Beidh deireadh le faoiseamh an rialtais ón gCéadaoin seo chugainn nuair a thosóidh seisiún na Dála, ocht seachtaine ó cuireadh ar atráth í ar an 17 Iúil.
Ar ndóigh bíonn scéalta agus ábhair imní nó áiféise á bhfiosrú ag iriseoirí gnóthacha i gcónaí. Deimhníonn atráth na Dála, áfach, go mbíonn airí slán cheistiú dosheachanta an fhreasúra.
Ní beag an sólás é don Taoiseach agus d’airí rialtais teacht na laethanta a mbíonn lánrogha acu labhairt ar dhrochscéal nuachta nó fanacht ina dtost. Go háirithe nuair a bhíonn toghchán uachtaránachta ag teannadh leo.
Ach mar a thagann fionnuaire an fhómhair tar éis teas an tsamhraidh, cuireann filleadh na Dála deireadh cinnte le suaimhneas an rialtais. Ón gCéadaoin seo chugainn beidh a ghnátháit ag an Dáil arís ar an amchlár a ghabhann le go leor scéalta nuachta:
- Cuireann ábhar a fhoilsítear nó a chraoltar imní ar an bpobal nó míshásamh nó fearg orthu uaireanta.
- Spreagann ceisteanna Dála ar an ábhar céanna agus freagraí an Taoisigh agus/nó airí rialtais a thuilleadh imní chomh maith le fiosracht na meán.
- Neartaíonn freagraí an rialtais ar mhíshásamh agus uaireanta ar fhearg an phobail. Nó, uaireanta, maolaíonn siad an míshásamh.
Ní bhaineann gach conspóid le faillí ná le botúin a rinne airí, státseirbhísigh nó forais stáit, ach dúisíonn siad go léir na ceisteanna céanna nó cuid acu ar a laghad.
Cé is túisce a thug fadhb faoi deara? Cén uair? Céard a rinne siad nó nach ndearna siad? Cén fáth? Céard atá á dhéanamh leis an bhfadhb a réiteach, nó cad a dhéanfar? An leor é mar réiteach, agus mar sin de.
Fiú má fhágtar freagairt ceisteanna as an áireamh, ní athraíonn gné amháin den pholaitíocht riamh.
Is ar an rialtas a bhíonn an fhreagracht i gcónaí. Is cuma cén chúis atá le fadhb, is cuma an raibh an milleán ar aire éigin nó nach raibh, is faoin rialtas a bhíonn sé cinneadh a dhéanamh chun fadhb a réiteach.
Ní athraíonn gné sheasmhach eile den pholaitíocht ach oiread. Bíonn deis de shíor ag ionadaithe an fhreasúra, go deimhin bíonn dualgas orthu, luas agus éifeacht agus maoiniú an réitigh a iniúchadh agus a cháineadh más gá. Ar ndóigh téann siad thar fóir lena gcáineadh go minic ach ní mhaolaíonn a n-áibhéil a ndualgas.
Níl san amchlár thuas ach iarracht simplí cur síos ar an síorbhrú réasúnta (agus míréasúnta uaireanta) a chuirtear ar gach rialtas le linn seisiún Dála, mar a chuirfear arís ón gCéadaoin.
Tarraingeoidh an buiséad ar an 7 Deireadh Fómhair aird thar mhórán ábhar eile sna seachtainí roimhe sin agus ina dhiaidh. Pléifear an ganntanas tithíochta gach seachtain. Cuirfear diancheisteanna faoin moill ar oscailt Ospidéal na Leanaí, mar a chuirfear faoi na geallúintí a thug an Tánaiste Simon Harris do thuismitheoirí páistí a bhfuil scoliosis orthu.
Taobh amuigh de mhórábhair dá leithéid, beidh go leor deiseanna eile ag an bhfreasúra brú a chur ar an rialtas. Mar is léir ón achoimre shamplach seo de mhianach an cheistiúcháin a bheadh acu le dhá mhí anuas murach an Dáil a bheith dorcha agus scéalta mar seo a leanas ag teacht chun solais:
Easpa cumhachta
Tugadh le fios nach dtógfar ionad tionsclaíoch a bhí beartaithe ag Amazon a oscailt i gcontae Bhaile Átha Cliath agus 500 oibrí á n-earcú lena aghaidh. An fáth: ní rabhthas ábalta barántas a thabhairt don chomhlacht go mbeadh dóthain leictreachais ar fáil don togra dá rachfaí chun cinn leis. (25 Iúil)
Gardaí leisciúla
Dúradh i dtuairisc neamhspleách a choimisiúnaigh Coimisinéir an Gharda Síochána nár cheil Gardaí áirithe a bhí i mbun póilíniú bóithre a neamhshuim ina gcuid oibre. (1 Lúnasa)
Ranganna plódaithe
Léirigh figiúirí ón Roinn Oideachais go raibh 43,464 páiste (8.2 faoin gcéad den iomlán) á dteagasc i ranganna bunscoile ina raibh 30 dalta nó níos mó. (6 Lúnasa
Ospidéil phlódaithe
Chaith breis agus 5,500 othar níos mó ama i mbliana in ospidéal ná mar a bhí riachtanach toisc nach raibh seirbhísí ar fáil chun tacú leo sa bhaile. Ina measc bhí 29 othar a chaith sé mhí in ospidéal mar gheall ar easpa seirbhísí de réir figiúirí a foilsíodh san Irish Times. (18 Lúnasa)
Brící lochtacha
D’admhaigh an Roinn Tithíochta nach bhfuil athchóiriú déanta ach ar a seacht faoin gcéad de thithe na ndaoine a loirg deontais faoi Scéim na mBrící Lochtacha – scéim a bunaíodh cúig bliana ó shin. Fágann sin nach ndearnadh an obair fós ar os cionn 2,500 teach a tógadh le brící lochtacha. (21 Lúnasa)
Páistí gan dídean
Thug cuntas na Roinne Tithíochta ar easpa dídine le fios go raibh lóistín éigeandála á chur ar fáil do 5,014 páiste – an chéad uair go raibh líon na bpáistí gan dídean os cionn chúig mhíle – agus go raibh líon iomlán na ndaoine gan dídean méadaithe arís. (29 Lúnasa)
Páistí bochta
Léirigh taighde a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go bhfuil páiste as gach cúigear sa stát i dteaghlaigh ina bhfuil a gcaighdeán maireachtála faoin líne bhochtaineachta. Níl aon dul as ag tuismitheoirí 225,000 páiste ach airgead a chaitheamh agus rogha á déanamh acu idir bia, teas, soilsiú agus éadaigh. (9 Meán Fómhair)
Ar ndóigh bheadh go leor ábhar ar an liosta seo á gcíoradh agus á bplé ar mheáin éagsúla ar feadh cúpla lá dá mbeadh an Dáil ina suí agus brú dosheachanta ar an rialtas faisnéis a sholáthar faoinar tharla agus faoin réiteach atá ar bun nó beartaithe.
Déan talamh slán de go bhfuil cuid de na cúiseanna gearáin thuas á gcíoradh cheana féin ag Teachtaí agus ag taighdeoirí an fhreasúra. Mar atá ag lucht comhairle gach aire féachaint an féidir tinte contúirteacha a mhúchadh nó a mhaolú gan mhoill, go háirithe idir seo agus an 24 Deireadh Fómhair, an lá a dtoghfar an t-uachtarán nua.
Fág freagra ar 'Ní tearc na fadhbanna agus cúiseanna imní a bheidh le plé sa Dáil'