department of Corrections’ (na príosúin). Bhí baint mhór aici le geaingeanna a chur síos (‘gang suppression’) agus rinne sí speisialtóireacht in ‘úsáid nirt’, dúirt sí liom.
Bhí drogall orm ceist a chur uirthi faoi na scéalta go raibh baint ag roinnt póilíní agus iarbhaill de na fórsaí míleata leis na grúpaí éagsúla atá ag cur i gcoinne an daonlathais i Meiriceá.
Ach bhí mé fiosrach. Agus chonaiceamar ar fad na pictiúir le linn an scliúchais in Washington ar an 6 Eanáir agus chualamar na scéalta ó shin. Cén tuairim a bhí aici faoin dream sin a bhí páirteach agus a bhí réidh chun troda?
Níor chuir sí fiacail ann. ‘Caithfimid díriú ar cén cineál daoine atá á híreáil isteach sna fórsaí póilíneachta agus míleata,’ a dúirt sí. ‘Chonaic mé é le mo dhá shúil féin. Níl aon aird á tabhairt ar ‘éagsúlacht’ a bheith sna fórsaí. Chonaic mé féin é sna póilíní – ba bheag seans a bhí ag mná ná mionlaigh aon dul chun cinn a dhéanamh ann.’
Ach níos measa fós ‘níl aon aird á tabhairt ar na daoine ag a bhfuil tuairimí a bhaineann le forchiníochas an chine ghil’.
Thagair sí don líon iarbhall de na fórsaí míleata a théann isteach sna póilíní. Deir sí nach mbíonn aon taithí acu ar ‘éagsúlacht’ ná ar chultúir eile. Tagann go leor dá gcuid smaointe ón bhforchiníochas, dar léi. Tugann siad an chlaontacht seo isteach sna póilíní agus anois feictear an toradh ar na sráideanna.
Rinne sí staidéar ar an ábhar dá cuid oibre féin agus is speisialtóir anois í sa réimse ‘iomarca fórsa’.nuair a chuirtear i leith na bpóilíní go dtéann siad thar fóir agus iad ag gabháil daoine, mar shampla.
‘Feiceann tú ar na sráideanna é – an chaoi a gcuireann póilín a lámha ar ghualainn duine a bhfuil sé in amhras faoi. Imíonn sé uaidh sin go dtí scaoileadh le gunna agus duine a mharú.’
Agus í ag trácht ar an ionsaí ar an ‘Capitol’ in Washington, deir sí nach ndearna sí aon iontas go raibh cuid acu bainteach le fórsaí míleata agus póilíní. Cé gur Stát Daonlathach é California, bhí go leor tacaíochta ag Trump i measc na bpóilíní.
‘D’oibrigh mise le go leor daoine a bhí ag tacú le Trump,’ dúirt sí. Bhí ceardchumainn na bpóilíní i measc na ndreamanna a thug tacaíocht dó. ‘Formhór an dream a chuireann an dlí i bhfeidhm i Meiriceá is Poblachtánaigh iad.’ Go deimhin bhí sí féin cláraithe mar Phoblachtánach go dtí anuraidh,
Chuir na grúpaí éagsúla a rinne an ruathar ar an gCaipeatól na geaingeanna a mbíodh sí ag plé leo i gcuimhne di. Bhíodh sí ag plé le buíonta ón Maifia, agus dronganna eile a raibh a bhfréamhacha i Meiriceá Theas. Bhíodar fós ina mbaill de na buíonta sin agus iad sa bpríosún.
‘Ba mhinic mé ag cuimhneamh ar an dochar a dhéanfaidís dá dtiocfaidís le chéile faoi aon bhratach nó aon cheannasaí amháin. Bheidís an-chumhachtach.’
‘Ach tháinig an ego a bhí acu salach orthu i gcónaí,’ a dúirt sí. Tháinig siad chun cuimhne agus í ag smaoineamh ar na círéibeacha agus na dúnmharuithe éagsúla le tamall anuas – Oakland, Charlottesville, Michigan, agus an t-ionsaí ar an gCaipeatól féin in Washington.
‘Bheadh sé thar a bheith contúirteach dá dtiocfadh na grúpaí sin ar fad le chéile faoi aon cheannaire amháin.’
‘Maidir le Michigan, nuair a bhí buíon ionsaithe ag iarraidh an Gobharnóir a ghabháil agus a mharú b’fhéidir, níor labhair an tUachtarán amach ina gcoinne. Thug eachtraí mar sin agus na cinn a tháinig ina dhiaidh, uchtach dóibh. Na ‘Proud Boys’, na ‘Bugaloos’ agus iad sin ar fad – cruthaíonn siad léirscrios aon áit a mbíonn círéib. Chonaic muid é le linn léirsithe ‘Black Lives Matter’ nuair a maraíodh daoine.’
‘Cuimhnímis anois cé chomh contúirteach is a bheidís sin dá mbeadh ceannaire láidir amháin acu. Ní raibh aon cheannaire acu an tseachtain seo caite nuair a leaindeáil siad isteach ar urlár an Chaipeatóil. Ach níl a fhios cé mhéad armlón, gunnaí agus buamaí a bhí acu an lá sin. Bhí an t-ádh ar dhaoine nár úsáid siad é. Agus b’in toisc nach raibh aon cheannaire ná plean acu.’
Sin ceann de na dúshláin is mó a bheas roimh an tUachtarán Biden amach anseo. Níl na dreamanna éagsúla seo ag dul in aon áit. Chomh luath agus a díbríodh ó Twitter iad thángadar ar ais ar ardán eile.
Ach tá dóchas éigin ag mo chara sna daoine óga – na ‘Millennials’ mar a thug sí orthu. Braitheann sí nach dtugann siad tacaíocht do na smaointe atá taobh thiar de na gluaiseachtaí forchiníocha. Measann sí gurb iad an dream óg a bhuaigh an toghchán do Biden.
Agus rud eile a thugann sí faoi deara i measc an aosa óig – bogann siad ó áit go háit. De bharr go bhfuil California chomh costasach sin, bogann go leor acu go Stáit eile. Leis an gcianobair, tá sin i bhfad níos éasca anois.
Agus iad ag bogadh isteach go Arizona, Texas, Georgia, níl a fhios fós cén tionchar a bheas aige sin ar an vótáil sna stáit sin. Beidh an dream óg sin ag tabhairt a gcuid dintiúirí Daonlathacha leo agus ag imirt tionchar ar an vóta sna stáit sin – rud a rinne na vótóirí Afracacha/Meiriceánacha nuair a tugadh an deis sin dóibh.
Ag obair le haturnaetha príobháideacha a bheas sí feasta. Ach beidh sí ag díriú ar an réimsí oibre sin atá gar dá croí – an leithcheal i gcúrsaí fostaíochta, an leithcheal sna príosúin, cearta daonna, cearta ionannais agus úsáid nirt i gcoinne príosúnach.
Agus cuirfidh sí suim ar leith sa rialtas nua – tá tús maith déanta, deir sí, sa mhéid is go mbreathnaíonn an dream atá ceaptha ag an Uachtarán nua ‘cosúil leis na daoine a mhaireann sna Stáit Aontaithe’.
Ach tá faitíos an domhain uirthi go dtiocfaidh an ‘ceannaire amháin’ sin amach as an dorchadas agus ansin beidh dúshlán mór millteach roimh an Uachtarán nua.
Fág freagra ar '‘Níl aon aird á tabhairt ar na daoine ag a bhfuil tuairimí a bhaineann le forchiníochas an chine ghil’'